Harvey Weinstein ciontaithe i Nua-Eabhrac as éigniú

Ba é cás Weinstein, a léirigh scannáin mór le rá amhail Pulp Fiction agus Shakespeare in Love, an cás ba mhó a spreag an feachtas #Metoo inar inis mná don saol mór faoi fhir chumhachtacha a líomhain siad a bhain mí-úsáid astu

Fuarthas ciontach inniu i gcúirt i Nua-Eabhrac Harvey Weinstein, an boc mór i saol na scannán in Hollywood ar spreag na líomhaintí mí-úsáid ghnéasach ina aghaidh an ghluaiseacht #MeToo.

Ciontaíodh Weinstein in éigniú den tríú grád agus gníomh coiriúil gnéis den chéad ghrád, ach fuarthas neamhchiontach é sna cúiseanna ba thromchúisí ar fad a cuireadh ina leith – ionsaí gnéis creiche agus éigniú den chéad ghrád.

Dá gciontófaí é as ionsaí gnéis creiche d’fhéadfadh príosún saoil a bheith curtha air ach d’fhéadfadh sé go gcuirfí pianbhreith 25 bliain i bpríosún a ghearradh air mar atá.

Tháinig an giúiré, seachtar fear agus cúigear ban, ar a gcinneadh inniu tar éis cúig lá cur agus cúiteamh.

Tá cúiseanna eile éignithe agus ionsaí gnéis curtha i leith Weinstein, 67, ag beirt bhan in Los Angeles agus os cionn 80 bean ar fad a chuir ina leith go raibh mí-iompar gnéis ar bun aige leis na scórtha bliain. 

Phléadáil Weinstein neamhchiontach as ionsaí gnéis a dhéanamh ar a iarchúntóir léirithe Mimi Haleyi agus as éigniú a dhéanamh ar Jessica Mann a bhí ag tosú amach san aisteoireacht.

Ba é cás Weinstein, a léirigh scannáin mór le rá amhail Pulp Fiction, The English Patient agus Shakespeare in Love, an cás ba mhó a spreag an feachtas #Metoo inar inis mná don saol mór faoi fhir chumhachtacha a líomhain siad a bhain mí-úsáid astu.

Fág freagra ar 'Harvey Weinstein ciontaithe i Nua-Eabhrac as éigniú'