Imní léirithe faoi easpa múinteoirí atá in ann múineadh trí Ghaeilge

Dúirt Uachtarán an ETBI, Pat Gilmore, go bhfuil an ganntanas múinteoirí cáilithe ina ‘ghéarchéim’ agus go gcaithfear dul i mbun gnímh láithreach lena leigheas

Imní léirithe faoi easpa múinteoirí atá in ann múineadh trí Ghaeilge

Tá imní léirithe ag uachtarán Bhoird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI), Pat Gilmore, faoina laghad múinteoirí atá in ann ábhair a theagasc i nGaeilge.

Ag labhairt dó ag ardfheis na heagraíochta i gCill Airne, dúirt Gilmore leis na toscairí a bhí i láthair go raibh deacrachtaí móra ag an eagraíocht teacht ar mhúinteoirí don Tíos, Gaeilge, Mata, Eolaíocht agus do theangacha.

Dúirt sé freisin go raibh sé an-deacair teacht ar mhúinteoirí a bhfuil a ndóthain Gaeilge acu le bheith ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge.

D’éiligh Gilmore ar an Aire Oideachais Richard Bruton dul i ngleic leis an bhfadhb agus dúirt go bhfuil an ganntanas múinteoirí cáilithe anois ina “ghéarchéim”.

Dúirt sé gur fhág an ganntanas seo go raibh daltaí Ardteiste fágtha gan múinteoir láncháilithe i roinnt ábhar ar feadh tréimhsí fada i gcaitheamh na bliana – suas le ceithre mhí i gcásanna áirithe.

Mhaígh sé nach raibh aon dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas le dul i ngleic leis an nganntanas in ainneoin gur chuir an ETBI in iúl don Rialtas cheana go raibh fadhb ann.

Foilseofar tuarascáil amach anseo ina léireofar na hábhair scoile is measa atá buailte ag an nganntanas múinteoirí seo. Dúirt Gilmore go gcaithfí straitéis náisiúnta a cheapadh leis an “bhfadhb mhór náisiúnta” seo a réiteach ach go gcaithfí freisin dul i mbun gnímh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas atá faoi láthair ann.

Fág freagra ar 'Imní léirithe faoi easpa múinteoirí atá in ann múineadh trí Ghaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Mhaígh sé nach raibh aon dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas le dul i ngleic leis an nganntanas…

    Nach raibh an ‘ganntanas’ ann riamh? Níl teagascóirí cáilithe ag an ETBI féin le múineadh trí Ghaeilg sa Ghaeltacht! Ghlac siad anonn na hionaid oiliúna a bhí faoi chúram FÁS – eagraíocht nach dear faic leis an teagasc tré mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht a chuir chun cinn. Agus níl aon chuma air go bhfuil móran ‘dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas’ ag an ETBI le seo a athrú.

    An dtagann an ETBI faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla? Nach raibh an Coimisinéir Teanga ag léiriú s’acu le gairid anuas cionnas nach dtagann siad faoin reachtaíocht sin?

  • micheal

    ‘imni’…’buairt’…’easpa’….’dul chun cinn’….. an rud ceanna le ra faoi nach mor gach uile abhar eile….ni coras oideachais ata in Eirinn….ach monarchana ispini comhchosula comhramhra, agus gach ceann comhfhaid comhleithead ceanna …coras proiseala a thabharfainnse air