In am ag fathaigh na peile múscailt i gceart agus an chraobh a dhéanamh níos spéisiúla

Is den ábhacht do roinnt foirne go mbeadh seal fén dtor acu chun teacht chuchu féin tar éis bhabhta na ngrúpaí, ach tá duais níos mó ná san i gceist d’fhoirne eile - gaoth sna seolta

In am ag fathaigh na peile múscailt i gceart agus an chraobh a dhéanamh níos spéisiúla

Nach ait agus sinn ag déanamh ar an dtríú babhta cluichí i gcraobh Sam Mhig Uidhir go dtaibhsítear do dhaoine gurb é an sos seachtaine an duais mhór atá le buachtaint an deireadh seachtaine seo ag na foirne a chríochnóidh in uachtar?

Níl aon amhras ná go bhfuil san i gceist agus é den dtábhacht do roinnt foirne go mbeadh seal fén dtor acu chun teacht chuchu féin tar éis na trí cinn de chluichí ach tá duais níos mó ná san i gceist d’fhoirne eile – gaoth sna seolta. Ní ach sé seachtaine go dtí cluiche ceannais na hÉireann agus ní mór dos na foirne atá dá ceal go nuige seo bheith ag aimsiú na siollaí agus na siotaí gaoithe sin an deireadh seachtaine seo nó an deireadh seachtaine seo chughainn ar a dhéanaí ar fad.

Na piardaí móra, Ciarraí, Tír Eoghain agus Áth Cliath is mó atá ag fiagaíocht an deireadh seachtaine seo agus fios go maith acu ná fuilid go hiomlán istigh leo féin le seachtainí beaga anuas. Tá an uile chraobh ó 2013 i leith buaite ag na trí chontae seo agus b’fhéidir leis an dtaithí sin atá acu gur fearr atá a fhios acu féin cathain, conas agus cén áit is fearr agus is tráthúla earraíocht a bhaint as an ngaoth san sna seolta. Tá gach seans go mbeidh siad ina seasamh agus fós sa rás tar éis an deireadh seachtaine ach tuigeann na foirne  go gcaithfear a neart a léiriú luath nó mall chun léaspairtí beaga dóchais a thabhairt dá lucht leanúna agus chun dearbhú a thabhairt dóibh féin gurb ann fós dóibh.

Is léir nach gcreideann an lucht leanúna céanna go bhfuil aon bhaol go mbeidh slán á fhágaint acu leis an gcraobh tráthnóna Dé Domhnaigh nó bheadh breis ticéad díolta dá gcluichí ach dá fhaid a fhanann an leamhas is an phatuaire ina gcuid imeartha, is ea is mó imní a bheidh ag teacht ar na himreoirí féin i gCiarraí, i dTír Eoghain agus in Áth Cliath.

Tá cad é priocadh is bearradh idir Ciarraí agus an Lú le laethanta beaga anuas cé ná fuil aon stair gurbh fhiú trácht air idir an dá bhuíon reatha. Baineann an leagadh, an leibhéal is an leithéis le cluiche ceannais uile-Éireann nár imríodh idir na foirne céanna 113 bliain ó shin i 1910 nuair a dhiúltaigh Ciarraí taisteal go Baile Átha Cliath de bharr aighnis idir Bord CLG Chiarraí agus an comhlacht traenach ag an am. Níor mhaith Ciarraí riamh don Lú é go nglacadar le bua gan choimhlint nuair a taibhsíodh do mhórán i gCiarraí go mba cheart don Lú seasamh guaille ar ghuaille lena mbráithre ó dheas. Sea, bíonn cead cainte ag fear caillte na himeartha agus níl aon teora le ceachtanna na staire chun piobar a chur le himirt an lae inniu.

Níor cheart go mbeadh aon stró ar Áth Cliath in aghaidh Shligigh i bPáirc Bhreifne agus nuair a chíonn tú Jack McCaffrey, Paul Mannion agus Ciarán Kilkenny féin ainmnithe ar an mbinse is léir go bhfuil an t-armlón á phrapáil do chogaí níos déine níos faide anonn. Fé Áth Cliath féin atá más áil leo stánáil a thabhairt nó gan a neart a nochtadh.

Toisc go bhfuil deifir scórála chomh teann idir Sligeach agus Cill Dara, beidh leathshúil á coimeád ar an gcluiche eile a bheidh sa ghrúpa idir Cill Dara agus Ros Comáin sa Tulach Mhór d’fhonn éachtaint a fháil ar a bhfuil i ndán don 3ú háit sa ghrúpa. Séard is dóichí a tharlóidh ná go mbuafaidh Ros Comáin ar Chill Dara agus dá mbeadh bearna níos mó idir Áth Cliath agus Sligeach bheadh Cill Dara ar an gcéad fhoireann riamh a bhuaigh cluiche (in aghaidh Chill Mhantáin), a chaill cluiche (in aghaidh Áth Cliath), a chríochnaigh ar comhtharrac (le Sligeach), a chaill cluiche (in aghaidh Áth Cliath arís) agus a chaill ceann eile (in aghaidh Ros Comáin amárach) agus a bheadh fós sa rás agus iad cáilithe do réamhbhabhta ceathrú ceannais do Chorn Sam Mhig Uidhir!

Chífidh Seán, agus Cill Dara, a thuilleadh sara mbeidh an samhradh istigh.

Déarfadh scata gurb é an cluiche idir an Ghaillimh agus Ard Mhacha rogha na gcluichí an deire seachtaine seo agus níl aon amhras ná gur cheart go mbeadh gearradh san imirt tar éis chluiche ceathrú ceannais na craoibhe anuraidh. Ba chúis iontais dá réir sin, a laghad ticéad a bheith díolta don gcomhrac i gCora Droma Rúisc amáireach, go háirithe nuair a cuirtear san áireamh go raibh iarratas an cluiche a bhogadh go Páirc an Chrócaigh. Le Rian O’Neill ar fionraí agus, is cosúil, Jarly Óg Burns ar an mbinse tá cuid des na fiacla bainte d’Ard Mhacha agus ní dócha go gcuirfidh siad an Ghaillimh dá mbuille ná dá gcúrsa.

Is é an cluiche is mó go bhfuilim féin ag tnúth leis an deireadh seachtaine seo ná an ceann idir Corcaigh is Maigh Eo i bPáirc na nGael. Dhá fhoireann iad seo a thabharfaidh faoina chéile i gceart go coisíocht, le clóchas is le coráiste. Fuaireamar éachtaint uair amháin eile coicíos ó shoin ná fuil Maigh Eo, dá fheabhas iad, rósheiftiúil agus iad ag dul i ngleic leis an ndlúthchosaint a chur an Lú faoina mbráid.

Ní dóigh liom go mbeadh fonn ar Chorcaigh tabhairt fé Mhaigh Eo sa tslí chéanna toisc, dála Mhaigh Eo, gurb é a rogha dul i muinín na coisíochta. Tá cogar mogar ann, agus bunús maith leis, go bhfuil múnla imeartha ag roghnóir/oiliúnóir Chorcaí, Kevin Walsh, a chnagann Maigh Eo. Dhein sé amhlaidh go minic agus é i bhfeighil na Gaillimhe. Má éiríonn leis le himreoirí Chorcaí, n’fheadar aoinne ach na Corcaígh féin, cé chomh hard is a d’éireodh na cleití iontu. Táid fada a ndóthain ina suan i gCorcaigh. B’fhéidir gurb é an lá amárach a mhúsclodh ceann d’fhathaigh na peile i gceart agus má dheineann, beidh an chraobh i bhfad níos spéisiúla dá bharra.

Fág freagra ar 'In am ag fathaigh na peile múscailt i gceart agus an chraobh a dhéanamh níos spéisiúla'

  • Alan Titley

    An ceart ag Dara…beidh le feiscint. Trí rud nach féidir a thuiscint: damhna dubh, an bang mór, agus peileadóirí Chorcaí.