Imirt go leor déanta ag gaiscígh rugbaí na hÉireann leis an liathróid chruinn

Tá cúlra CLG ag cuid mhaith d’imreoirí na hÉireann ag an gCraobh Rugbaí Domhanda 2025

Imirt go leor déanta ag gaiscígh rugbaí na hÉireann leis an liathróid chruinn

Edel McMahon agus Sam Monaghan. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Luaigh mé an tseachtain seo caite gur beirt a bhíodh luaite go láidir le Peil Ghaelach na mBan sa tír seo a chrochfaidh an corn sa gcás gurb iad mná na hÉireann a bhuafaidh Craobh Rugbaí Domhanda na mBan a thiocfaidh chun críche i Twickenham an Satharn deireanach den mhí seo chugainn.

Is breá an meall de chorn é freisin agus nach mór cloch mheáchain ann. Ábhar iontais dom nach bhfuil aon ainm ag dul leis. Ceann nua as an bpíosa é agus i saol an lae inniu ní minic a scaoileann an saol corparáideach lena leithéid de dheis.

Ní mó ná sásta a bhí daoine go leor leis an gceann a chuaigh roimhe siocair a laghad.

Is é an ceann nua an tríú corn atá luaite leis an gcomórtas. Ba iad na Stáit Aontaithe a bhuaigh an chéad cheann i 1991 agus trí bliana dár gcionn thug Sasana leo é. Dé ná deatach ní fhacthas arís air go ceann 15 bliain nó gur frítheadh in áiléar tí ansiúd é i 1999 – é taobh le beagán snasa, clúdaithe ag dusta agus ag téadracha damháin eala.

Is iad Edel McMahon as Cill Mhichíl in iardheisceart an Chláir agus Sam Monaghan as an Uaimh a bheas i ngreim i chaon chluas den chorn úrnua sa gcás gurb iad Éirinn a bhuafaidh Craobh an Domhain. Is iadsan beirt na comhchaptaein.

Ag roinnt na honóra freisin a bhí McMahon nuair a d’imir sí i gCluiche Ceannais na Mionúr sa bPeil Ghaelach in aghaidh Dhún na nGall in 2009. Scóráil an Clár 5-5 an lá sin, rud a bhuafadh cluichí go leor. Faraor dóibhsean, bhí Geraldine McLaughlin as an Tearmann ag cur chun bóthair timpeall an ama sin ar aistear a d’fhágfadh ise ar dhuine de na peileadóirí ban ab fhearr dá raibh – scóráil sise léi féin 3-5 do na Conallaigh a bhuaigh 5-15 in aghaidh  3-5.

Cé nach raibh Edel McMahon, a dtugtar ‘Tricky’ mar leasainm uirthi, ach 15 bliain ag an am sin, bhí bonn craoibhe na hÉireann ina póca cheana féin, Bá í báireoir Chill Mhichíl a bhuaigh Craobh na gClubanna Idirmheánach an bhliain roimhe.

Agus í ina mac léinn i gColáiste na hOllscoile i nGaillimh a d’imir McMahon den chéad uair. D’imir sí do Chonnachta, fuair áit ar fhoireann na hÉireann den chéad uair agus ansin thug a haghaidh ar Shasana, áit ar imir sí ar dtús le Wasps agus anois le Exeter. Sa ró cúil is fearr í.

Amach roimpi sa síneadh amach a imríonn an comhchaptaen Sam Monaghan a rugadh i Nua-Eabhrac ach a tógadh ar an Uaimh nuair a shocraigh a tuismitheoirí filleadh abhaile. Ansiúd d’imir sí le Cumann Uí Mhathúna agus bhí sí ar fhoireann an chontae a bhuaigh Craobh Faoi 16 na hÉireann in 2009 – bhí bua cúpla cúilín acu ar Dhún na nGall agus bhí Geraldine McLaughlin ar an trá fholamh sa gcás seo.

Bean eile a bhfuil imirt go leor déanta aici leis an liathróid chruinn is ea húicéara na hÉireann Cliodhna Moloney a rugadh agus a tógadh i gCill Chonla i dtuaisceart na Gaillimhe agus fearacht Edel McMahon atá ag imirt  le Exeter freisin.

Ba le Cora Fine a d’imir sí an Pheil Ghaelach, mar lánchúlaí, agus le linn a cuid imeartha mharcáil sí laoch mór eile sa spórt sin – Cora Staunton Mhaigh Eo agus Cheathrú na gCon. Ba acu siúd a bhí an dá fhoireann ba láidre i gConnachta ag an am, an lámh in uachtar ag mná Mhaigh Eo nuair a d’imir siad a chéile i gCluiche Ceannais Sinsearach Chonnacht ceithre huaire sna 2000idí. Tráth an ama sin bhuaigh Ceathrú na gCon craobh an chúige 16 uair idir 1998 agus 2017.

Sular dhírigh sí go hiomlán ar an rugbaí, chaith Cliodhna Moloney tamall fostaithe mar oiliúnaí ag Coiste CLG Shligigh.

Tá an cumas rugbaí atá iontu siúd atá luaite go dtí seo agam aitheanta le fada, ach is le blianta beaga a thosaigh an leathchúlaí amuigh Dannah O’Brien ag tarraingt airde uirthi féin. Ní iontas sin, níl sí ach bliain agus fiche d’aois, ach fós tá 138 pointe scóráilte dá tír aici i gCraobh na Sé Náisiún.

Cé gur as an Tulach i gcontae Cheatharlach dise freisin, níl aon ghaol aici leis an Seán den sloinne céanna, an t-imreoir crua a d’imir d’fhoireann na bhfear. Ní haon ribín réidh í Dannah ach oiread muise, ba ag cur síos cosáin choincréite lena hathair ar shráideanna Bhaile Átha Cliath a bhí sí nuair a fuair sé scéala dhá bhliain ó shin go raibh sí roghnaithe ar fhoireann na hÉireann.

Bhí Dannah O’Brien in ann liathróid Uí Néill a chur thar an trasnán freisin, d’aimsigh sí 1-3 nuair a bhuaigh a contae ar Luimneach i gCluiche Leathcheannais Sóisearach na hÉireann in 2021.

Idir O’Brien agus Stacey Flood atá geansaí uimhir 10 na hÉireann.

Imreoir paiteanta ab ea Flood freisin sa bPeil Ghaelach nuair a d’imir sí leis an gCumann Clanna Gael-Fontenoy agus le hÁth Cliath. Bhí sí ar fhoireann na mionúr acu siúd nuair a bhuaigh Corcaigh orthu i gCluiche Ceannais Mhionúir na hÉireann 2011.

Tá cleachtadh maith faoi seo ag Flood ar an bhfisiciúlacht a bhaineann le spórt. Ceann de na rudaí ba mhó a chuir faitíos ariamh uirthi ab ea nuair a chuala sí tormán chéimeanna clagacha Lyndsay Peat ar a cúl. Tá Peat ar ndóigh ar dhuine de na mná is iomráití i stair spórt na hÉireann. D’imir sí  cispheil, sacar agus rugbaí d’Éirinn. Ní ar cheachtar de na páirceanna sin a d’fhág sí imní ar Stacey Flood, ach i gcluiche sa bPeil Ghaelach idir cumainn Parnell agus Chlanna Gael – gan Stacey ach 14 bliain agus Lyndsay a dhá oiread sin caite.

Sa líne ¾ a imríonn Enya Breen ar fhoireann na hÉireann. Is as an Sciobairín di rud a fhágann gur le foireann ban Ó Donnabháin Rosa a d’imir sí. Bhuaigh sí Craobh Shóisear Chorcaí leo siúd.

Dá dtarlódh sé go mbeadh Éire agus Sasana in aghaidh a chéile sa gCraobh Rugbaí Domhanda seo 2025 – i mbabhta leathcheannais amháin a d’fhéadfadh a leithéid tarlú. Cluiche a bheadh ann a thabharfadh scéala leis nár bhain le cluiche dá leithéid in aon spórt ariamh cheana, déarfainn. Sin go mbeidh lánúin phósta ag imirt in aghaidh a chéile  – phós Cliodhna Maloney agus imreoir Shasana Claudia McDonald a chéile níos luaithe i mbliana.

Fág freagra ar 'Imirt go leor déanta ag gaiscígh rugbaí na hÉireann leis an liathróid chruinn'