‘Hello’… ‘love’… ‘happy’ – na focail is mó cuardach ar foclóir.ie

Tá méadú 112% ar líon na seisiún (cuairt) ar focloir.ie le bliain anuas - agus liosta na bhfocal is mó cuardach curtha ar fáil acu do Tuairisc.ie

pres-higgins-eng-iri2c3893

“Love”, “Hello”, “Funny”, “Teacher”, “Shower”, and “Happy” – tá na focail sin ar fad i measc na bhfocal is mó cuardach ar an suíomh foclóir.ie ó thús na bliana.

Léiríonn figiúirí a chuir lucht bainistíochta an tsuímh ar fáil do Tuairisc.ie go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na gcuardach ar an suíomh le bliain anuas.

Sa tréimhse 15 Meán Fómhair – 14 Deireadh Fómhair 2013 thug 29,300 cuairteoir uathúil cuairt ar foclóir.ie, atá á rith ag Foras na Gaeilge, ach sa tréimhse chéanna i mbliana bhí ardú 86% ar líon na gcuairteoirí go 54,638.

Ardaíodh líon na gcuairteanna ó na cuairteoirí sin ó 43,864 i 2013 go 93,050 i 2014.

Tháinig méadú as cuimse ar líon na gcuardach aonair freisin idir an dá thréimhse – 154,726 sa bhliain 2013 go 314,288 i mbliana (+103%).

Is in Éirinn a rinneadh formhór na gcuardach sin (71%), ach is léir fiosracht na nGael-Mheiriceánach faoin teanga sna staitisticí; tháinig 12% de na cuardaigh ó na Stáit Aontaithe – dhá oiread den trácht a tháinig ón mBreatain.

Seoaldh focloir.ie ar 1 Eanáir 2013 agus cuireadh an t-ábhar ar fáil saor in aisce agus in oiriúint do ríomhairí deisce agus do ghléasanna soghluaiste.

Le bliain anuas, tá líon na ndaoine a bhaineann leas as an suíomh ar ghléasanna soghluaiste imithe in airde, ó 37% den iomlán anuraidh go 45% i mbliana.

Táthar ag cur leis an bhfoclóir de réir a chéile; cuireadh 6,300 iontráil bhreise leis an suíomh i Meitheamh na bliana seo agus an mhí seo rinneadh uasdatú arís ar an suíomh.

 

Focal Líon na gCuardach Gaeilge
Love 2,661 Grá
Hello 2,528 Heileo
For 2,416 Do
Shower 1,656 Cithfholcadán
Go 1,653 Téigh
Be 1,474
Happy 1,300 Sona
Family 1,257 Teaghlach
Play 1,243 Bheith ag spraoi
Find 1,237  Faigh

 

Ba léir freisin go n-imríonn séasúr na bliana tionchar mór ar an gcineál cuardaigh a dhéantar ar an suíomh. Mar a léirítear sa tábla thíos ba mhó spéis a bhí ag an bpobal le seachtain anuas i bpuimcíní agus i liabógaí leathair ná rud ar bith eile.

 

Focal Gaeilge
Witch Cailleach
Pumpkin Puimpcín
Spider Damhán alla
Trick or treat Bob nó bia
Bat Ialtóg
Carve Snoigh
Skeleton Cnámharlach
Ghost Taibhse
Vampire Vaimpír
Halloween  Oíche Shamhna

 

Beidh dhá sheisiún eolais faoi na foclóirí ar líne ar siúl ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne an Déardaoin seo agus cuirfear tuilleadh focal leis an bhfoclóir ag tús mhí na Nollag.

Fág freagra ar '‘Hello’… ‘love’… ‘happy’ – na focail is mó cuardach ar foclóir.ie'