‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’ á léiriú ag Aisteoirí Bulfin

Tá fáilte roimh chách ceann de na grúpaí drámaíochta Gaeilge is gníomhaí sa tír a fheiceáil i mbun aisteoireachta aagus clasaic Bhriain Merriman á chur ar stáitse acu

DSC_0026
Seán Ó Broin, Tadhg Ó Conchubhair, Tadhg Ó Bric agus Eimear Ní Mhéalóid i radharc ó ‘Cúirt an Mheán Oíche’.

I Scoil Bhríde i Raghnallach i ndeisceart na cathrach a chuirfear an dá léiriú is déanaí ó Aisteoirí Bulfin ar stáitse.

Aoir filíochta is ea Cúirt an Mheán Oíche, a scríobh Brian Merriman sa bhliain 1780 faoi dhrogall fir óga pósadh go hóg agus a laghad céile a bhaineann leis.

Cé go bhfuil an dán seo breis agus 200 bliain d’aois, baineann daoine sa lá inniu sult as i gcónaí.

Sa leagan drámata seo le Celia de Fréine, déanann Aisteoirí Bulfin scagadh ar charachtair éagsúla an scéil spleodraigh seo, ina measc an baitsiléir nach suim leis pósadh; an seanfhear pósta nach bhfuil aon mhaith leis sa leaba; agus an bhean óg atá sa tóir ar fhear céile.

Cloisfear cur suas agus cleithmhagadh de réir mar a chuirfidh pearsana éagsúla an scéil aighneas ar a chéile.

Ba i 1985 a rinneadh an léiriú deireanach de Cúirt an Mheán Oíche i nGaeilge, mar sin, is deis iontach é seo leagan snasta, bríomhar de shárshaothair litríochta na Gaeilge a fheiceáil den chéad uair le fada.

Dráma comhaimseartha is ea Cruachás a bheidh á léiriú an oíche chéanna. Ar mhúnla Cúirt an Mheán Oíche a bhunaigh an t‑údar, Celia de Fréine, an dráma seo.

Ceisteanna comhaimseartha a phléitear in Cruachás, ach tuigfidh an lucht féachana gur beag athrú atá tagtha ar an ngaol idir fir is mná taobh le cúpla céad bliain!

– Tá ‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’ á léiriú ag Aisteoirí Bulfin i Scoil Bhríde, Bóthar Feadha Cuileann, Raghnallach, Baile Átha Cliath 6 ar an Déardaoin 23 agus an Aoine an 24 Aibreán ag  8 pm. Ticéid: €10 (mic léinn agus pinsinéirí €8; lascainí do ghrúpaí le fáil ach glaoch ar Mhéabh Ní Loingsigh ar 087 2940476 nó aisteoiribulfin@gmail.com

Fág freagra ar '‘Cúirt an Mheán Oíche’ agus ‘Cruachás’ á léiriú ag Aisteoirí Bulfin'