D’iarr an Pápa Proinsias maithiúnas tráthnóna maidir leis an mí-úsáid ghnéis i measc na cléire in Éirinn.
Ag tús Aifreann an Phápa i bPáirc an Fhionnuisce tráthnóna, an mhórócáid dheireanach dá chuairt dhá lá ar Éirinn, d’iarr sé pardún as na cineálacha éagsúla drochíde a d’fhulaing mná, fir agus leanaí in Éirinn de dheasca iompar na hEaglaise.
“Iarraimid maithiúnas as an mí-úsáid in Éirinn, an mhí-úsáid ó thaobh cumhachta agus coinsiasa agus an mhí-úsáid ghnéis a rinne baill a raibh rólanna san Eaglais acu a raibh freagracht ag baint leo.
“Ar bhealach speisialta, iarraimid pardún as an mí-úsáid ar fad a tharla in institiúidí éagsúla a bhí á rith ag sagairt agus mná rialta agus ag baill eile den Eaglais, agus iarraimid maithiúnas as na cásanna sin inarbh éigean don oiread sin d’fhir agus de mhná óga obair láimhe a dhéanamh. Iarraimid maithiúnas.”
D’iarr an Pápa maithiúnas chomh maith as “na huaireanta sin” nár éirigh leis an Eaglais “comhbhá” a léiriú le híospartaigh agus as easpa gnímh na hEaglaise maidir le ceart a lorg do dhaoine agus an fhírinne a nochtadh.
“Iarraimid maithiúnas don chuid sin den chliarlathas nach ndearna cúram de na cásanna seo agus a d’fhan ina dtost.
“Iarraimid maithiúnas as na huaireanta sin ar fad ar dúradh le máithreacha aonair gur pheaca marfach a bhí ann na páistí a tógadh uathu a lorg – agus dúradh an rud céanna leis na hiníonacha agus na mic féin. Ní peaca marfach é sin. Iarraimid maithiúnas.”
Ag deireadh a phaidre, dúirt an Pápa: “Go raibh an misneach againn obair ar son an chirt. Áiméan.”
Chuir na céadta míle a bhí i láthair ag an Aifreann fáilte chroíúil roimh an bPápa tráthnóna agus thuill sé bualadh bos mór gach uair ar lorg sé maithiúnas ina phaidir aithrí.
Ba é Aifreann an Phápa an mhórócáid dheireanach dá thuras, turas dhá lá inar thug sé cuairt ar Chruinniú na dTeaghlach i mBaile Átha Cliath agus ar Chnoc Mhuire. Bhí téama na mí-úsáide gnéis a tharla sa tír seo go mór sa treis le linn na cuairte go léir.
Dúirt sé i gCnoc Mhuire gurb ionann agus “cneá oscailte” an mhí-úsáid i measc lucht na hEaglaise in Éirinn agus dúirt sé go gcaithfí “gníomh láidir cinnte” a dhéanamh ar son na “fírinne agus an chirt”.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné gur chóir go mbeadh caidreamh nua ann idir an Stát agus an Eaglais agus nár cheart ról lárnach a bheith ag an Eaglais sa tsochaí a thuilleadh.
I ndiaidh dó slán á fhágáil ag an bPápa ag Aerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna, chuir an Taoiseach tvuít amach inar dúirt sé go raibh súil aige go ndéanfaí beart de réir briathair maidir le ceist na mí-úsáide.
We welcome Pope Francis’s call for firm and decisive action and for forgiveness. We now ask that from words flow actions. We thank Pope Francis for his visit, and ask for his prayers. pic.twitter.com/6cg2YKh6Pr
— Leo Varadkar (@campaignforleo) 26 Lúnasa 2018
Chas an Pápa féin inné le hochtar a d’fhulaing mí-úsáid agus thug sé uair go leith ina dteannta ag éisteacht lena scéalta. Tuairiscíodh gur chuir na scéalta faoi na hárais mháithreacha agus leanaí “alltacht” air.
Dúirt Marie Collins, duine den ochtar ar chas an Pápa leo, gur bhain “rudaí dearfacha” leis mar chruinniú.
Dúirt Collins, a d’éirigh as coimisiún speisialta a bhunaigh an Pápa le dul i ngleic le mí-úsáid ghnéis i measc na cléire, gur léir, áfach, nach raibh sé i gceist go ndéanfaí aon bheart eile leana chinntiú go nglacfadh na hEaspaig a chabhraigh leis an mí-úsáid a cheilt freagracht as an mbaint a bhí acu siúd leis an scannal.
Fad is a bhí Aifreann an Phápa ar siúl inniu, eagraíodh roinnt ócáidí eile ar fud na tíre in ómós do na daoine a d’fhulaing de bharr mhí-iompar na hEaglaise in Éirinn. Bhí na mílte i láthair ag ócáid sa Ghairdín Cuimhneacháin a d’eagraigh an grúpa Stand4Truth.
Idir an dá linn, tá ráite ag iarthaidhleoir sinsearach sa Vatacáin agus duine de lucht cáinte an Phápa gur chóir do Phroinsias éirí as toisc nach ndearna sé tada faoi líomhaintí maidir le mí-úsáid ghnéis a bhain le hiarchairdinéal i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Maíonn Carlo Maria Viganò go raibh an Pápa ar an eolas le cúig bliana anuas mar gheall ar na líomhaintí maidir le Theodore McCarrick, iarArdeapsapag Washington, a d’éirigh as an mhí seo caite.
wtf
“a d’éirigh as”?….Deirtear gur sa tSín atá sé agus é ag sagartóireacht i gcónaí. Bhailigh sé na milliúin don eaglais i rith a shaoil (is fiú €200 billiún an eaglais chéanna). An Pápa a d’aistrigh é, deirtear. Gnéas agus airgead, sin cúram na heaglaise Caitlicí. B’ea riamh.
Mairéad
Níl éinne chun maithiúnas a thabhairt do easpaig na Róimhe ná don eaglais choiriúil Rómhánach “Caitliceach” go dtí go bhfuil na mílte reiligiúnach a bhain mí-úsáid as páistí curtha sa bpríosún in éineacht leis na proibhínsigh ar na hoird rialta, na cairdinéil agus na heaspaig atá fós ag iarraidh an mí- úsáid a cheilt ar mhaithe le dea-cháil na heaglaise. Ba chóir go mbeadh muid go léir buíoch don íospartach Colm O’Gorman a deagraigh an agóid i nGairdín an Chuimhneacháin i gCearnóg Pharnell agus do Catherine Corless agus cosmhuitir Thuama a d’eagraigh an bigil ar son gaolta na 796 páiste a chaith mná rialta a gcorp sa dabhach séarachais sa mbaile sin. Ba chóir do Caitlicigh na hócáidí mhóra “cultural Catholics” agus nach dtéann ar aifrinn eirí as iad fhéin a liostáil mar Caitlicigh sa daonáireamh agus ar foirmeacha iontrála bunscoile nó arb é gur cuma le daoine go bhfuil 92% de bhunscoileanna á reachtáil ar mhaithe le eaglais choiriúil atá taobh amuigh den dlí.
Carraig
‘lasmuigh den dlí’ …an ceart agat. Is é an dlí Canónach a aithníonn an chléir agus tá siad beag beann ar dhlí na tíre. Sin a thugann sciath chosanta dóibh. Aon duine, cléir nó tuata, a leagann láimh mhígheanmnaí ar pháiste nó éinne eile ba cheart bata an dlí a bhualadh air/uirthi. Tá an eaglais seo bréan lofa ainspridiúil. Leainbhín 18 mí á éigniú thall i bPennsylvania!! Ní hacmhainn don bPápa seo (81 bliain d’aois) ná d’aon Phápa eile gortghlanadh a dhéanamh ná reacht nua a chur i réim inti. Is seanduine caite é Proinsias. Ní raibh fhios aige dada faoi na Magdalene Laundries ná faoi Thuaim. Nó…ná clois a gcloisir is ná feic a bhfeicfir. Dia idir sinn agus an t-Olc.