Deir Ard-Choimisinéir Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, Volker Türk, gur cheart aon duine sa tSiria a rinne ainghníomhartha faoi réimeas Bashar al-Assad a thabhairt chun an dlí.
“An rud is gá sa tSiria ná go dtógfaí córas dlí inmheánach a chuirfidh triail chothrom ar gach duine a bhfuil fianaise láidir ann go raibh siad freagrach as ainghníomhartha coiriúla.
“Agus is é an dála céanna é ag iaruachtarán na Siria agus pé duine a bhí i bpostanna ceannaireachta sinsearacha.”
Dúirt Iosrael go raibh ionsaithe ón aer déanta acu ar “chórais armlóin straitéiseacha” sa tSiria agus go raibh trúpaí curtha ar dualgas acu ar talamh ansin. “Gníomh teoranta gearrthéarmach” a bhí ann ar mhaithe le hIosrael a choimeád slán, a dúradh.
Chuir ionsaí tobann ó ghrúpaí reibiliúnacha Ioslamacha deireadh le réimeas mhuintir Assad a bhí ann le 50 bhliain.
An grúpa Hayat Tahrir al-Sham (HTS), a bhí ceangailte tráth le Al Qaeda, a bhí i gceannas ar an gceannairc.
Dúirt Ard-Choimisinéir Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe go raibh “deis iontach” ann tús a chur le cainteanna a mbeadh baint ag cách leo faoi aistriú na cumhachta polaitiúla sa tír.
Níos lú ná coicís ó shin a cuireadh tús leis an ionsaí a bhuail buille marfach ar an réimeas. Ghabh na reibiliúnaigh an phríomhchathair Damascus gan aon chur ina gcoinne Dé Domhnaigh.
Saoradh príosúnaigh ón bpríosún míleata Saydnaya, áit a bhí ina shiombail d’ansmacht brúidiúil Assad. Tá na tolláin faoin bpríosún fós á gcuardach ag oibrithe tarrthála agus gaolta daoine a tógadh le lámh láidir agus nach raibh tásc ná tuairisc orthu ina dhiaidh sin.
Theith Bashar al-Assad chun na Rúise, mar a bhfuil tearmann tugtha dó.
Choimeád muintir Assad smacht ar an tSiria leis an lámh láidir ar feadh os cionn 50 bliain agus bhí Bashar al-Assad ina uachtarán ó 2000 nuair a bhásaigh a athair Hafez
In 2011 chuir an t-iaruachtarán faoi chois go brúidiúil éirí amach síochánta ar son an daonlathais. Chuir sin tús le cogadh cathartha uafásach inar maraíodh os cionn leathmhilliún duine. B’éigean do 12 milliún duine teitheadh ón mbaile de dheasca na coimhlinte, ceann de na géarchéimeanna teifeach is measa lenár linn.
Fágann bua na gceannairceach go mbeidh na milliúin duine ábalta filleadh abhaile ó champaí géibhinn sa Liobáin, sa Tuirc agus san Iordáin.
Mhaígh ceannaire Hayat Tahrir al-Sham Ahmed al-Sharaa, go ndéanfaí an tSiria a atógáil.
“Tá stair nua á scríobh sa réigiún go léir, a dheartháireacha, i ndiaidh an bhua iontaigh seo,” ar sé. Bheadh an tSiria ina “lóchrann ag an náisiún Ioslamach”, a dúirt sé.
Pádraig
Is maith an rud é faoi dheireadh go bhfuil tuairisc againn ar an Meánoirthear nach mbaineann le hIosrael/Palaistín. Ach cá raibh na tuairiscí ó Tuairisc.ie ar Shiria le deich mbliana anuas a fhad is a bhí fórsaí Al-Assad ag déanamh céasadh, slad agus leatrom ar a phobal féin?
Ó bhris an cogadh is déanaí amach idir Iosrael agus Hamas, ní théann aon stad leis hailt ar Tuairisc.ie atá dírithe ar an ‘gcinedhíothú’ atá á dhéanamh ag Iosrael ar na Palaistínigh. Ach más fíor go bhfuil Tuairisc.ie chomh buartha sin faoi chearta na ndaoine atá á gcur faoi chois, cá raibh na hailt faoi mhuintir Shiria le deich mbliana anuas (meastar gur mharaigh fórsaí Al-Assad thart ar 300,000 sibhialtach ar a laghad)?
Cén fáth a ndíríonn Tuairisc.ie gan stad gan staonadh ar ‘choireanna’ Iosrael (agus é ag iarraidh é fein a chosaint ar sceimhlitheoirí) nuair atá coimhlintí agus cos ar bolg i bhfad níos measa ar siúl sa Mheánoirthear? Cén fáth nach dtarraingítear aon aird ar an gcos ar bolg atá á dhéanamh ag an Tuirc ar an bpobal Coirdíneach nó ag an Asarbaiseáin ar na hAirméinigh, gan ach cúpla sampla a lua?
Fearn
I gead do Volker Türk ní hionann cogadh a bhuachaint ar thír eile agus cogadh cathartha a laghdú.
B’fhéidir nár chuí anois i dteas na buachainte daoine a thabhairt os comhair cúirte éigin. Ní leigheasfaidh sin an náisiún. Caithfear maithiúntas a dhéanamh ar gach taobh, agus is iomaí slí lena dhéanamh. Bhí coimisiúin na fírinne agus an athmhuintearais ann san Afraic Theas i ndiadh titim an seanréimis. I Ruanda bhí córas éigin acu a bhí bunaithe ar mar a shocraigh muintir na sráidbhailte a n-agóidí riamh agus a choinnigh a muintearas. Fiú in Éirinn in 1922, chuala mé go raibh socrú éigin i leith gan faltanas a imirt i ndiaidh an chogaidh.
Bíodh seans ag an réimeas nua créachtaí an náisiúin a leigheas seachas le chneasú thar goimh. Beidh smaointeoireacht úr de dhith.