GRAFAIC EOLAIS: Deiseanna do Ghaeilgeoirí óga á lorg ar ‘Lá Dearg na Mac Léinn’ i nGaillimh inniu

Tá an mórshiúl á reáchtáil tráthnóna inniu ag an ghrúpa stocaireachta 'An Dream Dearg' agus Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na hÉireann, agus é mar aidhm acu aird a tharraingt ar na héilimh atá ag mic léinn na Gaeilge ar fud na tíre

GRAFAIC EOLAIS: Deiseanna do Ghaeilgeoirí óga á lorg ar ‘Lá Dearg na Mac Léinn’ i nGaillimh inniu

Tá mic léinn ó chuile chearn den tír ag siúl in éineacht leis An Dream Deargi nGaillimh inniu do Lá Dearg na Mac Léinn.

Tá an mórshiúl ‘dearg’ á reáchtáil tráthnóna inniu ag an ghrúpa stocaireachta, i gcomhar le Comhaltas na Mac Léinn Ollscoil na hÉireann, agus é mar aidhm acu aird a tharraingt ar na héilimh atá ag mic léinn na Gaeilge ar fud na tíre.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie thug Cónall Ó Corra, ball de Choiste Lá Dearg na Mac Léinn, le fios go bhfuil trí phríomhtheachtaireacht ag na mic léinn a bheas ag siúl inniu.

“Tá muid ag iarraidh níos mó fostaíochta a chur ar fáil do chéimithe na Gaeilge agus daoine óga na Gaeltachta agus tuilleadh deiseanna a bheith ag daoine óga oibriú ina dteanga féin,” a dúirt Cónall Ó Corra. Cé go bhfuil “rudaí fiúntacha” luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dúirt Ó Corra gurb í an tuairim choitinn i measc mhic léinn na Gaeilge nach bhfuil “mórán deiseanna” ar fáil do dhaoine a bheith ag plé leis an Ghaeilge ina saol gairmiúil.

 

“Is as an Ghaeltacht mórchuid de mhic léinn na Gaeilge agus tá muid ag iarraidh plean níos fearr don Ghaeltacht,” ar sé.

Chuige sin, beidh ionadaithe ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla i mbun cainte faoi na riachtanais áirithe atá ag daoine óga ina gceantar féin.

Dúirt Ó Corra go mbeidh tacaíocht á léiriú inniu fosta don fheachtas atá ar siúl ó thuaidh ar son acht Gaeilge.

Baileoidh an slua le chéile ag Cearnóg Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag a 2in, agus déanfaidh siad  a mbealach síos Bóthar na hOllscoile fríd an chathair go dtí an Fhaiche Mhór, áit a mbeidh óráidí le cloisteáil ó dhaoine óga ó  ar fud na tíre, agus ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla.

Tá fáilte roimh chách a bheith páirteach sa léirsiú agus súil ag a lucht a eagraithe go gcuirfidh daoine le spiorad agus anam na hócáide trí éadaí dearga a chaitheamh.

Fág freagra ar 'GRAFAIC EOLAIS: Deiseanna do Ghaeilgeoirí óga á lorg ar ‘Lá Dearg na Mac Léinn’ i nGaillimh inniu'