‘Is í an phairilís an trioblóid atá sa Ghaeltacht seachas an fhírinne’ – Ó Giollagáin

Tugann Conchúir Ó Giollagáin freagra ar anailís Dhonncha Uí Éallaithe ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch

Clúdach-770x385

 

Tá alt Dhonncha Uí Éallaithe ar ghnéithe den Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch míchruinn ar roinnt bealaí, go háirithe i gcás na tairsí inmharthana, an scoithphointe cinniúnach de 67% den phobal a bheith ina gcainteoirí gníomhacha mionteanga. Ar an láimh eile de, tá moladh mór ag dul do Dhonncha as aird an phobail a tharraingt an athuair ar an gceist seo faoin tairseach inmharthana. Is dóigh go nglacfadh Donncha leis go mba réasúnta an mhaise dom iarraidh air tuilleadh fianaise a chur ar fáil sula bhféadfaí plé mar is ceart a dhéanamh ar an argóint atá aige go bhfreagraíonn scoithphointe de 56% den aos óg a bheith ina gcainteoirí gníomhacha do thairseach an phobail trí chéile, 67% den phobal. Ach anailís iomlánaíoch curtha ar fáil aige, cheadófaí na ceisteanna seo a leanas:

  • Cén fháistine a thagann as anailís Dhonncha de réir rátaí beogachta agus eile?
  • Cén difear a dhéanfadh léamh ní ba shuairce Dhonncha nó léamh eile ní ba dhuairce Dhonncha maidir le tuiscint ar inmharthanacht agus fáistine shaolré na Gaeltachta?
  • An dtiocfadh anailís iomlánaíoch Dhonncha (ach a mbeidh sí curtha i láthair aige), leis an mionsonrú náisiúnta, stairiúil, agus idirnáisiúnta ar s-chuar in aistriú teanga, is é sin go dtiteann mionlach teanga thar aill an chreimidh teanga mara mbíonn siad in ann dlús de dhá thrian de phobal limistéarach a chosaint.

Léiríonn an Nuashonrú an dáileadh ar chéatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 3-18 mbliana ar dhá bhealach: (a) i gcás an aoisghrúpa sin ina iomláine agus (b) céatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 3-18 mbliana  nach labhraíonn laistigh den chóras oideachais amháin í.

Bunaítear rangú ar líon na dtoghrann sna catagóirí éagsúla ar dháileadh chéatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge do na rannóga aoise ar fad gan idirdhealú a dhéanamh ar labhairt laethúil na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den chóras scolaíochta, is é sin an bunús le rangú 21 toghroinn i gCatagóir A.

Tá an chomparáid idir céatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 3-18 mbliana nach labhraíonn laistigh den chóras oideachais amháin í agus céatadáin iomlán na gcainteoirí laethúla Gaeilge slán i ngeall go dtugann sé léiriú ar líon coibhneasta na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge i measc an phobail nach bhfuil i dtuilleamaí an chórais scolaíochta amháin – is léir nach labhraíonn móran daoine fásta an Ghaeilge i réimse an oideachais amháin.

Tá míthuiscint in alt Uí Éallaithe ar an tairseach inmharthana de dhá thrian den phobal a bheith ina gcainteoirí gníomhacha. Caithfear é seo a bhunú ar fhaisnéis an phobail ar fad. Ní féidir an tairseach a ísliú agus a bheith ag caint ar idirdhealuithe idir catagóirí ag an am céanna. Mara mbeidh na glúinte ar fad in ann an tairseach sin a shroichint is léir go bhfuil lagan á dhéanamh ar labhairt shóisialta na Gaeilge sna pobail seo.

Léirítear i nósanna Gaeilge na n-óg an bonn a bheidh faoi ghnás an phobail ar ball.

Is cinnte go n-ísleoidh anailís chúlchéimnithe Dhonncha céatadán comparáideach na tairsí cinniúnaí i gcás an aosa óig ó thaobh an choigeartuithe de agus ní mór a admháil go bhfuil an modh oibre sin inchosanta ó thaobh na matamaitice de. Is é an áit a bhfuil an t-amhras i gcomparáid líneach Dhonncha i gcás fhaisnéis na n-óg laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais go n-áitíonn sé go bhfuil scoithphointe nua á nochtadh aige beag beann ar dháileadh iomlán na faisnéise Gaeltachta de réir s-chuar na mionteanga atá ag streachailt le brú an aistrithe teanga ó mhórtheanga.

Ní bhaineann an anailís líneach chúlchéimnithe le hábhar i ngeall go bhfuil dinimicí éagsúla á léiriú sna pobail Ghaeltachta. Níl sraith lom staitisticí á cur i gcomparáid le sraith eile lom. Tá léiriú ar nós iomaíoch idir an Béarla agus an Ghaeilge sa phobal trí chéile; tá nós iomaíoch idir faisnéis na n-óg agus faisnéis na ndaoine fásta; tá nós iomaíoch idir faisnéis na n-óg i gcás na scolaíochta agus a macasamhail lasmuigh den scoil.

Tá léamh Dhonncha Uí Éallaithe ag déanamh amach gur athróg spleách atá i dtairseach an dá thrian agus ag an am céanna gur athróg neamhspleách í athróg na haoise. Níl an cur chuige seo iontaofa ó thaobh na staitisticí de. Baineann tairseach ard le gnás pobail i gceantar mionteanga i ngeall go bhfuil an pobal sin in iomaíocht le mórphobal teanga. Ní mór dlús ard cainteoirí a chosaint má tá an mhionteanga le maireachtáil mar ghnás pobail.

Teastaíonn mais chriticiúil de chainteoirí gníomhacha Gaeilge i gceantar ar leith agus tá fianaise againn go bhfuil líon coibhneasta na gcainteoirí óga ag titim faoi bhun an líne chriticiúil seo. Léirítear an dúshlán seo sa Nuashonrú.

Dá mbeadh dáileadh na gcatagóirí Gaeltachta le bunú ar chéatadáin na gcainteoirí laethúla Gaeilge idir 3-18 mbliana amháin gan idirdhealú a dhéanamh ar labhairt laethúil na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den chóras scolaíochta bheadh 92 toghroinn le rangú i gCatagóir A; mura ndéantar scagadh ar éifeacht na scolaíochta i gcás labhairt na Gaeilge i bpobal is deacair léiriú iontaofa a thabhairt ar inmharthanacht na Gaeilge i gceantar ar leith. Is cinnte go mbeadh Donncha Ó hÉallaithe agus údair an Nuashonraithe ar aon fhocal faoi thábhacht an phointe seo.

Tá léamh Dhonncha Uí Éallaithe ag cur modh oibre páirteach ag obair ar fhaisnéis Chatagóir A amháin. Ní mór a bheith in ann breathnú ar an dáileadh iomlán faisnéise le patrúin agus próifílí a aithint.

Tá Donncha Ó hÉallaithe ag baint leas as modh oibre nach dtugann aird ar impleachtaí codanna eile den Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch. Léiríodh sa tuairisc i 2007 nach labhraíonn ach 24% de na daoine óga i gCatagóir A an Ghaeilge lena gcuid cairde. Sa mbreis air sin, léiríodh san Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach go bhfuil Béarla níos fearr ag cainteoirí óga dúchais na Gaeltachta le hais an chumais atá acu ar an nGaeilge.

 

Fág freagra ar '‘Is í an phairilís an trioblóid atá sa Ghaeltacht seachas an fhírinne’ – Ó Giollagáin'

  • Concubhar

    An féidir le héinne an t-alt thuas a aistriú go Gaeilge atá intuigthe ag an gnath dhuine?

  • Colm MacDonncha

    Ní féidir liom an alt seo a léamh agus aon bhreithiúnas a bhaint as. Is dóigh liom gur cheart eagarthóireacht a dhéanamh ar agus é a scríobh arís i dtéarmaí a thuigeann daoine.
    Tuigim pointe Dhonncha Úi h-Éallaithe agus ba mhaith liom ach an oiread le go leor eile freagra a fháil ar an ceist atá sé a chur. B’fhéídir go bhfuil sé freagraithe anseo , ach má tá, níl mise in ann é a fheiceáil.

  • Páid Ó Donnchú

    Níl aon fhadhb agamsa leis an Ghaeilge san alt. Is ceist casta é, scríofa ag fear léinn atá sásta a chuid argóintí a roinnt agus a phlé le pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta. Is trua nach bhfuil mórán eile cosúil leis

  • Concubhar

    Ní hí an Ghaeilge an deacracht an oiread is an Matamaitic.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ní hionann go minic an teanga scríofa ar ábhar tromchúiseach agus caint an tí tábhairne.

  • Darragh Ó Náraigh

    De réir fhigiúirí Chonchúir, ní labharaíonn ach 24% de dhaoine óga i nGaeltachtaí catagóir A (na Gaeltachtaí is láidre) an Ghaeilge eatharthu féin.

    Sin é préamh na faidhbe dár liomsa. Má tá siad ag Béarlóireacht eatharthu féin lena gcairde, seans mór gur le Béarla a thógfaidh siad a gclann.

    Anois, más féidir linn móramh de dhaoine óga na Gaeltachta a chur ag labhairt na Gaeilge eatharthu féin lasmuigh den scoil agus nuair nach bhfuil aon daoine fásta thart timpeall orthu (ie. í a labhairt as a stuaim féin), beidh an Ghaeltacht slán.

    Chun breithiúnas a dhéanamh ar cé chomh sábhalta is atá an Ghaeltacht agus céard atá i ndán di, is fiú féachaint ar an ngliúin óg, toisc gurb iad siúd an todhcaí.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is cosúil go gcaithfeá an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch seo a léamh sula dtig ciall a bhaint as an dá alt seo. Ach an bhfuil an gnáthdhuine sa Ghaeltacht fá choinne a leithéid seo a léamh? Nó an bhfuil duine ar bith sa státsheirbhís nó sa rialtas fá choinne súil a chaitheamh air?…