IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

 

Barry B&W

Cúige Uladh

SEOLADH ALBAIM agus CEOLCHOIRM: ‘Boy in a Boat’ á sheoladh ag Barry Kerr, Dé hAoine 25 Aibreán, 8-11in, Ionad Ealaíne Duncairn, Béal Feirste. Beidh Barry Kerr as Ard Mhaca ar ardán Duncairn oíche Shathairn agus a shaothar nua á chur i láthair aige i dteannta roinnt de na haoicheoltóirí atá le cluinstin ar an albam úr – Pauline Scanlon, Eamon Murray agus Dónall O’Connor ina measc. Bailiúchán deich rian de cheol agus d’amhráin nua-chumtha atá san albam seo, a thagann i ndiaidh a chéad albam ‘The World Looks Away’ (2008). Tá cáil ar Barry mar ealaíontóir, mar phíobaire den scoth agus mar fhliúiteadóir cheana féin, ach is mar chumadóir agus amhránaí atá sé á nochtadh féin dúinn anois.
Cead isteach: £10 Beir leat do dheochanna féin! Tuilleadh eolais

* Dé Domhnaigh, 26 Aibreán, beidh Barry le cluintint ag an seisiún maidine míosúil, 10.30rn-2.30in, in Ionad Ealaíona Duncairn, Bóthar Aontroime, Béal Feirste. Saor in aisce. Tuilleadh eolais

OÍCHE AIRNEÁIL: ‘Craic ar na Croisbhealaigh’, Déardaoin 30 Aibreán, 9in, ‘The Gweedore Bar’, An Phríomhshráid, An Fál Carrach, Dún na nGall. Oíche cheoil, amhránaíochta agus damhsa atá geallta ar an Fhál Carrach oíche Déardaoin seo chugainn. Mar chuid de shiamsaíocht na hoíche, tá ceardlann neamhfhoirmiúil beartaithe dírithe ar shean-nós na hAlban agus beidh deis cuinneog ime a láimhseáil, im úr a bhlaiseadh agus a fháil amach cén dóigh a ndearnadh im fadó. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Craic ar na Croisbhealaigh’ ar Facebook.

Realta-4

CEOLCHOIRM: ‘Réalta’, 24 Aibreán ‘Market Place Theatre’ Ard Mhaca, 25 Aibreán, ‘An Droichead’, Béal Feirste, 26 Aibreán ‘Ionad Ealaíne Dhún Phádraig’, Co. an Dúin. An-deis é seo grúpa den scoth a chluinstin beo agus iad ag tabhairt chamchuairt Chúige Uladh. Cé gur i mBéal Feirste atá siad lonnaithe, is minic Réalta ag casadh thar lear fosta, agus tá siad fillte ar a bhfód dúchais an athuair agus is fiú go mór gabháil agus éisteacht leo. Ceol beoga lán d’fhuinnimh a sheineann siad agus ceird acu air. Sarcheoltóirí ar fad atá sa ghrúpa: an bheirt phíobairí Aaron O’Hagan, Conor Lamb; an giotaraí agus an t-amhránaí Deirdre Galway; agus fear an doird Dermot Mulholland, ar ball nua den ghrúpa é. Tuilleadh eolais

OÍCHE DO NA GAEIL: ‘An Cabaret Craiceáilte’, Dé Sathairn 25 Aibreán, 9.30i.n, Teach Húidí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Tá an t-am sin den mhí buailte linn agus gníomhaithe ceoil Ghaoth Dobhair i mbun ullmhúchán do chóisir chraiceáilte na míosa seo. Rónán Mac Aodh Bhuí a bheas ina fhear an tí ar an oíche. Bí ag súil le caint agus ceol go maidin. I measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán Dé Sathairn, beidh Bréag, an grúpa reigé is ansa leis na Gaeil, Gearóid Ó Murchú agus Colm Mac Séalaigh ó na Fíréin, réalta óg Thír Eoghain JJ Ó Dochartaigh. Fáilte roimh chách. Cead isteach: €5.00 ar an doras. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘An Cabaret Craiceáilte’ ar Facebook.


Cúige Laighean

CEOLCHOIRM: ‘Craobhchomórtas Siansa Gael Linn’, Dé Domhnaigh, 7.30in, Ceoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath. Comórtas do ghrúpaí ceoil thraidisiúnta is ea Siansa agus beidh na grúpaí is fearr a ghlac páirt sa chomórtas go dtí seo ag dul san iomaíocht don duaischiste €4,500. Ceoltóirí óga ó chuile chearn den tír a bheidh le cluinstin sa cheoláras Dé Domhnaigh, a tháinig slán as réamhbhabhtaí a raibh 32 grúpa páirteach iontu san iomlán.

Ar ardán an cheolárais beidh ocht ngrúpa san iomlán; ‘Pléascadh’ (Co. Chiarraí), ‘Gliondar’ (Co. Luimnigh), ‘Faoiseamh’ (Co. an Chláir), ‘Glór Mhaigh Eo’, (Co. Mhaigh Eo), ‘Beogacht’ (Sligeach), ‘Meargánta’ (Ard Mhacha), ‘Na Rógairí’ (Co. Bhaile Átha Cliath) agus ‘Caiseach’ (Co.Bhaile Átha Cliath). Is iad Mary Bergin, Dónal O’Connor agus Mark Kelly a dhéanfaidh moltóireacht ar an oíche agus craoltóir Raidió na Gaeltachta Áine Hennessy a bheidh mar bhean an tí. Beidh an ceolchoirm á craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag a 7.30in.

Is gá go mbeadh ticéad agat roimh an ócáid. Áirintí: 01 417000 Tuilleadh eolais.

Frank ReidyIMEACHT IMRAM: ‘Buail leis an Údar Frank Reidy’, Dé Máirt 28 Aibreán, ag a 7.00in, in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. Beidh Frank Reidy i mbun cainte le Cathal Póirtéir ag an ócáid is déanaí sa tsraith imeachtaí atá á reáchtáil ag IMRAM. Deis atá ann aithne níos mó a chur ar údar na leabhar taistil ‘Seal san Aetóip’ agus ‘Ó Chósta go Cósta’, leabhar a bhuaigh Gradam Uí Shúilleabháin dó sa bhliain 2010. Iar-Oifigeach Airm sna Náisiún Aontaithe é Frank, agus chaith sé cuid mhaith ama in Oirthear na hAfraice. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Imram Féile Litríochta Gaeilge’ ar Facebook.

DRÁMAÍOCHT: ‘Cruachás’ le Celia de Fréine, agus ‘Cúirt an Mheán Oíche’ le Brian Merriman, á léiriú ag Aisteoirí Bulfin, Dé hAoine 24 Aibreán, Scoil Bhríde, Bóthar Oakley, Raghnallach, Baile Átha Cliath. Ticéid: €10 (mic léinn agus pinsinéirí €8; lascainí do ghrúpaí le fáil ach glaoch ar Mhéabh Ní Loingsigh ar 087 2940476 nó aisteoiribulfin@gmail.com Léigh faoi na drámaí ar: Tuairisc.ie


Cúige Mumhan

FÉILE: ‘Féile Léitheoireachta’, Dé Céadaoin 29 Aibreán, 6.30-9.30in, Arás na dTeangacha, Aonad na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh, Luimneach. Pléitear filíocht, gearrscéalta, ficsean agus saothar Mhíchíl Uí Chonghaile ag Féile Litríochta Ollscoil Luimnigh, chomh maith le réimse leathan leabhar atá in oiriúint do mhic léinn. Is é aidhm na féile seo ná go gcuirtear rogha léitheoireachta os comhair mac léinn ollscoile, le spéis a mhúscailt i dtaobh na léitheoireachta. Tuilleadh eolais: feile.leitheoireachta2015@gmail.com nó cuardaigh ‘Ócáid na Féile Léitheoireachta’ ar Facebook.

Cuthaíocht na lámhaSEOLADH TAISPEÁNTAIS: ‘Cruthaíocht na Lámha’ á sheoladh, Déardaoin 30ú Aibreán, 7.30in, Ionadh Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Corcaigh. Seolfaidh an t-amhránaí Seán Ó Muimhneacháin taispeántas nua ina bhfuil saothair le healaíontóirí a thug faoin scéim Tacaois i mbliana. Mar thoradh ar ar cheardlanna seachtainiúla atá an taispeántas seo á chur le chéile, a reáchtáladh faoi stiúir Bernadette Ní Choitir agus Pauline Dodds san Ionad Lae i mBaile Mhúirne, Cuan Barra i mBéal Átha ’n Ghaorthaidh agus Cois Cille i gCill na Martra le linn na bliana. Leanfaidh an taispeántas ar aghaidh go dtí an 22ú Meitheamh. Tuilleadh eolais


Cúige Chonnacht

LITRÍOCHT: Féile Idirnáisiúnta Litríochta ‘Cúirt’, Gaillimh, 21-27ú Aibreán, ionaid éagsúla, Cathair na Gaillimhe. 30 bliain atá caite ónar tháinig Cúirt ar an saol an chéad lá, féile litríochta bhliantúil a thugann ardán do scríbhneoirí, filí agus iriseoirí na hÉireann agus dóibh siúd as tíortha eile. Tá clár na bliana faoi lán seoil cheana féin agus deireadh seachtaine lán d’imeachtaí os ár gcomhair amach, idir léachtaí, reiceanna, seoltaí, taispeántais agus chainteanna. I mbliana tá imeachtaí na féile bunaithe ar théamaí éagsúla; ‘an grá’, ‘an chailliúint’, ‘an t-uaigneas’, ‘an fhiosracht’ agus ‘an cuspóir’. Beidh na filí móra le rá Louis de Paor agus Nuala Ní Dhomhnaill i dteannta a chéile ar ardán na Taibhdheirce amárach ag a 1pm agus a gcuid filíochta á haithris acu. Tá clár iomlán na féile ar https://www.cuirt.ie/ga

wine-tasting

BLAISEADH FÍONA: ‘Turas na bhfíonghort’, Déardaoin an 30 Aibreán, 8.00i.n. Club Áras na nGael, Gaillimh. Cuirfidh Naomi Ní Chatháin, saineolaí fíona, eolas ina láthair maidir le fíonta áirithe agus freagróidh sí ceisteanna coitianta a bhíonn ag daoine agus iad ar thóir buidéal deas fíona. Tá líon na spásanna don ócáid teoranta agus tá ticéid ar fáil ar €10 in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Is i gcomhpháirt le siopa Mc Cambridge atá an t-imeacht seo á reáchtáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 091 567834 nó ríomhphost a chur chuig gaillimh@cnag.ie.


Timpeall na tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'