Imreoir sacair mé agus tá an liathróid ag druidim anuas i mo threo 

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: nuair a thosaíonn gearrscéal ag borradh i d’aigne caithfear tabhairt faoi díreach ag an am ceart nó cuirfidh tú an scéal ó mhaith, a deir ár gcolúnaí 

Imreoir sacair mé agus tá an liathróid ag druidim anuas i mo threo 

Le seachtain anuas mothaím amhail is gur imreoir sacair mé agus go bhfuil an liathróid ag teacht i mo threo – anuas, ón aer, agus caithfidh mé buille cloiginn a dhéanamh: an liathróid a bhualadh díreach ag an am ceart agus í a chur isteach sa chúl.  

Tá teannas aisteach orm: má léimim aníos róluath nó má bhím rómhall, ní bhuailfidh mé an liathróid agus beidh mo dheis an cúl áirithe seo a scóráil imithe go deo. 

Ní imreoir sacair mé ar ndóigh ach scríbhneoir, agus ní liathróid atá sa liathróid ach gearrscéal. 

D’fhéadfá gearrscéal atá ag borradh i d’aigne a chur i gcomparáid le go leor rudaí. 

Le fiabhras a bheadh ag teacht ort agus a mbeifeá buailte aige ar feadh cúpla lá, mar shampla. 

Nó le héan creiche a bheadh ag ciorclú os do chionn, ag feitheamh leis an nóiméad ceart chun ruathar a thabhairt agus seilbh iomlán a ghlacadh ar d’intinn, ar do chuid fuinnimh agus ar do chuid ama. 

Is fearr liom samhail an imreora sacair agus na liathróide toisc gur gníomh, seachas géilleadh, a iarrtar ar an scríbhneoir a dhéanamh sa chás sin. Ach ar aon nós mothaím go láidir gur rud (is beag nach ndéarfainn ‘neach’) a bhíonn ag druidim anuas leat a bhíonn sa ghearrscéal – ar luas lasrach ach, ag an am céanna, sa slómó is moille a d’fhéadfá a shamhlú. Anuas ó na spéartha, ón áit a bhfuil cónaí ar scéalta atá ag iarraidh go n-inseofaí iad. Ní file mé, ach shamhlóinn go mbíonn an t-iompar céanna ar dhánta. 

Ní hionann an chéad léargas a gheobhaidh tú ar an liathróid, gabh mo leithscéal, ar an ngearrscéal, i ngach cás. Go minic, carachtar a bhíonn sa chéad splanc sin: duine a d’fheicfeá ag dul an bealach agus a mheallfadh d’aird. Uaireanta eile, áit ar leith nó ceist éigin a chuirfidh an lasair i mbairille na samhlaíochta. Tharlódh go dtiocfadh na léargais sin sna sála ar a chéile chomh sciobtha sin nach bhféadfá a rá cé acu ceann a chonaic tú ar dtús. 

Leasainm a chuala mé ag dul tharam le linn rang dornálaíochta a bhí sa lasair i gcás an ghearrscéil áirithe seo atá ag druidim anuas liom faoi láthair. 

Éadan Nathrach. Nach ainm iontach é sin do charachtar ficseanúil? 

An chéad rud eile chuimhnigh mé ar dhuine nó triúr san fhíorshaol a bhféadfainn carachtar a mbeadh ‘Éadan Nathrach’ air a bhunú orthu, agus léirigh ceist fhealsúnach a dteastaíonn uaithi go gcíorfaí í sa scéal seo í féin. 

Agus anois? Cheannaigh mé cóipleabhar nua ionas go mbeidh sé faoi réir agam nuair a thiocfaidh an t-am ceart chun an buille cloiginn sin a dhéanamh agus an liathróid a chur isteach sa chúl – ach céard é an t-am ceart? 

Is é mo thaithí féin ná go gcuireann tú gearrscéal ó mhaith má thosaíonn tú á scríobh róluath; i bhfocail eile, má léimeann tú aníos ón talamh sula bhfeiceann tú cruth na liathróide i gceart. Mura mbíonn dóthain sonraí ar eolas agat faoina mbeidh á scríobh agat beidh tú féin á gcumadh in ionad a bheith á scríobh síos de réir mar a léireofar duit iad, agus beidh cuma róchumtha, róshaorga ar an toradh. 

Ach má fhanann tú rófhada, gabhfaidh an liathróid tharat agus caillfidh tú an deis an gearrscéal áirithe sin a scríobh go deo. Téann an saol ar aghaidh ar luas lasrach agus an chéad rud eile beidh scéal úrnua ag druidim anuas leat, é sin nó beidh ionradh á dhéanamh ag tír éigin ar thír éigin eile agus beidh diúracáin seachas scéalta ag titim anuas ó na spéartha, anuas ar dhaoine, agus ní bheidh fonn oibre ar bith ort. 

Céard é an t-am ceart, mar sin? 

Arís eile, ag dul ar mo thaithí phearsanta féin atá mé, ach ní chuirfinnse peann le páipéar go dtí go mbeadh mo dhóthain ar eolas agam faoi scéal nua chun an chéad chúpla leathanach de chóipleabhar a líonadh; nochtfaidh an chuid eile den scéal é féin de réir mar a bheidh tú ag scríobh.  

Céard iad na sonraí sin? Creatlach de phríomhcharachtar nó beirt a gcuirfidh tú craiceann orthu go fóill, tuairim gharbh faoin bplota agus b’fhéidir faoi na téamaí a bheidh á gcíoradh sa scéal, agus suíomh.  

An ghné dheireanach sin an fáth nár thosaigh mé féin go fóill ar an scéal atá ag druidim anuas liom le seachtain anuas: ní léir dom fós cá háit a mbeadh an scéal áirithe seo ag tarlú. Ach a luaithe is a nochtfaidh an scéal an ghné sin de féin luífidh mé isteach ar an obair.  

Ansin beidh thart ar sheachtain agam chun an chéad dréacht a scríobh síos. Is í mo thaithí féin ná go gcaithfear an chéad dréacht a scríobh in aon iarraidh amháin, nó chomh gar d’aon iarraidh amháin agus is féidir, nó caillfidh an scéal an fuinneamh a bheidh faoi. 

Céard faoi úrscéalta, a deir tú, ní fhéadfadh sé go mbeadh an cur chuige céanna agat le saothar fada, ní bheadh sé sin go maith do na néaróga. 

Go deimhin ní bheadh. Ag cloí le samhail an tsacair: cluiche iomlán, nó b’fhéidir craobhchomórtas iomlán – seachas liathróid amháin ag teacht anuas ón spéir – a bhíonn san úrscéal. Ach sa chás sin, ní bhíonn ort a dhéanamh ach breathnú ar gach radharc mar liathróid amháin, mar dheis chun cúl a fháil, agus sos a thógáil sula dtabharfaidh tú aghaidh ar an gcéad radharc eile. 

Fág freagra ar 'Imreoir sacair mé agus tá an liathróid ag druidim anuas i mo threo '