Is beag a dhéanfaidh a stádas UNESCO do scaipeadh dhea-scéal na hiomána ag baile

Tá seoid de chluiche againn ach caithfear é a fhorbairt agus a láidriú sa bhaile ar dtús, roimh aon áit eile ar domhan

Is beag a dhéanfaidh a stádas UNESCO do scaipeadh dhea-scéal na hiomána ag baile

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

I ndiaidh dom Hurlers leis an staraí Paul Rouse a léamh le déanaí ba shoiléire ná riamh dom nach raibh borradh nó fás tagtha ar  líon na gcontaetha a bhíonn ag imirt cluiche ársa na hiománaíocht ón am ar bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael. Níl aon dabht ach go bhfuil sí á himirt ar ardchaighdeán i roinnt bheag contaetha, ach níl sí á himirt go forleathan timpeall na tíre.

Thuigfeá an gearán a bhí ag imreoirí, bainisteoirí agus lucht leanta na fuinseoige faoi na turasanna thar lear a bhí ann le déanaí go Meiriceá agus an Astráil Cur amú airgid a bhí ann, a dúirt cuid acu. Nach mbeadh sé i bhfad níos fearr agus níos ciallmhaire an t-airgead a chaitheamh sna contaetha atá ag déanamh iarracht an iománaíocht a fhorbairt, ar siad. Dar ndóigh tá chuid mhaith den fhírinne ansin.

Ansin an tseachtain seo caite, tháinig an scéala go bhfuil cluiche na hiomána áirithe ag UNESCO mar chuid d’Oidhreacht

Chultúrtha Dholáimhsithe an Domhain, stádas a aithníonn gur dlúthchuid d’oidhreacht bheo na tíre í. 

Ach cad is brí leis sin nó cén leas a dhéanfaidh sé don spórt? An gcuirfidh sé lena fhás? Tá daoine i measc riarthóirí CLG ag maíomh go bhfuil an cluiche á imirt ar fud an domhain anois agus go bhfuil an tsuim atá ag daoine thar lear san iomáint ag fás. Ach tuigeann an chuid is mó de na daoine is bródúla atá as an iománaíocht agus is mó atá ag saothrú ar son a cosanta nach bhfuil sí láidir ach i ndornán beag contaetha. Cinnte tá scéal na hiomána á scaipeadh timpeall an domhain agus tá a fhios againn go bhfuil sí á himirt anois sna háiteanna sin ina bhfuil Gaeil lonnaithe. Ach conas a chuirfidh an t-aitheantas seo ó UNESCO borradh faoin gcluiche? Bhuel, is dócha nach ndéanfaidh sé mórán. Caithfear an obair sin a dhéanamh sa bhaile agus tá dualgas ar CLG ceannaireacht a thabhairt agus an eagraíocht agus an t-airgead atá ag teastáil chuige sin a sholáthar.

Agus an píosa seo á scríobh agam, tháinig eagrán an gheimhridh den irisleabhar The Green and White isteach an doras. Seo iris d’óige chontae Luimnigh a leanann na cluichí. Ta sé ar an bhfód le níos mó ná fiche bliain agus é dírithe ar obair Chumann na mBunscoil sa chontae. Joe Lyons agus Ciarán Crowe, múinteoirí beirt, na laochra atá taobh thiar den iris iontach, dhathúil, bhríomhar lán nuachta seo. Nuair a bhíos féin ag obair le hiománaithe Luimnigh tamall de bhlianta ó shin bhuaileas leis an mbeirt minic go leor agus bhíos tógtha i gcónaí leis an dáiríreacht a léirigh siad i dtaobh na hiomána agus lena n-iarrachtaí an dea-scéal a scaipeadh ar fud an chontae. Coimeádann siad obair iontach mhúinteoirí an chontae i mbéal an phobail. Lyons agus Crowe, agus mórán Éireann eile nach iad, atá ag coimeád na gcluichí beo sna contaetha nach mbuann mórán fad is a bhaineann sé le craobhacha sinsir. Is ó dhaoine dá leithéidí atá tacaíocht ag teastáil. Ó thaobh na hiománaíochta de, ba cheart do CLG níos mó airgid, cúnaimh agus tacaíochta a thabhairt do na daoine iontacha fud fad na tíre atá ag déanamh a seacht ndícheall an cluiche ársa a choimeád beo.

Cinnte tá seoid de chluiche againn ach caithfear é a fhorbairt agus a láidriú sa bhaile ar dtús, roimh aon áit eile ar domhan.

Fág freagra ar 'Is beag a dhéanfaidh a stádas UNESCO do scaipeadh dhea-scéal na hiomána ag baile'