‘Is don bhliain ar fad í an Ghaeilge – ní i gcóir Lá ‘le Pádraig amháin’ – lucht feachtais aifreann

Tá dóchas ag feachtasóirí ar son aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu, ach tá fainic curtha acu ar údaráis na heaglaise nach leor aifreann Gaeilge amháin sa bhliain

‘Is don bhliain ar fad í an Ghaeilge – ní i gcóir Lá ‘le Pádraig amháin’ – lucht feachtais aifreann

Tá an dream atá ag éileamh aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire ag súil go bhfuil dul chun cinn i ndán dá bhfeachtas i ndiaidh don sagart paróiste atá i lár na conspóide a chur in iúl dóibh go mbeidh aifreann Gaeilge ann Lá Fhéile Pádraig.

Ach tá fainic curtha ag lucht an fheachtais ar údaráis na heaglaise nach leor aifreann Gaeilge amháin sa bhliain mar “mhaisiúchán cultúrtha” agus Gaeilgeoirí á gcur “ó dhoras” gach Domhnach eile.

“Is don bhliain ar fad í an Ghaeilge – ní i gcóir Lá ‘le Pádraig amháin,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an grúpa ar maidin.

Tá lucht an fheachtais agus údaráis na heaglaise in adharca a chéile ó chuir an Sagart Paróiste Paul Kenny stop leis an aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire i samhradh na bliana 2017.

D’eagraigh na feachtasóirí agóid an mhí seo caite ag Coláiste na Croise Naofa i nDroim Conrach toisc, a dúradh, nár thug an sagart paróiste an tAthair Paul Kenny ná Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, an Dr Diarmuid Martin, aird ar bith ar na litreacha agus na hachainíocha go léir a bhí seolta acu chucu ó cuireadh stop leis an Aifreann Gaeilge ina mbíodh ceoltóirí agus cór páirteach.

Ba é buille maraithe na muice don ghrúpa feachtais, a dúirt siad, ná nuair a chonaic siad ainm an Athar Paul Kenny luaite mar eagarthóir ar an bhfoilseachán Gaeilge nua Canaimis – Ceol don Aifreann

Ach tá dóchas ag na feachtasóirí anois go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh acu ó tharla go bhfuair siad freagra ar litir a chuir siad chuig an Athair Kenny ag fiafraí de an mbeadh aifreann Gaeilge i nDún Laoghaire Lá Fhéile Pádraig agus dá mbeadh an mbeadh cead acu a bheith ag amhrán agus ag ceol ann.

Dúirt an tAthair Kenny go mbeadh.

Dúirt Pauline Uí Argáin, stiúrthóir Cór Phobal Aifreann Dhún Laoghaire, gurb é seo an chéad uair ag an Athair Kenny teagmháil a bheith aige leo ó thosaigh an chonspóid.

“Tá sé suntasach gurbh é seo an chéad uair ó cuireadh deireadh leis an Aifreann Gaeilge gur thug an tAthair Kenny freagra ar aon chumarsáid ó Phobal an Aifreann Gaeilge faoi cheist an Aifrinn.  

“Tá súil ag Pobal an Aifrinn anois go rachaidh an tAthair Kenny níos faide agus go mbuailfidh sé linn chun ceist an Aifrinn a phlé, rud nach bhfuil tarlaithe ó cuireadh deireadh leis an Aifreann Gaeilge breis agus bliain go leith ó shin.”

Tá litir eile curtha ag an ngrúpa anois chuig an Athair Kenny ag tabhairt cuireadh dó bualadh leo agus leis an eadránaí atá ceaptha ag an Ardeaspag Diarmuid Martin ar mhaithe le fuascailt a fháil ar aighneas an aifrinn.

Dúirt Bríd Nic Shamhráin, duine eile de lucht an fheachtais gur cruthúnas an t-aifreann atá beartaithe Lá Fhéile Pádraig  “nach bhfuil bac ar bith ar Aifreann seachtainiúil Gaeilge i nDún Laoghaire”.  

“Más féidir le ceann den trí Aifreann sa séipéal a bheith i nGaeilge ar Lá ‘le Pádraig, is féidir le ceann den trí Aifreann a bheith i nGaeilge gach Domhnach.  Tá an bheirt sagart sa pharóiste inniúil ar an Aifreann a rá i nGaeilge.”

Bhí Pádraig Ó Cearbhaill, ball eile de Phobal an Aifrinn, ag súil go bhféadfaí teacht ar réiteach ar an aighneas, ach dúirt sé go gcaithfí a thuiscint nach mar “mhaisiúchán cultúrtha” uair sa bhliain a theastaigh aifreann Gaeilge.

“Más céim i dtreo réitigh ar agóid an Aifrinn Ghaeilge í seo caithfear fáiltiú roimhe.  Ach níor mhaith linn go mbeadh na Gaeilgeoirí á ligean isteach sa séipéal ar an bhFéile Náisiúnta agus á gcur ó dhoras an chuid eile den bhliain.  Is teanga bheo dúinne í an Ghaeilge, agus ní saghas maisiúcháin chultúrtha le tógaint amach uair in aghaidh na bliana.” 

Fág freagra ar '‘Is don bhliain ar fad í an Ghaeilge – ní i gcóir Lá ‘le Pádraig amháin’ – lucht feachtais aifreann'