Tá an Garda Cósta tar éis iascaire, a ndeachaigh a bhád go tóin poill amach ó oileán Gaeltachta i dTír Chonaill, a thógáil as an uisce. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála maidin inniu nuair a chonacthas an fear san uisce go gairid i ndiaidh a 10 a chlog.
“Chuala bean ar an gcladach glaoch ón bhfear a bhí san uisce agus é ag lorg cúnaimh. Ní as an áit í agus thóg sé cúpla nóiméad orainn an áit a raibh sí a oibriú amach ach a luaithe is a bhí muid cinnte cá raibh sí, cuireadh an héileacaptar agus na seirbhísí eile chuig an áit.
“Bhí an fear, arb as an gceantar é, tuairim is 100 slat amach ó chósta an oileáin, agus bhí a chos gortaithe. D’ardaigh an héileacaptar as an uisce é agus tugadh chuig an otharlann é. Murach an seaicéad tarrthála a bhí sé a chaitheamh, ní bheadh sé beo,” a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Cósta.
Rinne bád iascaigh eile iarracht an fear a thógáil as an uisce gar d’Oileán Néill Chróine amach ó chósta an Chlocháin Léith ach theip ar na hiarrachtaí sin.
Tháinig an héileacaptar Rescue 118, atá lonnaithe i Sligeach, ón bhFód Dubh Maigh Eo, áit a bhfuil an cuardach fós ar bun do chriú an Rescue 116 a thit i bhfarraige coicís ó shin, i gcabhair ar an bhfear.
Bhí Garda Cósta Árainn Mhóir agus Garda Cósta an Bhun Bhig i nGaoth Dobhair páirteach sa tarrtháil freisin.
Tugadh chuig Otharlann Leitir Ceanainn an fear agus tá cóir leighis á cur air don hipiteirme atá air. Tá an bád iascaigh ar a raibh an t-iascaire imithe go tóin poill agus níl tásc ná tuairisc air. Ba é an fear a tógadh as an uisce an t-aon duine a bhí ar bord.
Fág freagra ar 'Iascaire tógtha as an bhfarraige i ndiaidh dá bhád dul go tóin poill amach ó chósta Ghaeltacht Thír Chonaill'