Ionsaí na hInse – ‘True Detective’ os cionn a bhuille in athuair

Tá Jodie Foster agus dorchadas na hInse i ndiaidh borradh a chur faoi dhíolaim Nic Pizzolatto

Ionsaí na hInse – ‘True Detective’ os cionn a bhuille in athuair

‘Fáilte go deireadh an domhain’ atá greanta go seanbhlastúil ar an gcomhartha bóthair don bhaile ficseanúil Ennis in Alaska. Táimid tuairim is 150 míle ó thuaidh den Chiorcal Artach. Deirtear linn sa réamhrá go bhfuil luí gréine deireanach na bliana againn ar an 17 Nollaig, ní chífear breacadh an lae ar feadh seachtainí móra fada.

Tá an ceantar faoi bhrat sneachta agus dorchadais. Áit chiúin, sceirdiúil, neamhshaolta, álainn. Is ansin a théann buíon eolaithe atá buailte fúthu in ionad taighde áitiúil ar iarraidh, gan tásc ná tuairisc, seachas teanga atá caite faoin mbord. Tagann bleachtairí leis an scéal a fhiosrú. Táimid ar ais i ndomhan aduain, mistéireach True Detective.

Gineadh an díolaim seo i scioból samhlaíochta

Nic Pizzolatto agus chuir an chéad séasúr an lucht féachana faoi dhraíocht in 2014. Thuas seal, thíos seal a bhí an díolaim seo ó shin; bhí col faoi leith ag an lucht féachana leis an dara sraith mar a raibh Colin Farrell sa mheitheal aisteoirí. Gach aon sraith ag seoladh scéil, carachtar agus aisteoirí nua chugainn. Is amhlaidh atá anseo. Sí Issa López atá mar cheannléiritheoir, scríbhneoir agus stiúrthóir; an chéad uair nach raibh ceann de na róil sin ar a laghad ag Pizzolatto (ach tá sé ann mar léiritheoir).

Bíodh sin mar atá samhlaítear dom, bunaithe ar an gcéad cúpla de True Detective: Night Country go bhfuil an cnuasach os cionn a bhuille in athuair. Níorbh í an bhleachtaireacht a bhí i lár an scéil riamh ach na carachtair, an splanc eatarthu, a gcúlraí, a ndúshláin phearsanta agus an gach re sea eatarthu.

Bhí suan na muice bradaí sa chéad séasúr ó thús go deireadh agus is amhlaidh atá anseo. Is carachtar ann féin é an dorchadas, tá múchadh agus urchóid ag baint leis. Bhí taibhse le feiscint sa chéad ghála agus taibhsítear dom go mbeidh an diamhracht agus an t-osnádúr lárnach sa séasúr seo, díreach mar a bhí thiar in 2014.

Thaitin Jodie Foster riamh liom mar aisteoir agus tá sí go hiontach anseo. Is í atá deas ar an bpóilín Liz Danvers a léiriú – bean chliste, gháirsiúil, thiufáilte, ghoilliúnach. Taobh léi tá Kali Reis (an t-iardhornálaí) mar an State Trooper Evangeline Navarro, bean dhúnéaltach, thaghdach, thuisceanach atá ciaptha ag dúnmharú a tharla blianta roimhe sin agus a d’fhéadfadh a bheith ceangailte le cás na n-eolaithe.

Tá coimhlint idir an bheirt maidir leis an gcás úd agus ba é ba chúis le Navarro bogadh chuig na Troopers. Is de bhunadh Iñupiat í agus thaitin sé liom go bhfuil cultúr agus scéal na ndaoine sin á tharraingt isteach. Is léir go ndéanfar cíoradh chomh maith ar fhoréigean i gcoinne na mban agus an pholaitíocht ghnéis leis.

Tá Jodie Foster agus dorchadas na hInse i ndiaidh borradh a chur fé dhíolaim Nic Pizzolatto.

Fág freagra ar 'Ionsaí na hInse – ‘True Detective’ os cionn a bhuille in athuair'