Gustal, gamalacht agus gáifeacht ghaigí Gucci

Taispeántas iontach eile ó Lady Gaga mar an bhean a bhí ‘níos Gucci ná muintir Gucci iad féin’

Gustal, gamalacht agus gáifeacht ghaigí Gucci

House of Gucci
Stiúrthóir: Ridley Scott
Cliar: Lady Gaga, Adam Driver, Al Pacino, Jeremy Irons, Jared Leto, Salma Hayek

Is liosta le háireamh iad na saothair atá stiúrtha ag Ridley Scott i gcaitheamh na mblianta agus saothair amhail Blade Runner (1982), Alien (1979), Thelma and Louise (1991), Gladiator (2000) agus The Martian (2015) áirithe mar shárshaothair ar leith. Tá iomairí éagsúla rómhartha aige le breis agus caoga bliain agus gan aon chuimhneamh ag an Sasanach, a bhí ceithre bliana le cois na ceithre scór ag deireadh na míosa seo caite, a cheamara a leagan uaidh.

Bíonn uisce le fiacla aon uair a théann sé i mbun oibre agus b’amhlaidh a bhí nuair a chualathas go raibh sé chun tabhairt faoi scéal fíorspéisiúil, tragóideach mhuintir Gucci a reic.

Faoin mbliain 1978 bhí cáil dhomhanda ar Gucci agus é ar cheann de na tithe faisin ba rathúla ar domhan. Bhí a gcóta bán déanta ag sliocht Guccio Gucci, an té a chuir an comhlacht sa tsiúl sna fichidí. Faoin am seo tá a chlann mhac Aldo Gucci (Pacino) agus Rodolfo Gucci (Irons) i bhfeighil an chomhlachta agus a sliocht siúd Paolo (Leto) agus Maurizio (Driver) le teacht i gcomharbacht orthu.

Léiríonn Driver a charachtar mar dhuine saonta agus é saghas leanbaí ann féin. Oíche airneáin buaileann sé le Patrizia Reggianai (Gaga), bean bhródúil nach bhfuil maoin ón mbroinn léi. Cuirtear gaol rómánsúil sa tsiúl eatarthu agus ní nach ionadh tá muc ar gach mala ag athair Maurizio, Rodolofo. Duine coimhthíoch í sa teaghlach aisteach, mórchúiseach, mífheidhmiúil seo. Tá Patrizia umhal ar dtús agus Maurizio mar mhaidrín lathaí aici. Is de réir a chéile a éiríonn sí níos uaillmhianaí agus níos teanntásaí.  In agallamh a thug sí uaithi in 2014 do mhaígh sí go raibh sí “níos Gucci ná muintir Gucci iad féin”.

 

Léirítear polaitíocht agus iomaíocht mhuintir an tí mar aon lena siabhráin. Gucci i mbaol a stádas a chailliúint mura ndéanfar gníomh fónta, Patrizia ag ceapadh gurb ise an fáidh.  Is de réir a chéile a thiteann an teaghlach agus pósadh Maurizio/ Patrizia as a chéile agus go gcuirtear eachtraí tragóideacha sa tsiúl. Níl aon deabhadh ar Scott a scéal a insint agus bogann an scannán, atá breis agus dhá uair an chloig go leith, ar aghaidh go malltriallach.

Fan na slí bíonn na ladhracha ag damhsa le ceol na n-ochtóidí; saothair ó leithéidí Donna Summer, Caterina Caselli, George Michael, Eurythmics, Blondie agus a lán eile nach iad. Súp á bhaint againn chomh maith as faisean na tréimhse. Iad ar fad á slíocadh féin, Paolo ach go háirithe. Is mó cló atá curtha ag Jared Leto air féin i gcaitheamh na mblianta ach is ar éigean a d’aithneofá é anseo. Carachtar truacánta a bhfuil siabhrán air, ach carachtar a bhaineann gáire asainn mar sin féin. I ndeireadh na dála, áfach, is dóigh go dtéann Leto thar fóir agus go mbímid i dtaobh le caracatúr.

Déanann Pacino agus Irons a gcúram agus ní féidir locht a fháil ar Driver ach iad ar fad ag streachailt le tuin áiféiseach Iodálach.

I ndeireadh na dála is le Gaga an scannán seo agus taispeántas iontach á tabhairt uaithi aici. Tagann an taispeántas seo sna sála ar an duais Oscar a ghnóthaigh sí do A Star is Born (2018). Bean ildánach má bhí a leithéid riamh ann. Tá bá againn le Patrizia agus trua againn di i dtreo an deiridh agus a saol ag titim ó chéile. Ag an am céanna, áfach, is léir nach raibh sí go hiomlán istigh léi féin óir gurbh í ba chionsiocair le coir uafásach.

Léiriú ábalta ar ghustal, gamalacht agus gáifeacht mhuintir Gucci.

Fág freagra ar 'Gustal, gamalacht agus gáifeacht ghaigí Gucci'