“Love”, “Hello”, “Funny”, “Teacher”, “Shower”, and “Happy” – tá na focail sin ar fad i measc na bhfocal is mó cuardach ar an suíomh foclóir.ie ó thús na bliana.
Léiríonn figiúirí a chuir lucht bainistíochta an tsuímh ar fáil do Tuairisc.ie go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na gcuardach ar an suíomh le bliain anuas.
Sa tréimhse 15 Meán Fómhair – 14 Deireadh Fómhair 2013 thug 29,300 cuairteoir uathúil cuairt ar foclóir.ie, atá á rith ag Foras na Gaeilge, ach sa tréimhse chéanna i mbliana bhí ardú 86% ar líon na gcuairteoirí go 54,638.
Ardaíodh líon na gcuairteanna ó na cuairteoirí sin ó 43,864 i 2013 go 93,050 i 2014.
Tháinig méadú as cuimse ar líon na gcuardach aonair freisin idir an dá thréimhse – 154,726 sa bhliain 2013 go 314,288 i mbliana (+103%).
Is in Éirinn a rinneadh formhór na gcuardach sin (71%), ach is léir fiosracht na nGael-Mheiriceánach faoin teanga sna staitisticí; tháinig 12% de na cuardaigh ó na Stáit Aontaithe – dhá oiread den trácht a tháinig ón mBreatain.
Seoaldh focloir.ie ar 1 Eanáir 2013 agus cuireadh an t-ábhar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna soghluaiste.
Le bliain anuas, tá líon na ndaoine a bhaineann leas as an suíomh ar ghléasanna soghluaiste imithe in airde, ó 37% den iomlán anuraidh go 45% i mbliana.
Táthar ag cur leis an bhfoclóir de réir a chéile; cuireadh 6,300 iontráil bhreise leis an suíomh i Meitheamh na bliana seo agus an mhí seo rinneadh uasdatú arís ar an suíomh.
| Focal | Líon na gCuardach | Gaeilge |
|---|---|---|
| Love | 2,661 | Grá |
| Hello | 2,528 | Heileo |
| For | 2,416 | Do |
| Shower | 1,656 | Cithfholcadán |
| Go | 1,653 | Téigh |
| Be | 1,474 | Bí |
| Happy | 1,300 | Sona |
| Family | 1,257 | Teaghlach |
| Play | 1,243 | Bheith ag spraoi |
| Find | 1,237 | Faigh |
Ba léir freisin go n-imríonn séasúr na bliana tionchar mór ar an gcineál cuardaigh a dhéantar ar an suíomh. Mar a léirítear sa tábla thíos ba mhó spéis a bhí ag an bpobal le seachtain anuas i bpuimcíní agus i liabógaí leathair ná rud ar bith eile.
| Focal | Gaeilge |
|---|---|
| Witch | Cailleach |
| Pumpkin | Puimpcín |
| Spider | Damhán alla |
| Trick or treat | Bob nó bia |
| Bat | Ialtóg |
| Carve | Snoigh |
| Skeleton | Cnámharlach |
| Ghost | Taibhse |
| Vampire | Vaimpír |
| Halloween | Oíche Shamhna |
Beidh dhá sheisiún eolais faoi na foclóirí ar líne ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an Déardaoin seo agus cuirfear tuilleadh focal leis an bhfoclóir ag tús mhí na Nollag.

Fág freagra ar '‘Hello’… ‘love’… ‘happy’ – na focail is mó cuardach ar foclóir.ie'