Ionaid seirbhísí poiblí nua don Ghaeltacht molta ag an gCoimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga nua go bhfuil dóchas aige go n-éireoidh leis an reachtaíocht  teanga nua má chuirtear i bhfeidhm go hiomlán í

Ionaid seirbhísí poiblí nua don Ghaeltacht molta ag an gCoimisinéir Teanga

Ba cheart lárionaid nua a bhunú sa Ghaeltacht a chuirfeadh seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge don phobal, a deir an Coimisinéir Teanga nua.

Ag labhairt dó os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta i dTeach Laighean tráthnóna, dúirt Séamas Ó Concheanainn go gcaithfí a bheith “seiftiúil” chun a chinntiú go ndéanfadh an stát freastal níos fearr ar phobal na Gaeltachta.

D’fhéadfaí féachaint ar chóras g-teiceanna (moil dhigiteacha) Údarás na Gaeltachta mar mhúnla do chóras ionad seirbhísí poiblí.

Bheadh na hionaid seirbhísí poiblí nua lonnaithe sna limistéir pleanála teanga sa Ghaeltacht agus sna háiteanna ar fud na tíre a bhfuil aitheantas acu mar bhailte seirbhíse Gaeltachta nó líonraí Gaeilge.

“Bíodh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge á seachadadh go fíorúil, ar líne nó ar láithreacha fisiciúla sa Ghaeltacht, i mBailte Seirbhíse nó trí Líonraí Teanga, d’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar mholchampais seachadta seirbhísí poiblí tríd an mbonneagar náisiúnta pleanála teanga,” arsa an Coimisinéir Teanga nua, Séamus Ó Concheanainn.

Dúirt sé go laghdófaí ar na heasnaimh atá ann faoi láthair sa soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge “dá dtapófaí na deiseanna seo” agus go gcabhródh na molchampais  leis “an mbearna” idir pobal na teanga agus an córas stáit a laghdú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh “tréimhse chinniúnach” ó thaobh na gceart teanga romhainn agus plean náisiúnta le hullmhú chun gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030, príomhsprioc na reachtaíochta teanga is déanaí a tugadh isteach. Dúirt sé go raibh dóchas aige go n-éireodh leis an reachtaíocht sin ach í a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Dúirt sé go raibh ceist ann faoi láthair faoi chumas an chórais stáit bunseirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Ba dhóigh leat, a dúirt sé, tar éis fiche bliain den Acht Teanga, go mbeadh seirbhís i nGaeilge ar fáil mar bhunchuid de na seirbhísí sin.

Chuir sé fáilte roimh na cumhachtaí breise a bheidh aige féin faoi na leasuithe a rinneadh ar an acht teanga.

“Is cumhacht reachtúil bhreise a bheith in ann faireachán agus tráchtaireacht réamhghníomhach a dhéanamh ar achtacháin eile a bhaineann le stádas nó úsáid na Gaeilge.

“Treiseoidh na cumhachtaí breise seo le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht agus mar theanga náisiúnta chomhaimseartha.”

Dúirt sé gur léirigh an 149 imscrúdú a bhí déanta ag oifig an choimisinéara teanga ó bunaíodh í trí bhac bhunúsacha roimh sheirbhísí poiblí a sholáthar i nGaeilge.

Dúirt sé nach léir go dtuigeann na ceannairí is sinsearaí sa tseirbhís phoiblí na dualgais reachtúla teanga atá ann, nach mbíonn plean ann chun na seirbhísí sin a chur ar fáil dá réir agus nach mbíonn dóthain daoine ann atá ábalta seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt sé go bhféadfadh na leasuithe reachtaíochta cur leis an tuiscint atá ag daoine ar a ndualgais sa mhéid is go leagtar dualgas ar bhall foirne sinsearach i ngach comhlacht poiblí maoirsiú a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta agus tuairisc a dhéanamh faoi.

Maidir leis an easpa cainteoirí Gaeilge sa chóras, dúirt sé go gcaithfí béim níos mó a leagan ar líofacht sa Ghaeilge mar cháilíocht d’fholúntais, go háirithe d’fholúntais ag an leibhéal sinsearach.

“Mura bhfuil ceannaireacht teanga ón mbarr anuas, agus cultúr treoraithe comhlíonta, is beag is fiú an líofacht Ghaeilge a bheith luaite le gráid shóisearacha amháin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ionaid seirbhísí poiblí nua don Ghaeltacht molta ag an gCoimisinéir Teanga'