Gradam Filíochta Mhichael Hartnett 2019 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Tá duais €4,000 le bronnadh ar an bhfile as Trá Lí dá saothar ‘Tost agus Allagar’

Gradam Filíochta Mhichael Hartnett 2019 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ar an bhfile as Ciarraí Ailbhe Ní Ghearbhuigh a bhronnfar Gradam Filíochta i gcuimhne ar Mhícheál Ó hAirtnéide don bhliain 2019 dá bailiúchán Tost agus Allagar a d’fhoilsigh Coiscéim.

Gradam é seo a bhfuil duais €4,000 ag dul leis agus a bhronntar ar chnuasach filíochta Béarla agus cnuasach Gaeilge gach re bliain i gcuimhne ar an bhfile dátheangach Micheál Ó hAirtnéide as an gCaisleán Nua i Luimneach. Tá an gradam á mhaoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus ag Oifig Ealaíon agus Cultúir Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Agus í á hainmniú acu don Ghradam, dúirt na moltóirí Nuala Ní Dhomhnaill agus Gabriel Fitzmaurice go bhfuil Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar dhuine de na filí “is fearr agus is spéisiúla” a tháinig chun cinn le blianta beaga anuas.

File “idirnáisiúnta agus comhaimseartha” í a thuigeann ó nádúr traidisiún na filíochta, dar leo.

Deir na moltóirí gur cnuasach iontach é Tost agus Allagar agus an file ag labhairt “óna croí amach” faoin ngrá, an teanga agus an díláithriú.  Cnuasach é seo, a deir siad, a bhfuil “sásamh chomh maith le pléisiúr” le baint as de bharr “grinneas intleachta” an fhile agus an tuiscint bhreá atá aici ar an bhfilíocht.

“Ina dánta faoi chúrsaí teanga, an Ghaeilge go háirithe, is tráthúil mar a léiríonn sí an imní atá ann faoi thodhchaí na Gaeilge i láthair na huaire, ó tharla nach bhfuil an Ghaeilge éigeantach feasta dár ndaltaí go léir.

“Tá dánta aici faoin ealaín agus faoi ealaíontóirí, faoi árais do leanaí agus máithreacha, faoi fhuadach agus faoi bhás Jean McConville, faoin gcine daonna ar fad. Saothar é an cnuasach seo atá géar agus drámata agus é scríofa i dteanga an chroí agus na mothúchán,” a dúirt na moltóirí agus í á hainmniú acu don ghradam.

I dTrá Lí  i gcontae Chiarraí a rugadh agus a tógadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh agus tá sí ina léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ba dhán de chuid Ailbhe Ní Ghearbhuigh ‘Filleadh ar an gCathair’ a roghnaíodh mar dhán d’uachtaránacht na hÉireann ar an AE in 2013 agus bhí sé ar an ngearrliosta in 2015 do ‘Dán d’Éirinn’ a reáchtáil RTÉ.

Tugadh coimisiún d’Ailbhe Ní Ghearbhuigh dán a scríobh do Chomóradh 2016 sa nGairdín Cuimhneacháin. Ar an saothar atá foilsithe aici tá Péacadh (Coiscéim 2008), Tost agus Allagar (Coiscéim, 2016) agus an cnuasach dátheangach The Coast Road (Gallery Press, 2016). In 2019, d’fhoilsigh Cois Life aistriúchán dá cuid ar dhánta leis an bhfile Francach Andrée Chedid mar chuid dá sraith ‘File ar Fhile’.

Agus í ag fáiltiú roimh an ngradam, dúirt Ailbhe Ní Ghearbhuigh go scríobhann sí filíocht in iarracht an saol thart uirthi a thuiscint agus “meabhair a bhaint as a bhfuil istigh ionam féin”. Is maith léi scríobh faoi thaithí saoil daoine eile chomh maith. “Sílim go bhfuil an-dáimh ag baint leis an bhfilíocht, rud atá ríshoiléir i bhfilíocht an Airtnéidigh. Sórt paidir thuata atá sa bhfilíocht agus bíonn tráthanna inár saol nuair a bhíonn a leithéid de dhíth ar an anam,” a dúirt an file. 

Bronnfar Gradam Filíochta 2019 i gcuimhne ar Mhícheál Ó hAirtnéide ar an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh sa leabharlann sa gCaisleán Nua ag Éigse Michael Hartnett, an 3 Deireadh Fómhair. 

Fág freagra ar 'Gradam Filíochta Mhichael Hartnett 2019 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh'