‘Is cuma faoi bhur bpian – déanfaidh sinne ár rogha féin’

Bille oidhreachta - an difríocht idir cur chuige na dTóraithe i Sasana agus i dTuaisceart Éireann follasach, náireach

‘Is cuma faoi bhur bpian – déanfaidh sinne ár rogha féin’

Tá siad gan náire. Rialtas ar leathchois ag tabhairt an chluas bhodhar do gach éinne nach réitíonn lena bplean mallaithe, go háirithe íobartaigh na dTrioblóidí. B’fhearr leo dornán de bhaill nó iarbhaill d’fhórsaí stáit a chosaint ó fhiosrú agus cúiseamh ná iarracht ar an gceart a sholáthar.

Ní raibh údarás morálta ag an mBille Oidhreachta agus Athmhuintearais ariamh ach Dé Mairt seo caite vótáil 292 feisire Caomhach sa Pharlaimint in Westminster in aghaidh 200 chun iarracht a rinneadh lena fheabhsú a chur ar ceal.

Thacaigh an móramh sin le moladh Chris Heaton-Harris, Státrúnaí Thuaisceart Éireann thar ceann an rialtais go gcuirfí an díolúine ó chúiseamh do chiontóirí ar ais sa mBille. Bhí an tsaoirse ó chúiseamh bainte as an dréachtreachtaíocht ag Teach na dTiarnaí.

Ba é an t-aon léas faoisimh ón reachtaíocht chonspóideach nárbh fhéidir í a achtú roimh shos Parlaiminte an tsamhraidh. Ó tharla gur cuireadh leasuithe na dTiarnaí ar ceal ní mór an bille a chur faoi bhráid Theach na dTiarnaí arís.

Shíl an rialtas go bhféadfaí é sin a dhéanamh Dé Céadaoin agus go mbeadh deis ansin ag Teach na bhFeisirí bailchríoch a chur ar an obair Déardaoin. Ní bheadh le déanamh ansin ach séala an Rí Séarlas a fháil. Bhí na Tiarnaí gafa le billí eile, áfach agus dá réir caithfear fanacht go dtí Meán Fómhair.

D’iarr urlabhraí an Lucht Oibre, Peter Kyle ar na Tóraithe an t-am sin a thógáil chun athmhachnamh a dhéanamh agus éirí as an bplean. D’fhreagair an Státrúnaí go gcuirfear an bille ar bhonn reachtúil sa bhfómhar d’ainneoin moill a bheith curtha air ag cluichí polaitiúla an Lucht Oibre. Mhaígh sé go gcuirfeadh an reachtaíocht freagraí agus an chóir ar fáil.

Faisnéis agus an chóir? Cé dó? Tá gach eagraíocht íobartach, gach páirtí polaitíochta in Éirinn thuaidh agus theas, an Teach Bán, na Náisiúin Aontaithe, maille le heagraíochta cearta san Eoraip agus sa bhaile in éadan na reachtaíochta a chuirfidh deireadh le hionchoisní, le cásanna sibhialta agus nach gceadóidh fiosruithe a bheadh ar comhchaighdeán le fiosrú coiriúil.

Baileofar faisnéis uathu sin a bheidh toilteanach í a roinnt agus beidh díolúine ó chúiseamh le fáil ag ciontóir a inseoidh an fhírinne. I bhfianaise gach a bhfuil feicthe go dtí seo ó na paraimíleataigh agus na húdaráis mhíleata, ba shoineanta an duine a cheapfadh go mbeadh fonn faoistine orthu.

“Feall suarach, uafásach ar mhuintir an Tuaiscirt” a thug Nuala O’Loan ar an mbille i ndiaidh vóta na Parlaiminte an tseachtain seo. Ní duine frithbhunaíochta í Nuala O’Loan, iar-Ombudsman na bPóilíní agus Banbharún i dTeach na dTiarnaí. Níor chuir sí fiacail ina cáineadh.

Tharraing sí aird ar leith ar an gcodarsnacht idir cur chuige an rialtais maidir le marú i 1987 i Sasana agus íobartaigh na dTrioblóidí. Dé Céadaoin nuair a bhí an Bille Oidhreachta & Athmhuintearais á sheoladh ar ais ag na Tiarnaí, d’fhógair Coimisinéir an Met, póilíní Londan, Sir Mark Rowley, botúin agus éilliú a fhórsa ina bhfiosrú lochtach ar dhúnmharú Daniel Morgan, bleachtaire príobháideach, i 1987.

Ghabh sé leithscéal gan choinníoll le muintir Morgan agus d’fhógair go n-íocfar cúiteamh leo. Bhí Nuala O’Loan ina cathaoirleach ar fhiosrú neamhspleách faoin dúnmharú sin a mhol in 2021 go ngabhfaí leithscéal gan choinníoll; rinne siad moltaí eile nár glacadh leo ach d’fháiltigh sí roimh admhálacha na bpóilíní agus an cúiteamh.

Dá dhonacht é, ar a laghad fuair an teaghlach leithscéal agus cúiteamh, a dúirt sí ar BBC Raidió Uladh. Ní bhfaighidh íobartaigh na dTrioblóidí a leithéid, ar sí. ‘Ní bhfaighidh siad fiosrú neamhspleách mar a rinne muidne ar mharú Daniel Morgan. Ní bhfaighidh siad cúiteamh ón rialtas. Ní bhfaighidh siad fiosruithe coiriúla. Ní bhfaighidh siad ionchoisní. Tá siad sin go léir á gceilt ar mhuintir an Tuaiscirt.’

Ba dheacair sampla níos gléiní a fháil den idirdhealú atá á dhéanamh ag na Caomhaigh idir daoine a d’fhulaing thall agus pobal Thuaisceart Éireann, maille le gach duine a gortaíodh nó ar maraíodh a muintir le linn na dTrioblóidí. Níor dúradh ‘Is cuma linn faoi bhur bpian, bhur gcearta agus an chóir, tá ár gcúrsa féin againne’ ach sin é a chuala íobartaigh.

Fág freagra ar '‘Is cuma faoi bhur bpian – déanfaidh sinne ár rogha féin’'

  • Aonghus

    MO na himpireachta agus cruthúnas gur chóilíneacht, seachas dlúthpháirt den ríocht aontaithe, é tuaisceart Éireann mar nach dtarlódh seo go brách sa mBreatain Mhór.