Imní ar chomharchumainn Ghaeltachta faoi ‘thionchar tromchúiseach’ ciorruithe leanúnacha

Éilítear i dtuarascáil nua go gcuirfí €600,000 breise ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta i mBuiséad 2018

Imní ar chomharchumainn Ghaeltachta faoi ‘thionchar tromchúiseach’ ciorruithe leanúnacha

Pictiúr: Twitter/CnaG

Fágann an “tionchar tromchúiseach” a bhí ag na ciorruithe a rinneadh ar chomharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana anuas nach bhfuil “roinnt mhaith eagras ach ag réchasadh” agus gan “mórán tionscnamh nua á bhforbairt” acu.

De réir tuarascáil nua, a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh tráthnóna inné, tá na ciorruithe atá déanta ar chomharchumainn agus eagrais phobail Ghaeltachta eile ag cur isteach “ar fheidhmiú agus ar éifeacht na n-eagraíochtaí” agus a gcumas “dul i ngleic leis na dualgais atá orthu”.

“Tá an tuairim ann nach bhfuil roinnt mhaith eagras ach ag réchasadh agus gan mórán tionscnamh nua á bhforbairt.

“Tá dóthain le déanamh acu na háiseanna agus na seirbhísí atá acu a choinneáil ag imeacht mar atá gan trácht ar fhorbairtí nua a thógáil ar láimh,” a deirtear sa tuarascáil nua le Comhlachas na gComharchumann agus Comhlachtaí Pobail.

Deirtear sa tuarascáil, Cnámh Droma An Phobail S’againne: Stádas Reatha agus Riachtanais Amach Anseo, go bhfuil laghdú 25% tagtha ar an maoiniú a chuirtear ar fáil do na comharchumainn Ghaeltachta le deich mbliana anuas agus éilítear go gcuirfí €600,000 breise ar fáil dóibh i mBuiséad 2018, a fhógrófar an tseachtain seo chugainn.

Deir scátheagras na gcomharchumann go bhfuil na ciorruithe “ag cothú deacrachtaí agus anró” agus go bhfuil “imní” ar eagraíochtaí go leagfar freagrachtaí nua orthu gan maoiniú breise a chur ar fáil dóibh.

“Tá sé an-deacair a shamhlú cén chaoi gur féidir pleanáil teanga a fheidhmiú go gairmiúil gan maoiniú,” a deir an tuarascáil.

Maítear go bhfuil formhór na n-eagraíochtaí pobail Gaeltachta “ag sracadh leo agus ag déanamh a seacht míle dícheall teacht i dtír mar atá” agus nach bhfuil siad “in acmhainn tabhairt faoin bpleanáil teanga ná cur chun cinn na Straitéise [20 Bliain don Ghaeilge] gan tacaíocht bhreise”.

Áitítear sa tuarascáil go gcothaíonn “easpa airgid brú leanúnach” agus go mbíonn deacrachtaí ag eagraíochtaí bainisteoirí a earcú.

“Níl na poist tarraingteach de bharr go bhfeictear nach bhfuil maoiniú cuí ar fáil,” a deirtear.

Deirtear chomh maith i dtuarascáil an Chomhlachais, eagraíocht atá ionadaíoch ar 29 eagras Gaeltachta, go gcuireann na heagrais fostaíocht thábhachtach ar fáil i gceantair imeallacha Ghaeltachta agus go bhfuil nach mór 800 duine fostaithe de bharr a gcuid saothair.

Maítear gur €6.5 milliún an láimhdeachas a bhíonn ag na heagraíochtaí agus go ndéantar an t-ioncam sin á ath-infheistiú i bpobal na Gaeltachta.

De réir na tuarascála, íocann na comharchumainn agus eagraíochtaí pobail Gaeltachta eile timpeall €600,000 leis an Stát i gcáin.

Moltar go mbeadh bunleibhéal an deontais reáchtála a íoctar leis na comharchumainn agus eagraíochtaí pobail eile “ar chomhchéim nó níos airde” ná an €80,000-€135,000 sa bhliain a íoctar leis na Cláracha CDP.

Deontas reáchtála €51,517  in aghaidh na bliana a bhí ag na heagraíochtaí Gaeilge ar an meán in 2016, de réir na tuarascála.

Molann an Comhlachas freisin go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta Ciste Tionscnaimh Forbartha Pobail ar fáil ó bhuiséad caipitil an Údaráis toisc “go bhfuil sé an-deacair deontais a aimsiú ó Údarás na Gaeltachta agus ón Roinn i láthair na huaire”.

Moltar go ndéanfadh lucht maoinithe idirdhealú chomh maith idir “eagraíochtaí atá gníomhach agus atá ag iarraidh tionscnaimh a fhorbairt” agus “na heagraíochtaí nach bhfuil chomh gníomhach sin agus gur obair riaracháin is mó atá idir lámha acu”.

Ba chóir freisin, a deirtear, go mbeadh “leibhéil dhifriúla deontais reáchtála” ann do  chomharchumainn “mar a bhíodh go stairiúil”.

€2.96 milliún sa bhliain atá á lorg do na comharchumainn faoi 2019 agus an maoiniú sin “a bheith imfhálaithe ar chiorruithe ar bith”.

Fág freagra ar 'Imní ar chomharchumainn Ghaeltachta faoi ‘thionchar tromchúiseach’ ciorruithe leanúnacha'