Is cosúil go bhfuil an ghaoth imithe as seolta na n-agóidí san Iaráin, is go bhfuil deireadh ag teacht leis na círéibeacha – agus leis an marú. Ní mór fáilte a chur roimhe sin.
Ag an am céanna níl cás na hIaráine chomh simplí is a thuigfeadh muid ó na meáin in Éirinn. Sea, tá rialtas tiarnúil cliarlathach ann, atá sásta an lámh láidir a úsáid in aghaidh éinne a sheasann amach in aghaidh an réimis.
Ach is réimeas é nach n-umhlaíonn roimh aon tír eachtrannach – bíodh Meiriceá, nó Iosrael nó aon dream eile i gceist.
Agus sin iad an dá thaobh den scéal, mar a mhínigh an páirtí Tudeh, páirtí cumannach na tíre atá faoi chois san Iaráin. Sa gcéad áit, deir Tudeh “nach é impiriúlachas Mheiriceá a spreag na trioblóidí, ach gur toradh díreach iad ar bheartais eacnamaíocha an chórais atá i réim, agus ar an éilliú, an éiginnteacht eacnamaíochta, agus an t‑ansmacht forleathan a chuir ceannairí an réimis agus a gcomhghuaillithe i bhfeidhm ar an náisiún”.
Ach ansin tugann Tudeh rabhadh gan géilleadh do bholscaireacht an impiriúlachais ach an oiread. “Ní féidir na sruthanna agus na fórsaí a chuireann a muinín i riarachán leath-fhaisisteach Trump agus i rialtas díothaitheach Iosrael chun ‘an Iaráin a shaoradh’ a mheas go réalaíoch mar cairde na hIaráine.”
Agus deir siad gurb é “an t‑aon bhealach ar aghaidh ón gcruachás seo ná trí cheannasaíocht an phobail a gceart chun a dtodhchaí féin a roghnú a chur chun cinn… Ní bhaineann an bealach seo le deachtóirí inmheánacha ná le cogadh agus spleáchas ar chumhachtaí eachtracha.”
Tá páirtithe eile ann ar ndóigh, páirtithe nach n-aontódh le hanailís Tudeh, ach i bhfianaise a bhfuil ar eolas againn faoi Trump agus faoi Iosrael ní féidir glacadh leis gurb é an daonlathais agus cearta daonna atá atá ag déanamh imní don dá réimeas sin.
Ar ndóigh, is í an ghéarchéim eacnamaíochta a spreag an cheannairc. Ach is iad na smachtbhannaí a chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá ar an Iaráin is údar leis na ngéarchéim chéanna.
Agus féach ról Iosrael. Tá fianaise ann gur chabhraigh Iosrael go mór leis an gceannairc, agus gur chuir siad airgead is uirlisí cumarsáide ar fáil, uirlisí a cuireadh ó mhaith trí bhac ar an idirlíon.
Tá fianaise níos soiléire ann gur bhagair Meiriceá ionradh nó foréigean de chineál in aghaidh na hIaráine, is gur mhol siad Reza Pahlaví, mac an rí, mar ‘cheannaire’. Cé hiadsan go deimhin le ceannaire a roghnú don Iaráin? Nach é gnó mhuintir na hIaráine é?
Agus anois tá Trump ag bagairt go gcuirfidh sé tuilleadh smachtbhannaí ar an Iaráin, in ainneoin gurbh iad na smachtbhannaí a chruthaigh an ghéarchéim eacnamaíochta. An chun leas an phobail é seo, nó an cuid de phlean Mheiriceá é athrú réimis a bhaint amach is puipéad dá gcuid a chur i gcumhacht?
Ní gá réimeas rachmasach nach dtugann aird iomlán ar chearta ban a chosaint le cur i gcoinne iarracht an Iarthair an Iaráin a scrios. Ná déanaimis dearmad go seasann an Iaráin go dlúth leis an bPalaistín agus leis an Liobáin. Agus ba iad a d’aithin stádas Bobby Sands mar laoch nuair a thug siad ainm an duine uasail sin ar an tsráid ina bhfuil ambasáid na Breataine lonnaithe.
Maidir le cearta ban, ámh, is fiú a aithint go bhfuil cumas litearthachta ag os cionn 98% de mhná is gur mná iad 70% de chéimithe STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht is mata).
Bá mhaith liomsa stát fíor-dhaonlathach a fheiceáil san Iaráin, ach ní theastaíonn uaim go mbeadh Meiriceá i gceannas air, nó Iosrael. Sa chomhthéacs sin, cén fáth go raibh bratacha Iosrael le feiceáil ag agóidí a bhí in ainm is a bheith ar son na hIaráine? An dlúthpháirtíocht le hIosrael nó leis an Iaráin a bhí á léiriú i ndáiríre?
Ag deireadh thiar is gnó do mhuintir na hIaráine, is do mhuintir na tíre sin amháin, a rá cén cineál réimis ba mhaith leo, beag beann ar thír eachtrannach ar bith, is beag beann ar na luachanna bréagacha a mbítear ag caint orthu i dtíortha an iarthair.
Bíodh muid ag seasamh le hiarrachtaí an phobail a gcuid fadhbanna a réiteach iad féin, is má tá athruithe ag teastáil – agus creidimse go bhfuil – seasaimis le muintir na hIaráine san iarracht sin, ach cuirimis in aghaidh aon chur isteach ón taobh amuigh.
Donncha O hEallaithe
Agus an nglacann tú leis, a Eoin, ar an gcaoi céanna gur ag muintir na hUcráine amháin atá an ceart ‘cúrsaí a dtíre a reachtáil’?
WTF
Is dócha go bhfuil lúcháir ar Eoin inniu toisc gur thug Trump cuireadh do Putin bheith mar bhall den Bhord Síochána atá á bhunú aige.
B’fhéidir go mbronnfaidh sé an bonn Nobel air freisin!
An tSean Commie Bocht
An ceart ar fad ag Eoin. Is ag muintir gach tír atá an ceart a cúrsaí fhéin a riaradh. Ó, fan soicind…..
An tSean Commie Bocht
Táimid ar fad cothrom lena Chéile
Arsa an tsean Commie Bocht
Táimid ar fad cothrom lena Chéile
Arsa an tsean Commie Bocht
Táimid ar fad cothrom lena Chéile
Ach cuid again níos cothroime ná a Chéile
Táimid ar fad cothrom lena Chéile
Arsa an tSean Commie Bocht
Tá sé de cheart ag chuile tír
Arsa an sean Commie Bocht
A rialtas fhéin a roghnú
Arsa an tsean Commie Bocht
Seachas an dream sin san Úcráin
Agus b’fhéidr an Eastóin is an Liotuáin
Tá ‘n ceart sin ag chuile tír
Arsa an tsean Commie Bocht
Tá Saoirse cainte dlite do chách
Arsa an tsean Commie Bocht
Tá Saoirse cainte dlite do chách
Arsa an tsean Commie Bocht
Seachas an freasúra san Rúis
An Chóire Thuaidh is an Bhéalarúis.
Tá Saoirse cainte dlite do chách
Arsa an tSean Commie Bocht