Tá bean Ghaeltachta agus iar-aire rialtais ceaptha ina cathaoirleach ar Údarás Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Tá sé fógartha ag an ollscoil gurb í Máire Geoghegan-Quinn a bheidh ina cathaoirleach ar Údarás na hOllscoile go dtí 2025.
Chaith an Dr Geoghegan-Quinn, arb as Conamara ó dhúchas di, breis is scór bliain mar Theachta Dála do Ghaillimh Thiar idir 1975-1997. Ba í an chéad bhean a ceapadh mar aire rialtais ó bhunú an stáit nuair a ceapadh í ina hAire Gaeltachta i 1979.
Chaith sí tréimhse ceithre bliana ina Coimisinéir Eorpach idir 2010-2014.
Dúirt Máire Geoghegan-Quinn gur mór an onóir di an ceapachán nua ach go mbeidh obair mhór i gceist de dheasca thionchar phandéim an Covid-19.
“Chuir an phaindéim dlús leis an ngá atá le hOllscoil de chineál nua a chruthú,” a dúirt an Dr Geoghegan-Quinn.
Dúirt sí gur gá freastal ar an gcianfhoghlaim ach “pobal léinn, cruthaitheachta agus uaillmhéine” a chruthú ag an am céanna.
Ceapadh Máire Geoghegan-Quinn d’aon toil ag an gcéad chruinniú foirmiúil den Údarás nua an tseachtain seo caite agus mairfidh a téarma mar chathaoirleach ar feadh ceithre bliana.
Is é ról Údarás na hOllscoile ná treo agus ceannaireacht a thabhairt don Ollscoil.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, gur “pribhléid” é don ollscoil Máire Geoghegan-Quinn a bheith mar chathaoirleach ar an Údarás.
“Is iontach an acmhainn dúinn taithí agus saineolas an Dr Geoghegan-Quinn maidir le, mar shampla, leasú polasaí poiblí, le tacú le taighde agus le cur chuige na hilchineálachta agus muid ag iarraidh ár bplean straitéiseach Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna, ar chabhraigh sí lena fhorbairt, a chur i bhfeidhm.
“Beimid in ann a chinntiú go mbeidh bainistíocht na hOllscoile á stiúradh agus déanaimid ár ndícheall na naisc atá ann cheana a dhoimhniú agus caidrimh nua a thógáil.”
Bhí bean Ghaeltachta eile, Nuala Ní Chonghaile, iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar dhuine de dheichniúr a toghadh ar Údarás na hOllscoile mí Eanáir.
Fág freagra ar 'Iar-aire Gaeltachta ceaptha ina cathaoirleach ar údarás OÉ Gaillimh'