Gradam don bhean is dea-ghléasta ag Rásaí na Gaillimhe buaite ag bean Ghaeltachta

Aoife Mac Cana as an Spidéal a thug léi an gradam ag Lá an mBan i mBaile an Bhriotaigh inniu

Gradam don bhean is dea-ghléasta ag Rásaí na Gaillimhe buaite ag bean Ghaeltachta

Tá gradam don bhean is dea-ghléasta ag Féile Rásaí na Gaillimhe buaite ag bean Ghaeltachta as Conamara. Is í Aoife Mac Cana as an Spidéal a thug léi an gradam ag Lá an mBan i mBaile an Bhriotaigh inniu.

Is fiú €10,000 an luach saothair a fuair Aoife as a feisteas galánta – seodra, turas go Londain agus lá peataireachta in óstán an G ina measc.

Ní haon iontas go bhfuair an feisteas seo ardmholadh mar is bean déanta hataí í Mac Cana a bhfuil a comhlacht féin aici, Mac Cana Millinery.

Deir Aoife féin go bhfaigheann sí a hionsparáid dá cuid hataí ó thírdhreach sceirdiúil lom Chonamara agus ón ailtireacht nua-aoiseach.

Ghlac Mac Cana páirt sa chlár teilifíse réaltachta Treasure Island a craoladh ar RTÉ ag tús na mílaoise.

Inniu an ceathrú lá de Rásaí na Gaillimhe, Lá na mBan.

Fág freagra ar 'Gradam don bhean is dea-ghléasta ag Rásaí na Gaillimhe buaite ag bean Ghaeltachta'

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Comhghairdeas mór le Aoife as ucht a fheabhas ar fad is a rinne sí.