An rud is annamh is iontach – greannán aistrithe go Gaeilge

Seans mór nach mbeadh i ngnó na ngreannán ar fad ach ábhar léitheoireachta do ghasúir mhí-aibí murach Frank Miller agus a shárshaothar

An rud is annamh is iontach – greannán aistrithe go Gaeilge

Tógadh le greannáin mé; bainim leis an ghlúin sin geocach ar chuid dár gcultúr an greannán seachtainiúil. Bhí cinn na Breataine ar fáil i mBéal Feirste – Beano, Dandy, Battle, srl. Ar nós ór a chuardach a bhí sé teacht ar ghreannáin i siopaí beaga iarthar na cathrach.

Cheannaigh mé an chéad eagrán riamh de 2000AD i Sinclair’s i mBaile Andarsan. Is ag freastal ar an bhunscoil in aice leis an tsiopa a bhí mé. Oilithreacht sheachtainiúil a bhí ann lámha a leagan ar chóip de gach seachtain ina dhiaidh sin. Ní dóigh liom go bhfuair siad níos mó ná dhá chóip.

(Cóip amháin de Anois a bhíodh ar fáil sa tsiopa chéanna. Mura raibh tú i do shuí go luath Dé Domhnaigh, cheannódh Gaeil Ghaeltacht Bhóthar Seoighe é. Chuirfeadh sé crua ort an dara cóip a aimsiú.)

De réir a chéile a tháinig greannáin gháifeacha DC agus Marvel chugainn. Bhíodh cóipeanna díobh scaipthe i siopaí éagsúla agus bhain dua lena n-aimsiú agus fáil amach cad é a bhí ar siúl ag Batman, Spider-Man agus an duine ab fhearr ar fad, Daredevil, aka Matt Murdock, fear gan eagla agus Gael-Mheiriceánach. Thiocfadh linn bheith inár sárlaochra.

Faoin am ar bhain mé an ollscoil amach, bhí siopa ar leith greannán ar oscailt sa chathair. Rud mór againn. Ná bí ag magadh fúm. Bhí fuck-all áiseanna fiúntacha i mBéal Feirste m’óige; beo ar an bheagán a bhí muid. Pobal na cathrach an acmhainn ab fhearr a bhí – agus atá – ag Béal Feirste.

Seans mór nach mbeadh i ngnó na ngreannán ar fad ach ábhar léitheoireachta do ghasúir mhí-aibí murach Frank Miller agus a shárshaothar, Batman: The Dark Knight Returns. An saothar sin os cionn mórán eile a chuir cor i gcinniúint na gcomaicí, a rinne fiúntach iad, aibí, beagnach. D’éirigh leis samhlaíocht, fantaisíocht agus réalachas a thabhairt le chéile in aon bheart Batmanach amháin agus rinne an seánra ar fad faiseanta. Ag sodar i ndiaidh Miller atá lucht na ngreannán ó shin, gach aon ealaíontóir acu ag iarraidh an splanc sin a athcheapadh agus ‘úrscéal grafach’ a dhéanamh den ghreannán dhaite.

Tá, gan amhras, greannáin i nGaeilge ann – is maith ann iad – agus seo anois ceann nua, aistrithe go Gaeilge, agus ceann a bhaineann le cúrsaí Críostaíochta – K.O.S.T.K.A.  (Foilseacháin Ábhair Spioradálta). Scéal an naoimh, Stanislaw (1550-1568) agus a dheartháir Pawel atá ann. Laoch mór de chuid Chumann Íosa atá ann mar Naomh Stanislaw agus tá an t-ábhar seo á fhoilsiú i nGaeilge 450 bliain i ndiaidh dó bás a fháil.

Sagart de chuid an oird chéanna, an tAthair Przemyslaw Wysoglad, CÍ, a scríobh an scéal sa Pholainnis an chéad lá riamh agus is é a rinne an ealaín fosta. Ábhar éifeachtach léitheoireachta agus píosa scríbhneoireachta ar dóigh atá ann de bharr a chuid iarrachtaí.

Saothar lándaite atá ann agus gluaiseann na pictiúir go réidh leo, ag spreagadh na súl go santach ó leathanach go leathanach. Tá íomhánna dorcha ann nach mbeadh as áit i scéal Batman féin agus tá íomhánna eile ann a chuirfeadh fuinneog séipéil i gcuimhne duit. Corraíonn an mheascra seo de dhathanna agus de shuíomhanna an tsamhlaíocht. Bogann agus lúbann an tAthair Wysoglad an scéal ó áit go háit, ó fhráma go fráma, agus cuireann go healaíonta roimh an léitheoir saol an fhir óig sin agus ar éirigh dó ar a aistear gairid daonna.

Suite san am atá thart atá an scéal ach is in éadaí an lae inniu atá na carachtair, seift thar a bheith éifeachtach agus cliste. Ní saineolaí ar chúrsaí ealaíne mé ach bhain Caravaggio agus ealaíontóirí a linne úsáid as an tseift chéanna, creidim. Smaoinigh ar an phictiúr mhór chlúiteach sin dá chuid sa Dánlann Náisiúnta, Críost á cheapadh, agus feicfidh tú go bhfuil na saighdiúirí ag caitheamh éadaí ré Caravaggio.

Is maith liom mar a lonnaíonn rogha sin an Athar Wysoglad an scéal sa tsaol chomhaimseartha fosta. Feiceann an léitheoir gurb ionann an strus, an cathú, an imní a bhí ar an ógánach fadó fadó agus an strus, cathú agus imní a bhíonn ar ógánach an lae inniu.

Scríobhann an tAthair Wysoglad in iarfhocal leis an tsaothar: ‘In ainneoin na mblianta ar fad atá imithe thart, tá gné amháin de scéal Kostka atá fós ina ábhar inspioráide agam, is é sin nár leag sé amach plean. Is minic a shílimid go gcaithfimid scéal ár mbeatha a scríobh mar a bheadh script scannáin ann, agus ansin cloí leis an script. Ach sa scéal seo againn, ar lá ar nós an lae inniu, tá Kostka ag dul ar aistear. Níl a fhios aige cad atá i ndán dó…’

Scéal an uile dhuine againn.

Saothar annamh iontach atá ann mar K.O.S.T.K.A.

Fág freagra ar 'An rud is annamh is iontach – greannán aistrithe go Gaeilge'