Gradam Diarmuid Mac an Adhastair le bronnadh den chéad uair ag an Oireachtas

Bronnfar an duais ar bhuaiteoir an 'Agallamh Beirte Faoi 12 in ómós an aisteora a cailleadh níos luaithe i mbliana

Niall Mac Eamharcaigh, Ros na Rún, agus Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge le Gradam Diarmuid Mac an Adhastair
Niall Mac Eamharcaigh, Ros na Rún, agus Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge le Gradam Diarmuid Mac an Adhastair

 

Bronnfar Gradam Diarmuid Mac an Adhastair ar bhuaiteoir an chomórtais ‘Agallamh Beirte Faoi 12’ ag Oireachtas na Samhna na bliana seo a bheidh á reáchtáil in Óstán an Citywest taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.

Is in ómós do Dhiarmaid Mhic an Adhastair, an scríbhneoir agus an t-aisteoir a bhain cáil amach dá ról, i measc a chuid gaiscí eile, sa sobalchlár Ros na Rún le scór blianta anuas, a bhronnfar an duais.

Tá dealbh de húicéar na Gaillimhe deartha go speisialta ag an ealaíontóir Mike Weerakoon don ócáid.

Is é Ros na Rún féin a dhéanfaidh urraíocht ar an ngradam, a bheidh ina ócáid bhliantúil feasta. Bronnfaidh Niall Mac Eamharcaigh, nó John Joe Daly mar is fearr aithne air i Ros na Rún, an duais ar bhuaiteoir an chomórtais i mbliana.

“Is mór an onóir dom a bheith ceaptha mar mholtóir an chomórtais. Ba dhuine uasal agus aisteoir den scoth é Diarmuid, agus bhí ardmheas againn uilig air,” a dúirt Mac Eamharcaigh

Cuirfear ceardlann drámaíochta le réalta Ros na Rún ar siúl don bhuaiteoir agus a chomhghleacaithe ranga ar fad mar chuid den duais agus bronnfar taibléad an duine ar aon phéire a bhunóidh a n-agallamh beirte ar charachtar de chuid Ros na Rún.

Cailleadh Diarmuid Mac an Adhastair i mí Iúil na bliana seo. Bhí sé 71 bliain d’aois. Bhí sé ar Ros na Rún ó thosaigh an sobaldráma mar chlár píolótach ar RTÉ sa bhliain 1992.

Dúirt Hugh Farley, Léiritheoir Sraithe an tsobalchláir, go gcuireann sé “gliondar” ar chliar agus ar chriú Ros na Rún an Gradam a bhronnadh “mar is deis iontach í spiorad agus oidhreachta Dhiarmada a chaomhnú”.

Fág freagra ar 'Gradam Diarmuid Mac an Adhastair le bronnadh den chéad uair ag an Oireachtas'