Is cuma le lucht an Bhreatimeachta chrua faoin teorainn

Níl daoine san oileán béal dorais chomh tógtha linn agus ba mhaith le haontachtaithe

Is cuma le lucht an Bhreatimeachta chrua faoin teorainn

Cén fáth a bhfuilimid ag ligint don ngiolla a bheith ina mháistir, arsa Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Ríochta Aontaithe is é ag tagairt do cheist na teorann in Éirinn. Nuair a sceitheadh an chaint a rinne Boris Johnson ag ócáid i Londain le déanaí ní raibh de chosaint ag a chomhbhádóirí air ach gur ócáid phríobháideach a bhí ann agus gurbh éagóir é an taifead a sceitheadh.

Leide, dá mba ghá a leithéid, gur beag suim atá ag an eite sin de na Tóraithe i leas Thuaisceart Éireann. Tugann siad tosaíocht don Bhreatimeacht thar gach cúis eile, cor a chaithfidh an Príomh-Aire Theresa May a chur san áireamh ag an gcruinniú speisialta den chomhaireacht Dé hAoine. Dúirt Uimhir 10 Sráid Downing gur cruinniú cinniúnach a bheadh sa teacht le chéile i Chequers roimh Pháipéar Bán an rialtais.

Níl polaiteoirí ar nós Johnson, Rees Mogg agus a gcairde gan tacaíocht. A mhalairt ata fíor de réir pobalbhreithe a foilsíodh le gairid. Thagair an colún seo ar an 24 Meitheamh do Brexit, the Border and the Union pobalbhreith a choimisiúnaigh an Tiarna Michael Ashcroft, iarchisteoir an pháirtí Chaomhaigh. Chomh maith leis na torthaí a pléadh sa cholún sin fuarthas amach gur mó béim a chuir móramh de vótóirí a thacaigh leis an mBreatimeacht ar an Aontas Custaim a fhágáil ná teorainn chrua a sheachaint in Éirinn.

I Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag dúirt dhá thrian díobh sin a vótáil leis an Aontas Eorpach a fhágáil agus a ghlac páirt sa suirbhé go raibh imeacht as Aontas Custaim an AE níos tábhachtaí ná an teorainn. Ina theannta sin, nuair a chuir an suirbhé an cheist cé acu ba thábhachtaí (teorainn chrua a sheachaint nó an tAontas Custaim a fhágáil), dúirt seisear as gach deichniúr gur chuma leo. Ba chuma le dhá thrian díobh freisin faoin stádas céanna a bheith ag Tuaisceart Éireann leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe i ndiaidh an Bhreatimeachta. Bhí trian acu den bharúil gurbh fiú stádas difriúil a bheith ag Tuaisceart Éireann dá bhfaighfí margadh maith dá bharr.

Go bunúsach níl daoine san oileán béal dorais chomh tógtha linn agus ba mhaith le haontachtaithe. Bhuail an DUP le Theresa May i Londain Dé Luain. I ndiaidh an chruinnithe, dúirt Nigel Dodds (agus Arlene Foster ag seasamh lena ais ag claonadh a cinn) nach dtabharfaidís cead a chinn d’éinne agus nár thug don Phríomh-Aire. Tá siad diongbháilte go gcaithfidh an stádas céanna leis an mBreatain Mhór a bheith ag an Tuaisceart. An féidir an mheabhair a bhaint as sin go n-éireoidís as a dtacaíocht do rialtas May le dhul sa seans ar Jeremy Corbyn mar Phríomh-Aire? Bhí Tóraithe sinsearacha ag bagairt ar Jacob Rees Mogg agus a dheisceabail gan an rialtas a chur i mbaol mar gheall ar an mBreatimeacht an-chrua, ach níor léir gurbh í an teorainn an chloch ba mhó ar a bpaidrín.

Is minic polaiteoirí in Westminster ag maíomh go ndéantar áibhéil in Éirinn thuaidh agus theas faoin gcontúirt a bhainfeadh le hinfreastruchtúr cois teorann nó le seiceáil dhigiteach. Dhearbhaigh suirbhé Ashcroft go raibh an bharúil sin forleathan. B’fhiú dóibh an t-eolas atá bailithe ag tionscnamh idir-ollscoileanna abhus a scrúdú.

Comhthogra idir scoláirí as Ollscoil na Banríona agus Ollscoil Uladh is ea BrexitlawNI, atá maoinithe ag an ESRC (Economic and Social Research Council). Sheol siad tuairisc ar éisteachtaí agus cruinnithe poiblí ina bhfuair siad tuairimí an phobail faoin mBreatimeacht. Mar atá cloiste go minic cheana bhí an pobal fré chéile buartha agus eaglach; faitíos ar dhaoine faoina bhfuil i ndán do phróiseas na síochána, don eacnamaíocht, don ilchultúrachas agus, i gcás aontachtaithe, don spreagadh a thug an Breatimeacht don fheachtas le haghaidh reifreann faoin teorainn agus Éire aontaithe. Bhain frustrachas mór leis an éiginnteacht, a dúradar.

Rinne siad obair as an gcoitiantacht nuair a bhailigh siad tuairimí ó easaontóirí poblachtacha agus ó dhílseoirí. Údar mór imní iad na tuairimí sin.

Bhí fearg ar dhílseoirí, a dúirt na taighdeoirí, i ngeall ar an díospóireacht nua faoin teorainn. Bhí guagacht le brath ina measc agus dornán ag bagairt go gcuirfí a míshástacht in iúl ag tinte cnámh na seachtaine chugainn.

Maidir leis na heasaontóirí poblachtacha bhí siad feargach faoi ‘athchoilíniú’ a bheith ar siúl ag an mBreatain agus iad, dar leo ag brú athruithe ar vótáil móramh abhus ina n-aghaidh. Ar an láimh eile, dúirt siad leis na taighdeoirí gur ‘tíolacadh ó Dhia’ é an Breatimeacht a mhéadaigh earcaíocht dóibh. Bhagair siad go ndéanfadh siad infreastruchtúr de chineál ar bith ar an teorainn agus ar aon phóilíní a bheadh ar dualgas ansin a áireamh mar thargaidí.

Ní heol cén cumas a bheadh ag na heasaontóirí chun an foréigean sin a chur i gcrích ach ní féidir neamhshuim a dhéanamh den chontúirt, fiú má cheapann Tóraithe mór le rá nach bhfuil ann ach glafarnach.

Fág freagra ar 'Is cuma le lucht an Bhreatimeachta chrua faoin teorainn'

  • Lillis Ó Laoire

    Má bhíonn Canary Wharf II acu, beidh sé rómhall ansin. Nach gasta a ní daoine dearmad de na huafáis.