Iarrtha ag Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil ar an rialtas gníomhú ar cheist na tithíochta sa nGaeltacht

Tá an feisire Cynthia Ní Mhurchú, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, ag tacú le hachainí oifigiúil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an mhí seo faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht

Iarrtha ag Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil ar an rialtas gníomhú ar cheist na tithíochta sa nGaeltacht

Tá iarrtha ag Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil ar a comhghleacaithe sa rialtas gníomhú ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht.

Deir Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach d’Éirinn Theas, go bhfuil an córas pleanála atá i bhfeidhm sa nGaeltacht ina bhagairt dhíreach ar thodhchaí na Gaeilge.

Tá Ní Mhurchú, i gcomhpháirt le Conradh na Gaeilge, ag tacú le hachainí oifigiúil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa an mhí seo faoin ngéarchéim tithíochta agus faoin tslí a bhfuil an ghéarchéim ag goilleadh ar cheantair Ghaeltachta.

Maítear san achainí go bhfuil baol ann do thiomantas an Aontais Eorpaigh “don chomhtháthú réigiúnach agus don éagsúlacht chultúrtha mura ndéantar gníomhaíocht phráinneach” ar fhadhb na tithíochta sa nGaeltacht. Moltar inti go ndéanfaí rialtas na hÉireann a spreagadh chun gnímh ar an gceist.

Mar chuid den achainí, tiocfaidh toscaireacht ón nGaeltacht go dtí Parlaimint na hEorpa an tseachtain seo chugainn chun an scéal a phlé le Feisirí Eorpacha agus le hoifigigh ón gCoimisiún Eorpach.

Anseo sa mbaile, tá Ní Mhurchú ag iarraidh go bhfoilseofaí na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht gan mhoill agus go bhfoilseofaí láithreach bonn freisin na pleananna forbartha speisialta don Ghaeltacht, le spriocanna sonraithe, mar a gealladh sa gclár rialtais.

Tá Ní Mhurchú ag iarraidh go gceadódh na treoirlínte pleanála d’údaráis áitiúla a bheith níos solúbtha maidir le cead pleanála a bhronnadh sa Ghaeltacht, ar chainteoirí líofa Gaeilge, go háirithe.

Deir Ní Mhurchú go dteastaíonn uaithi go mbeadh cainteoirí líofa Gaeilge sa gcatagóir chéanna le daoine a bhfuil “riachtanais áitiúla” acu ó thaobh pleanála nuair a bhíonn iarratas sa nGaeltacht á mheas.

Deir sí go bhfuil cainteoirí dúchais Gaeilge á bhfágáil san fhaopach agus á mbrú amach as ceantair Ghaeltachta toisc go bhfuil na húdaráis áitiúla ag diúltú cead pleanála a thabhairt dóibh chun tithe a thógaint ar thailte a ndaoine muinteartha.

Dúirt an Feisire Ní Mhurchú go bhfuil scríofa aici go dtí an tAire Tithíochta James Browne agus Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, faoin ábhar seo.

Agus é ag labhairt i bParlaimint na hEorpa an mhí seo caite, d’iarr feisire eile ón tír seo ar choiste nua de chuid na parlaiminte breathnú ar an gceist.

Dúirt Ciarán Mullooly ó Éire Neamhspleách gur fhág drochphleanáil agus ualach tithe saoire go raibh slua daoine gan aon Ghaeilge tar éis teacht isteach sa nGaeltacht agus go raibh tionchar suntasach aige sin ar chúrsaí teangeolaíochta.

Bhí ionadaithe ón ngrúpa feachtais tithíochta Tinteán thall sa mBruiséil mí an Mhárta chun an ghéarchéim tithíochta sa nGaeltacht a phlé le feisirí.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil ar an rialtas gníomhú ar cheist na tithíochta sa nGaeltacht'