Imreoirí ó chumainn Ghaeltachta i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge ag dul chun páirce i gCraobh na Mumhan anocht

Tá Ciarraí ag iarraidh Craobh Mhionúir na hÉireann a bhuachan den chúigiú huair as a chéile i mbliana agus iad faoi cheannas Peter Keane arís

Imreoirí ó chumainn Ghaeltachta i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge ag dul chun páirce i gCraobh na Mumhan anocht

Beidh imreoirí Gaeltachta i lár an aonaigh anocht agus tús á chur le Craobh Mhionúir Peile na Mumhan. Imreofar trí chluiche i mbabhtaí ceathrú ceannais an chúige inniu. Casfaidh Ciarraí ar Thiobraid Árann, tabharfaidh Port Láirge aghaidh ar Chorcaigh agus imreoidh Luimneach i gcoinne an Chláir.

Tá Ciarraí ag iarraidh Craobh Mhionúir na hÉireann a bhuachan den chúigiú huair as a chéile i mbliana agus iad faoi cheannas Peter Keane arís, an fear céanna a bhí i bhfeighil orthu nuair a bhuaigh siad craobhacha 2016 agus 2017.

Agus an teorainn aoise íslithe go dtí Faoi-17 do ghrád na mionúr i mbliana, níl aon duine a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh Corn Tom Markham anuraidh ag Ciarraí agus is foireann iomlán nua atá curtha le chéile ag Keane don chluiche anocht i Staid Semple (7.00i.n.).

Beidh fear chumann na Gaeltachta, Ruaidhrí Ó Beaglaoich ag caitheamh geansaí 15 sa líne lántosach agus Conor Flannery an Daingin ag tosú mar lánchúlaí ar dheis. Tá beirt eile ó Abhainn an Scáil, Colm Moriarty agus Killian Falvey, a bhuaigh Corn Uí Mhuirí le Pobalscoil Chorca Dhuibhne i mbliana, ainmnithe ar an bhfoireann chomh maith.

Beidh imreoir eile de chuid na Pobalscoile, Dylan Geaney ón Daingean, i measc na n-ionadaithe.

Beidh Ó Beaglaoich agus Geaney ag iarraidh sampla a gcuid deartháireacha, Brian agus Conor, a leanúint agus bonn uile-Éireann a bhuachan leis na mionúir.

Beidh imreoirí ó chumainn Ghaeltachta le feiceáil i bPáirc Uí Rinn anocht chomh maith. Tá fear Naomh Abán, Aodhán Ó Luasa, ainmnithe mar lántosach ar fhoireann Chorcaí, agus iad ag iarraidh Craobh na Mumhan a bhuachan den chéad uair ó 2010. Is san ionad céanna ar fhoireann na nDéiseach a bheidh imreoir óg an tSeanphobail, Mícheál Ó Foinn.

Cuirfear tús leis an gcluiche sin ag 7.00i.n.

Fág freagra ar 'Imreoirí ó chumainn Ghaeltachta i gCiarraí, i gCorcaigh agus i bPort Láirge ag dul chun páirce i gCraobh na Mumhan anocht'