Grace Kelly, ‘Róise & Frank’ agus ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí chugainn don Nollaig

Tá biaiste teilifíse na Nollag ag teannadh linn. Caitheann ár gcolúnaí teilifíse súil ar na cláir a bheidh ar TG4 an Nollaig seo

Grace Kelly, ‘Róise & Frank’ agus ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí chugainn don Nollaig

Tom Munnelly – Fear na nAmhrán

(Oíche Nollag 8.15pm)

Sa chlár faisnéise seo tabharfar éachtaint ar shaol agus ar shaothar an bhailitheora amhrán Tom Munnelly. I gcaitheamh a shaoil d’éirigh leis breis agus 20,000 amhrán a bhailiú. Fiosrófar conas mar a shocraigh fear óg as Bóthar an Chlochair i gCromghlinn, a d’fhág an scoil ag sé bliana déag, tabhairt faoin saothar ollmhór seo atá anois ar cheann de na bailiúcháin is tábhachtaí sa traidisiún béil. Beidh ceol ó leithéidí Christy Moore, Sinéad O’Connor, Thomas McCarthy, Lisa Lambe agus Lankum ar an gclár chomh maith.

 

Róise & Frank

(Lá Nollag 20.00)

Tar éis dinnéar na Nollag a chaitheamh siar beifear in ann suí ar an gcúits agus lán do chuid súl a bhaint as ceann de shaothair Cine4. Tá an-rath ar an scéim seo a thug sárshaothair dúinn go dtí seo. Sí Bríd Ní Neachtain (a ghnóthaigh Gradam IFTA dá ról) atá sa phríomhról anseo. Baintreach í a bhfuil suim caillte aici sa saol agus atá cinnte gurb é a fear céile atá básaithe agus a raibh an-chion aige ar an iomáint, atá tagtha ar ais ina mhadra.

 

Grace Kelly: Banphrionsa Mhaigh Eo

(Lá Nollag 21.30)

Clár faisnéise faoin mbanphrionsa agus aisteoir cáiliúil de bhunadh Mhaigh Eo. Tabharfar cuntas ar a saol aisteoireachta mar ar oibrigh sí taobh le leithéidí Alfred Hitchcock, Gary Cooper, Clark Gable agus Bing Crosby. Déanfar dreasanna cainte le daoine muinteartha i Maigh Eo agus i Meiriceá mar aon le saineolaithe scannánaíochta. An rud is suntasaí faoi saothar ná go bhfuil agallamh toirtiúil eisiach acu le mac Grace, an Prionsa Albert II.

 

Inis Meáin Idir Dhá Linn

(28/12 21.20pm).

Sa chlár faisnéise seo casfar an grianghrafadóir Chris Romell orainn, fear a dhein taifead ar an saol in Inis Meáin caoga bliain ó shin. Gealltar go dtabharfaidh an saothar seo siar bóithrín na smaointe go maoithneach sinn le spléachadh a thabhairt ar shaol atá caite. D’éirigh lena cheamara breith ar ghnásanna feirmeoireachta, iascaireachta agus sóisialta. Cífimid an fear é féin ag tabhairt turais ar an oileán le labhairt faoi na hathruithe atá tarlaithe.

 

Fáilte 2024

(Oíche Chinn Bhliana, 11.30)

Má tánn tú aige baile oíche Chinn Bhliana beidh tú in ann a bheith i gcomhluadar breá. Beidh Dáithí Ó Sé agus Doireann Ní Ghlacáin in Óstán Lawlors i nDún Garbhán le fáilte a chur roimh an mbliain úr.  Ina dteannta beidh baill bhunaidh ón bhanna Danú, Cór Fear na nDéise, Muintir Mhic Craith & Banna Céilí Thaobh na Mara. Tabharfar geábh chomh maith ar Tigh Mháire Luke i dTuar Mhic Éadaigh mar a mbeidh Aindrias de Staic, Enda Scahill, Mick Conneely,  Dave Munnelly agus a thuilleadh eile nach iad. Beidh bús ceoil i dTigh an tSaorsaigh ar an mBuailtín i gCorca Dhuibhne ag Karan Casey agus a banna, laochra óga ceoil na leithinse Cuas, Andrea Palandri agus Eoin Ó Beaglaoich.

 

An Cabaret Craiceáilte

(Oíche Chinn Bhliana)

Níos luaithe an oíche chéanna a chraolfar An Cabaret Craiceáilte. Ceiliúradh a bheidh anseo ar cheann de na himeachtaí is réabhlóidí i saol na Gaeilge atá tríocha bliain ar an bhfód i mbliana. Tá an clár á chraoladh go speisialta in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí. Féasta ceoil le leithéid KILA, Bréag, Basork, Muintir Uí Mhaonaigh, Na Campbells, Emma Ní Fhíoruisce, Eve Murtagh agus a lán eile nach iad.

Fág freagra ar 'Grace Kelly, ‘Róise & Frank’ agus ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí chugainn don Nollaig'