IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

'Polish Shamrock' Dé Domhnaigh 29 Márta, 3in, Cearnóg Wolf Tone, Baile Átha Cliath
‘Polish Shamrock’

Cúige Mumhan


OÍCHE SHÓISIALTA: ‘Ré-Rá – Gaeltacht sa Ghalltacht’, Dé hAoine 28 Márta 9in, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh Gaeil Chorcaí ag bailiú le chéile don oíche shóisialta Ghaelach mhíosúil. Maíonn siad go bhfuil siad “chomh cáiliúil gur ghoid Lucinda Creighton ár n-ainm.”  Oíche sa phub i measc na nGael  – ag caint, ag ceol ‘s ag comhrá. Cuirfear fáilte roimh scéalta nua, go mórmhór cinn ghrá. Bíodh scéal ullamh agat más ea, le roinnt leis an gcuid eile den chomhluadar. Breis eolais: Cuardaigh ‘RíRá’ ar Facebook. 

(ó chlé): Tomás Ó Luing, Noel Ó Maoileoin, Lúsaí Uí Bheaglaoich, agus Johnny Mac Gearailt agus iad ag cleachtadh don dráma úr 'Moll', a bheas a léiriú ar stáitse Halla na Feothanaí an deireadh seachtaine seo
(ó chlé): Tomás Ó Luing, Noel Ó Maoileoin, Lúsaí Uí Bheaglaoich, agus Johnny Mac Gearailt agus iad ag cleachtadh don dráma úr ‘Moll’, a bheas a léiriú ar stáitse Halla na Feothanaí an deireadh seachtaine seo

FÉILE DRAMAÍOCHTA CHORCA DHUIBHNE: Beidh féasta drámaíochta ar siúl i gCorca Duibhne ag an deireadh seachtaine agus dhá dhráma eagsúla á dtaispeáint mar chuid d’Fhéile Chorca Dhuibhne. ‘Aisteoirí Bulfin a bheas ar stáitse oíche Dé Sathairn, 28 Márta, ag 8, leis an dráma nua “Cúirt an Mheán Oíche” le Celia de Fréine, arna stiúradh ag Fidelma Ní Ghallchóir. Leagan nua den dráma bunaithe ar dhán cáiliúil Brian Merriman ón 18ú haois faoi fhile a thiteann ina chodladh agus a mbíonn aisling aige. Ar an Domhnach ansin, cuirfidh Aisteoirí Bhréanainn an dráma grinn ‘Moll’ le John B. Keane i láthair, arna stiúradh ag an Athair Tomás Ó hIcí. Déanfaid Muiris Ó Súilleabháin moltóireacht ar na drámaí. Beidh deis eile ag muintir iarthar Chiarraí ‘Moll’ a fheiceáil anocht, ag a 8.00in, i Halla na Feothanaí, Corca Duibhne. https://www.drama-gaeilge.com/

GAEILGE AG AN RUGBAÍ: ‘Lá na Gaeilge’, Dé Sathairn 28 Márta, Staid Pháirc Thomond, Luimneach. Beidh An tOireachtas in éineacht le Cumann Tacaíochta Rubaí na Mumhan ag eagrú ‘Lá na Gaeilge’ don chluiche Dé Sathairn. I measc na n-ócáidí a eagrófar,m beidh ‘ciorcal comhrá’ i mbeár an MRSC roimh an chluiche agus tar éis an chluiche; amhráin ó Chór an MRSC ag tús an chluiche, agus seisiún ceoil sa bheár i ndiaidh an chluiche. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Lá na Gaeilge’.

CÚRSA: ‘Stair Áitiúil & sa Bhéaloideas’, 8ú – 10ú Aibreán, Baile an Fheirtéaraigh, ceartlár Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Ciarraí. Cúrsa atá dírithe ar dhaoine a bhfuil líofacht éigin acu sa Ghaeilge cheana féin.  Reáchtálfar ranganna/seisiúin chainte sa Ghaeilge ar maidin agus cainteanna/léachtaí san iarnóin ar ghnéithe de stair ársa áitiúil agus de mhórscéalta béaloideasa Chorca Dhuibhne. Tabharfar turas ar chuid des na láithreacha staire agus seandálaíochta is ársa agus is mó sa cheantar agus buailfear isteach chuig Músaem Chorca Dhuibhne i rith an chúrsa fosta. Oidhreacht Chorca Dhuibhne atá ag réachtáil an chúrsa seo. Tá éarlais €70 le cur isteach roimh an 31 Márta. Costas: €175  Tuilleadh Eolais: www.oidhreacht.ie / eolas@cfcd.ie / 066 91 56100

FÉILE DRAMAÍOCHTA BHAILE BHÚIRNE:  ‘Caitlín Ní Uallacháin’ agus ‘Éirí na Gealaí’ ar stáitste, Dé Luain 30 Márta, 8in, Ionad Cultúrtha Bhaile Bhúirne, Corcaigh. Cuirfidh Aisteoirí Chúil Aodha ‘Caitlín Ní Uallacháin’ i láthair, dráma atá á stiúradh ag Áine Uí Chuill. Ina dhiaidh sin, beidh ‘Éirí na Gealaí’ ar ardán, aistriúchán de dhráma Lady Gregory ‘The Rising Moon,  léirithe ag Aisteoirí an tSean-Phobail. Tuilleadh eolais: https://www.drama-gaeilge.com/


Cúige Uladh


Luka

SIAMSA: ‘An Cabaret Craiceáilte’, Dé Sathairn 28 Márta, 10.00i.n, Teach Húidí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Ceol, damhsa agus craic go maidin. Sároíche de shiamsaíocht a bhíonn á reáchtáil ag Rónán Mac Aoidh Bhuí le hardán a thabhairt do cheol Gaelach agus do chuairteoirí araon, idir nua agus shean. I measc na gceoltóirí a bheas ar an ardán Dé Sathairn, beidh Na Taoisigh, racairí Gaelacha na hardcathrach, Emma Ní Fhíoruisce & Johny Clift, as Gaoth Dobhair, amhránaí ar an tsean-nós, Máire Ní Choilm, giotáraí Dhroim Caoin, Simon Mc Cafferty, Dún na nGall agus tuilleadh. Beidh Fet A Ma, banna Iodálach agus Catalónach in éineacht Luka Verga agus Moises Mas, a chasann ceol galánta fuaimiúil – seans go bhfaca tú ar Shráid na Siopaí, i nGaillimh iad. Fáilte roimh cách. Cead isteach: €5.00 ar an doras. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘ An Cabaret Craiceáilte’ ar Facebook. 

At First Light

CEOLCHOIRM: ‘ At First Light’, Dé Sathairn 28 Márta, 8.00i.n – 10.00i.n, Ionad Ealaíon Duncairn, Bóthar Aontroma, Béal Feirste. Beidh ceol fuinniúil beoga le cluinstin in ionad Duncairn Dé Sathairn seo le draíadóir ceoil an tuaiscirt. Scoth an ghrúpa, lonnaithe i mBéal Feirste, a tháinig ar an fhód de thóramh albaim a thaifid píobaire ó Bhéal Feirste i dteannta Michael McGoldrick i 2001 faoin teideal céanna. Feicfear John agus Dónal O’Connor, Micheál McCague agus Ciara McCrickard, amhránaí galánta de bhunadh Caisleán Uileann, ag casadh in éineacht ar an ardán Dé Sathairn. Cead isteach: £10 Tuilleadh eolais: https://theduncairn.com/events/first-light-concert/

Denizen - Diarmuid de Faoite

DRÁMA: ‘DENIZEN’ le Dave Duggan, Dé Luain 30 agus Dé Máirt 31 Márta, Ionad Ráth Mór Centre, Bligh’s Lane, Doire. Dráma nua-scríofa le Dave Duggan, arna chur i láthair ag Diarmuid de Faoite, aisteoir cailiúil i saol na Gaeilge, a bhfuil aitheantas anois aige as a ról mar Chathal Mac Iarnáin sa tsraithdhráma Corp&Anam agus páirteanna eile teilifíse agus stáitse. Dráma i bhfoirm óráide a bhfuil téamaí dorcha ann, arna léiriú ag Hive Studio i gcomhpháirt le Creggan Enterprises Limited. Beidh Denizen le feiceáil i dTeach na Cúirte i nDoire idir 6-8 Aibreán agus i dTeach na Cúirte ar an Srath Bán an 11 Aibreán. Cead isteach: £10 and £7.

TEACHT LE CHÉILE: ‘Gréasán Gnó’, Dé hAoine 27 Márta, 8in, An Caife, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Ócáid é a thugann deis don lucht gnó bualadh le chéile, éisteacht le cainteanna spreagúla agus tuairimí a mhalartú lena chéile. Beidh bricfeasta sláintiúil ar fáil. Tuilleadh eolais: Concubhar Ó Liatháin concubhar.oliathain@gmail.com 

SEOLADH LEABHAIR: ‘Logainmneacha Leath Chathail agus Cineál Fhathartaigh: The Placenames of Lecale and Kinelarty’ le Máire Burns a seoladh ag Cumann Gaelach Leath Chathail, 7.30in,Dé Máirt 31 Márta, Iarsmalann an Dúin, Dún Phádraig, Co. an Dúin. Leabhar scéalta áitiúla agus léargais ar cheantar Leath Chathail agus Cineál Fhathartaigh, i lár Chúige Uladh. Beidh fíon agus soláistí ar fáil ag an seoladh. Fáilte roimh chách.

SIÚLÓID TREORAITHE: Siúlóid chuig na rónta glasa i Murlach na rónta glasa le Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín, Dé Sathairn, an 22 Feabhra, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.

TAISPEÁNTAS: ‘Línte Fánacha’ le Gearóid Mac Lochlainn, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. An chéad taispeántas leis an fhile Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn, a bhfuil clú idirnáisiúnta air as feabhas a chuid filíochta. Sraith portráidí atá sa taispeántas seo, a rinneadh le dúch agus dobhardathanna in ómós do dhaoine ó cheantar dúchais Ghearóid a chuaigh i bhfeidhm air, agus daoine a bhí mar ábhar inspioráide aige agus é ag taisteal. I measc na bportráidí atá ann, tá Pádraic Fiacc agus Seosamh Ó hÉanaí agus ceoltóirí ar nós Led Billí agus Lucille Bogan. Beidh ‘Línte Fánacha’ ar taispeáint go dtí an 23 Aibreán Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event.php?e=314&lang=ga#sthash.BW5QcZd2.dpuf

CEARDLANN AGUS CEOLCHOIRM: ‘Dermot Byrne agus Floriane Blancke’, Dé Sathairn 28ú Márta, 8.00in, An Sean Bheiric, An Fhál Charrach, Dún na nGall. Deis atá anseo an lánúin Dermot Byrne, píobaire as Dún na nGall, agus a bhean Floriane Blancke a chloisteáil i mbun ceoil. Iarbhall den ghrúpa Altan, tá Dermot Byrne as Oirthear Dhún na nGall, aitheanta ar dhuine de na boscadóirí is fearr sa tír. Ón Fhrainc di Floriane Blancke, cruitire atá ag cur fúithi in Éirinn le fada ar fidléir agus amhránaí den chéad scoth í chomh maith. Beidh Dermot agus Floriane ag cur ceardlanna i láthair i rith an lae Dé Sathairn, 2.00in – 4.30in, sa tSean Bheiric. Costas €20. Ticeád don cheolchoirm:  €10 (Ticéidí €8)  Tuilleadh Eolais: 074 9180655


Cúige Chonnacht


DRÁMA: ‘Ar Shlí na Fírinne’, á léiriú ag Cumann Drámaíochta Chois Farraige, 27-29 Márta, 8in, Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe. Scéal faoi lánúin atá i bhfiacha móra agus tá súil leis na húsairí ag an doras lá ar bith. Tagann faitíos ar bhean an tí go gcaithfear amach as an teach iad. Tagann sí ar phlean, ina gcuireann sí iallach ar fhear an tí luí ar an mbord agus ligean air féin go bhfuil sé caillte! Ní fheadfaí í a chaitheamh amach as a teach agus a fear os cionn cláir! Cead isteach: €10/€5.

moliere

SCANNÁN: ‘Cycling With Molière’, Déardaoin 2 Aibreán, 8in, Seanscoil Sailearna, Conamara, Gaillimh. Saothar barrúil taitneamhach ón bhFrainc é seo ina bhfuil beirt aisteoirí grinn den scoth ann. Is pearsa cháiliúil teilifíse duine acu atá ag iarraidh a sheanchara a mhealladh ar ais ar an stáitse chun an phríomhpháirt a ghlacadh i mórshaothar Molière, The Misanthrope. Bíonn caint ghéar, cur suas, cleithmhagadh agus cadráil le cluinstin agus an bheirt á bprapáil féin don dráma. Cead isteach €8/€7 an scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/seasur-an-earraigh-2015/the-way-he-looks

DRÁMAÍ: ‘Uaigneas an Ghleanna’, Dé Sathairn 28 Márta, 8.30in, Ostán Chathair na Mart, Co.Mhaigh Eo. Dráma le J. M. Synge é seo, aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta á léiriú ag Aisteoirí Chorr na Móna agus Scoil Éigse Chamais. Ba é Uaigneas an Ghleanna an chéad dráma de chuid Synge a léiríodh ar ardán, ag tús an chéid seo caite. Dráma thar a bheith conspóideach ag an am a ardaíonn ceisteanna chomh tráthúil inniu is a bhí siad céad bliain ó shin. Beidh agallaimh bheirte agus scéalaíocht ar siúl le linn na hoíche freisin. Is mar chuid d’Fhéile Dramaíochta atá an oíche seo á reáchtáil.


Cúige Laighean


Féile Drámaíochta Cheatharlach: ‘An Gadaí Béasach’ agus ‘Éirí na Gealaí’, Dé Domhnaigh 29 Márta, Amharclann VISUAL, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Ceatharlach. Dráma le Dario Fo é ‘An Gadaí Béasach’ a bheas á chur i láthair ag Aisteoirí an Lóchrainn ó Cheatharlach. Aistriúchán atá ann ar an dráma Iodálach “Non Tutti i Ladri Vengono a Nuocere”. Leanfar le dráma Lady Gregory ‘Éirí na Gealaí’, léirithe ag Aisteoirí an tSean-Phobail, as na na Déise.  Is é Beartla M. Ó Flatharta a bheidh mar mholtóir ar an imeacht. Tuilleadh eolais: eolas@glorcheatharlach.ie nó glaoigh ar 059/9158105

CEOLCHOIRM: ‘Pipes and Polkas’, Dé Domhnaigh 29 Márta, 3in, Cearnóg Wolf Tone, Baile Átha Cliath. Déanfar ceiliúradh ar chultúr na Polainne agus na hÉireann roimh an gcluiche san Aviva. Beidh na Píobairí Uilleann ag seinm meascán de cheol ón Pholainn agus ceol traidisiúnta na tíre seo, do dhamhsóirí as an ghrúpa damhsa Polannach ‘Shamrock’. Is mar chuid den fhéile ‘ÉirePolska 2015’ atá an t-imeacht á reáchtail. Tuilleadh eolais: https://pipers.ie/events/2015/03/pipes-and-polkas/


Timpeall na Tíre


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.