Oileáin agus oileáin eile
On the Edge – Ireland’s off-shore islands: a modern history
Le Diarmaid Ferriter,
Profile Books
An rud is mó a ritheann leat i ndiaidh duit leabhar breá Dhiarmada Ferriter, On the Edge, a léamh ná ‘seanscéal agus meirg air’. Scéal oileáin na hÉireann atá ann, scéal a théann siar go dtí aimsir Bhord na gCeantar Cúng, críochdheighilt agus bunú an tSaorstáit, suas go dtí an lá atá inniu ann.
Tá polaiteoirí luaite nach bhfuil iomrá ná iomrá anois orthu agus tá sciar de pholaiteoirí an lae inniu ann; Cuívo agus Joe McHugh gan ach beirt a lua agus iad ag streachailt leis na fadbhanna ceannann céanna inniu agus a bhí ag cur as d’fhorbairt na n-oileán tá 200 bliain ó shin. (Tá, fosta, cur síos ar Charlie Haughey agus a oileán beag rúnda féin.)
Bhain sliocht amháin gáire dóite asam agus Ferriter ag caint ar chúrsaí bhád farantóireacht chun na n-oileán i nGaillimh agus gearáin an phobail faoi mhífhiúntas na seirbhíse céanna. Aithneoidh duine ar bith a thaobhaíonn na meáin Ghaeilge nach fada ó bhí iaróg i dTír Chonaill faoin tseirbhís báid go hOileán Thoraí. Athrú ná athrú mór is cosúil nár tháinig ar cheist na n-oileánach nó is ionann an cheist i gcónaí; cad é an dóigh le daoine a choinneáil beo ar oileán?
Tá lear mór scéalta faoi Thoraigh sa leabhar seo, faoi Oileáin Árann, faoi na Blascaodaí agus oileáin eile nach mbaineann leis an Ghaeltacht. Is fada polaiteoirí ag plé le ceist na n-oileán. Lá den tsaol, bhain cuid acu sin le Westminster. Faoi chúram pholaiteoirí Theach Laighean agus Stormont ina dhiaidh sin a bhí na hoileáin. Tá cuid acu tréigthe, cuid acu ina n-áitreabh samhraidh amháin agus ar chuid acu, tá pobal ina gcónaí iontu, pobal atá ag iarraidh bheith beo, slí bheatha a shaothrú, páistí a thógáil.
Cuireann Ferriter síos ar a dheacra agus atá sé an méid sin féin a dhéanamh. Cuireann sé i gcuimhne duit an bochtanas, na daoine a chuaigh ar imirce, na daoine a bádh (beidh a cuid féin ag an fharraige) agus na daoine a fuair bás gan dochtúir. Ní seanstair atá i gceist anseo, scéalta as an 19ú haois, ach tubaistí a tharla le cuimhne na ndaoine.
Cuireann sé síos ar chuairteoirí rómánsúla chun na n-oileán, iad sin a bhí ag iarraidh a n-anam ealaíonta a dhéanamh ar an uaigneas ach a raibh sé de rogha acu imeacht leo nuair a bhí a seal istigh san oileán caite acu. Rinne cuid acu sin éacht agus ní dhearna roinnt eile ach cúlchaint agus míchlú a tharraingt aníos ar phobal na n-oileán. I bhfad uainn an t-olc agus t-antraipeolaí!
Scríobhann sé fosta ar na hiarrachtaí, cuid acu macánta agus cuid acu leathmhacánta, a rinne polaiteoirí, feidhmeannaigh agus daoine nach iad leis an dé a choinneáil i bpobail sheanbhunaithe na n-oileán. Oiread chéanna leis na clocha ar tír mór, ní thig le muintir na n-oileán na clocha a ithe.
Is maith mar a chuireann Ferriter síos ar na cuairteoirí cultúrtha a thug cuairt ar oileáin – Synge, lucht déanta scannán, ealaíontóirí mar shampla – agus an tuairim a bhí acu sin ar shaol na n-oileán. Déanann sé tagairt, mar is ceart, do roinnt mhaith leabhar Gaeilge agus is maith scéal scríbhneoirí imeallaithe an phobail imeallaithe a fheiceáil sa chuntas. (Bíodh sin mar atá, is trua nach bhfuil saothar ceannródaíoch dátheangach Ríona Nic Congáil, Agnes O’Farrelly: smaointe ar Árainn/Thoughts on Aran luaite nó nach bhfuil an cúpla líne féin le Máirtín Ó Direáin ann. Cá bhfuil an chaint ar Oileáin Árann nach mbeadh cúpla líne as Stoite mar mhaisiú léi?)
Ina ainneoin sin uilig, leabhar mór fiúntach atá ann, leabhar a chuireann tábhacht na n-oileán i gcuimhne dúinn arís eile.
Fág freagra ar 'Is ionann an cheist i gcónaí – cad é an dóigh le daoine a choinneáil beo ar oileán?'