Is beag seans ar bheart dearfach faoin tuaisceart ó Boris Johnson ná aon duine eile acu…

Tá an saol ag éirí sách corrach agus ní cosúil gur cabhair ar bith a bheidh i gcéad cheannaire eile na Breataine

Is beag seans ar bheart dearfach faoin tuaisceart ó Boris Johnson ná aon duine eile acu…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Príomh-Chonstábla nua ar an PSNI. Ombudsman na bPóilíní nua. Príomh-Aire nua sa Bhreatain, margadh nua leis an DUP nó, dá uireasa sin, olltoghchán. Tá na hathruithe seo ag druidim linn fad is atá próiseas íogair cainteanna ar siúl in Stormont, easaontóirí poblachtacha ag éirí níos gníomhaí ná mar a bhí siad le tamall agus muinín an phobail náisiúnaigh san PSNI ag feo.

Beidh a fhios ag am lóin Déardaoin cé hiad na hiarrthóirí a gheobhaidh tacaíocht ó mhóramh sa pháirtí Parlaiminteach san chéad dreas vótála do cheannaireacht na gCaomhach. Ba bheag údar dóchais a bhí ag daoine i dTuaisceart Éireann as an liosta ainmneacha a cuireadh sa hata Dé Luain.

Níl tuairim ag daoine céard a chreideann rogha na coitiantachta Boris Johnson, nó an bhfuil aon phrionsabal docht aige. Is cosúil go nglacfadh sé le Breatimeacht gan mhargadh – tubaiste do Thuaisceart Éireann. Rinne sé beag is fiú de cheist na teorann, ag rá faoin gcúlstad go raibh sé dochreidte gur ligeadh don ghiolla, an teorainn, a bheith ina mháistir ar Londain. Níor nocht sé suim ar bith sna cainteanna in Stormont ach tá sé ag cuimilt meala leis an DUP le tamall.

Dúirt Michael Gove, atá i dtrioblóid faoi dhruga mídhleathach a thógáil fadó, go nglacfadh sé féin páirt sna cainteanna in Stormont dá dtoghfaí é agus bhain sé siar as daoine nuair a mhol sé Karen Bradley as a cumas mar Státrúnaí. Scríobh Gove paimfléad naoi mbliana déag ó shin ag ionsaí Chomhaontú Aoine an Chéasta mar ghéilleadh don IRA.

Ba cheart cead a gcinn a bheith tugtha  don SAS, a dúirt sé. Ach an oiread le bheith ag caitheamh cócaoin, seans go bhfuil aiféala air faoin ráiteas sin anois.

Tá an Státrúnaí Gnóthaí Eachtracha Jeremy Hunt ag teacht i dtír ar dheacrachtaí Gove, más fíor. Bunaithe ar chomhrá a bhí aige le Seansailéir Merkel na Gearmáine mhaígh Hunt gur féidir a dhul i mbun idirghabhála leis an Aontas Eorpach an athuair agus fáil réidh leis an gcúlstad. Ina theannta sin teastaíonn uaidh ról a thabhairt don DUP ar mheitheal margála na Ríochta Aontaithe leis an AE. Más eol dó go bhfuil móramh abhus in aghaidh an Bhreatimeachta agus gan a nglór le clos, ní léir gur cás leis é.

As an seachtar iarrthóirí eile is é Rory Stewart, a thug cuairt ar an tuaisceart an tseachtain seo caite, an t-aon duine a sheasann le margadh Theresa May. Mhol sé don pháirtí éirí as an gcur i gcéill. Deirtear nach bhfuil seans ar bith aige.

Breatimeacht ‘eagraithe’ atá ó Andrea Leadsom, duine den bheirt bhan sa rás. Mhol sí cruinniú mullaigh idir an tAE agus an Ríocht Aontaithe i mBéal Feirste sa bhfómhar chun an Breatimeacht a bhainistiú. Teastaíonn ó Sajid Javid airgead a thabhairt d’Éirinn chun teorainn ‘theicneolaíoch’ a reáchtáil. Tá beirt eile, Matt Hancock agus Mark Harper, ag iarraidh teorainn ama a chur ar an gcúlstad agus an teicneolaíocht a úsáid chun ceist na teorann a fhuascailt.

Tá an dara bean Esther McVey dubh dóite in aghaidh an chúlstad agus in aghaidh na hathmhargála. ‘Ullmhaigh d’imeacht gan mhargadh,’ ar sí. Agus tá iarStátrúnaí an Bhreatimeachta, Dominic Raab, a bhfuil droch-chaidreamh idir é féin agus rialtas na hÉireann, bréan den Ríocht Aontaithe a bheith ‘á huirísliú’. Sin é an fear a d’admhaigh ag Coiste Parlaiminte de chuid Thuaisceart Éireann nach raibh Comhaontú Aoine an Chéasta léite aige.

Ní raibh Raab ina aonar de réir cosúlachta. Is beag cúis a bheadh ag éinne a bheith ag dréim le beart dearfach faoin tuaisceart ó na hiarrthóirí is mó a bhfuil geall orthu. Chomh maith leis an nguagacht i measc na gCaomhach agus i rialtas na Breataine, agus an bhuairt faoi thionchar eacnamaíochta, sóisialta agus slándála an Bhreatimeachta, is údar imní freisin an dúshlán don phóilíneacht.

Fógraíodh ag deireadh na seachtaine go raibh Príomh-Chonstábla an PSNI, George Hamilton le gradam ridire a fháil. Faoin am a dtabharfaidh duine den teaghlach ríoga buille den chlaíomh sa ghualainn dó beidh sé éirithe as an bpost fíorthábhachtach a bhí aige le cúig bliana agus beidh Simon Byrne ina Phríomh-Chonstábla ar an PSNI.

Bhí Hamilton faoi bhrú le tamall; bhí sé míshásta gur thit fiosruithe stairiúla ar an PSNI mar gur theip ar na polaiteoirí logánta agus ar an dá rialtas córas a bhunú chun déileáil le hoidhreacht na dTrioblóidí. Cáineadh an PSNI as láimhseáil an ualaigh. Thairis sin, rinne an cás faoi ghéarleanúint ar na hiriseoirí Trevor Birney agus Barry McCaffrey i dtaobh No Stone Unturned, a scannán maidir le siléig na bpóilíní sa bhfiosrú faoi shléacht Loch an Oileáin, dochar do cháil Hamilton. Níos tromchúisí, rinne sé dochar don PSNI ó mheas a lán gur mhó fonn a bhí ar phóilíní a dhul sa tóir ar iriseoirí ná ar na fir ghunna ón UVF a mharaigh seisear san uafás. Chothaigh an cás teannas idir an PSNI agus Ombudsman na bPóilíní freisin ó bhíothas in amhras gur úsáid na póilíní an deis chun a dhul sa tóir ar lucht a bhfiosraithe.

É sin ar fad tráth a bhfuil na heasaontóirí poblachtacha, an tIRA Nua, ag treisiú ar a bhfeachtas, muinín san PSNI ag meath, Príomh-Chonstabla nua agus Ombudsman nua ag dul i mbun oibre go gairid. Saol sách corrach.

Fág freagra ar 'Is beag seans ar bheart dearfach faoin tuaisceart ó Boris Johnson ná aon duine eile acu…'