IMEACHTAÍ – na hEalaíona

Caitheann Tuairisc.ie ar scoth na n-imeachtaí ealaíona as seo go ceann seachtaine.

Saothar le Máirín Ní Mhaicín
Saothar le Máirín Ní Mhaicín

‘An Chéad Chéad’ taispeántas le saothar Mháire Uí Mhaicín, Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath. An chéad cheann de shraith taispeántas a léiríonn portráidí áille de scríbhneoirí na Gaeilge. Is le Máire Uí Mhaicín an taispeántas; sárghrianghrafadóir agus sároide Gaeilge atá ar shlí na fírinne. Tá an taispeántas seo mar chuid de chlár imeachta IMRAM agus tiocfaidh deireadh leis Dé hAoine seo chugainn, 24 Deireadh Fómhair.


‘Comórtas Scríbhneoireachta Ealaíona’ – comórtas Nua-Ealaín dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge. Táthar ag lorg léirmheas gearr 400 focal ar a mhéid ar aon thaispeántas comhaimseartha ealaíne. €200 / €50 atá ar fáil mar dhuaiseanna agus tá dhá chatagóir ar leith ann, ceann do dhaoine fásta agus ceann do dhaltaí scoile dara leibhéal. Lillis Ó Laoire a dhéanfaidh na buaiteoirí a roghnú. Spriocdháta 5.in 14 Nollaig. Tuilleadh eolais: https://nuaealain.files.wordpress.com