Grúpa oibre le bunú ag Roinn na Gaeltachta chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé

Deir an brúghrúpa BÁNÚ gur cheart do Roinn na Gaeltachta iasachtaí airgid a chur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht

Grúpa oibre le bunú ag Roinn na Gaeltachta chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé

Tá grúpa oibre le bunú ag Roinn na Gaeltachta chun dul i ngleic leis an ngéarcheim tithíochta sa Ghaeltacht.

Tugadh an méid sin le fios le dénaí don ghrúpa feachtais BÁNÚ, nuair a chas siad le hoifigigh ón Roinn chun cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht a phlé.

Tugadh le fios ag an gcruinniú go bhfuil sé i gceist ag an Roinn an grúpa oibre a bhunú agus go dtabharfaí cuireadh d’eagraíochtaí éagsúla páirt a ghlacadh sa phlé.

Dúradh go raibh sé i gceist réiteach a fháil ar chuid de na fadhbanna atá ag muintir na Gaeltachta tithíocht a fháil ina gceantar féin.

Dúirt BÁNÚ gur mheabhraigh siad don Roinn go bhfuil sé de chumhacht aici faoin reachtaíocht deontais agus iasachtaí airgid a chur ar fáil do chainteoirí líofa Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht.

Faoin Scéim Tithíochta Gaeltachta, a bhí ar bun ó 1929 go dtí gur cuireadh ar fionraí é in 2009, bhíodh cúnamh deontais á íoc le daoine sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge ar a dtoil acu le tithe nua a thógáil nó le feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe a bhí acu cheana féin.

Pléadh freisin ag an gcruinniú na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht atá beartaithe le fada ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ach níor tugadh aon soiléiriú nua maidir le cén uair a fhoilseofar iad.

Dúirt BÁNÚ go bhfáilteoidís roimh ghrúpa oibre faoin bhfadhb tithíochta sa nGaeltachta, fad is nach gcuirfí réiteach na faidhbe ar an méar fhada, mar a tharlaíonn go minic agus go mbeadh BÁNÚ sásta a bheith páirteach i ngrúpa oibre a mbeadh sprioc chinnte leagtha síos dó, le moltaí a chur le chéile.

Dúirt BÁNÚ go bhfuiltear le leanacht leis an bhfeachtas stocaireachta agus feasachta faoin ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht sna seachtainí atá romhainn.

Tá ceolchoirm á reáchtáil ag an eagraíocht i dteach tábhairne An Poitín Stil in Indreabhán i gConamara anocht, Dé hAoine, an 9 Feabhra. I measc na gceoltóirí a bheidh ag casadh beidh Ceann Gólaim, Na Rógairí, Colm Seoighe is na hEasóga, Johnny Óg Connolly, Micheál Darby, chomh maith le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Cuirfear tús leis an gceol ag 8.00in.

Fág freagra ar 'Grúpa oibre le bunú ag Roinn na Gaeltachta chun an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht a phlé'

  • Sibéal

    Arbh fhearr do Bánú fuinneamh a chur isteach i gcomharchumann tithíochta neamhspleách a bhunú le go mbeadh siad in ann polasaí teanga soiléir a cur i bhfeidhm seachas a bheith mar giolla eile atá ag braith ar an Stát?

    In aon eastát tithíochta sa Ghaeltacht bheadh an Béarla in uachtar gan polasaí teanga láidir agus macánta.

    Ní féidir le Roinn ná Údarás na Gaeltacht ná aon eagraocht Stáit polasaí teanga soiléir macánta “de facto” a chur i bhfeidhm toisc go bhfuil taithí trí glún acu de chur i gcéill suarach Ghaeltacht Oifigiúil Lindsay.

    Rud eile ná go bhfuil polasaí ag an Stát muntir na tuaithe a bhrú isteach i sráidbhailte agus an tuath a fhágaint ag infheisteoirí chorparáideacha. Mar shampla, tá feirmeacha á gceannach ag gnólachtaí infheistíochta agus tá na feirmeacha sin á reáchtáil ag bainisteoirí feirme.

  • WTF

    Tagaim le Sibéal sa méid sin. B’fhearr go mór oibriú ar do chonnlán féin seachas a bheith i dtúrtaoibh leis an Státchóras faillíoch leibideach atá againn. Más buan mo chuimhne tharla a leithéid i gCorcaigh nuair a tháinig dream Gaeilgeoirí le chéile chun eastát dá gcuid féin a bhunú in aice le Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maighir.

  • Páidín Ó Raifeartaigh

    Uch! An gnáth céapar ná grúpa oibre a thosú chun liosta moltaí a chur le chéile…. ansin grúpa “seachanta oibre” lán le saineolaithe agus oifigigh Stát chun na moltaí a mheas agus ansin fanacht fad go dtí an lá cinniúnach a dhiúltáitear d’aon mholadh fiúntach nó radacach agus gabhann roth an Stáit timpeall arís.

    Dúisigh i gceann seacht mbliana mé!

  • LiamÓC

    Go n-éirí libh! Ní shamhlaím na comhairlí condaetha ag lúbadh d’aon chréatúr atá ag iarraidh tígh a thógáil ar a dtalamh féinig in aon Ghaeltacht, beag beann ar aon eagraíocht Ghaeltachta. Ach maith sibh as ucht bhur ndúthracht.

  • Pádraig

    Tuigim a Shibéal, tá gá cinnte le polasaí teaga níos láidre nó cur i bhfeidhm an polasaí sin, ach sílim sa gcás seo Tá bánú ar an bhfód le Glór a thabhairt do dhaoine Gaeltachta atá ag iarraidh teach a thógáil ina gceantar dúchais rud nach bhfuil siad inann faoi láthair.
    Tá níos mó cearta ag plandaí is fraoch ar thalamh feirme i gConamara ná atá ag clann an fheirmeoir atá ag iarraidh teach a thógáil ar an talamh céanna.
    Diabhal áit ar bith le cur fút faoi láthair ag muintir na háite is beidh aghaidh á thabhairt acu ar Bleá Cliath nó níos faide ó bhaile. Gan bánú ní bheadh trácht ar bith ar seo. Maith sibh bánú