Deir an dream a choinníonn súil ar an ocras atá á fhulaingt ag daoine ar fud na cruinne “go bhfuil an cás is measa, an gorta” ag tarlú i Stráice Ghaza faoi láthair.
Tá an rabhadh seo ag teacht ó Aicmiú Chéim na Slándála Comhtháite Soláthair Bia (IPC) tráth a bhfuil an cáineadh ar ghníomhartha Iosrael sa Phalaistín ag géarú ar fud na cruinne.
Deirtear sa tuarascáil ón IPC go bhfuil breis is 20,000 páiste tugtha isteach le haghaidh cúram leighis agus iad ag fulaingt de bharr easpa ghéar cothaithe agus go raibh 3,000 de na páistí sin míchothaithe go holc sna trí mhí go leith ón Aibreán go lár na míosa seo.
Tá sé á thuairisciú ag ospidéil freisin go bhfuil méadú mór ar an líon páistí faoi chúig bliana d’aois atá ag fáil bháis agus an t-ocras ina shiocair lena mbás. Tá 16 páiste nach raibh na cúig bliana d’aois fós básaithe le dhá lá dhéag de bharr easpa cothaithe.
Áitíonn aireacht sláinte Gaza go bhfuil 60,000 Palaistíneach maraithe sna críocha sin ó chuir Iosrael tús lena bhfeachtas cogaidh ansin.
Sa rabhadh seo ón IPC, a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leis, deirtear:
“Tá níos mó fianaise againn gach lá go bhfuil gorta, neamhchothú agus galair forleathan agus go bhfuil siadsan ina siocair ag an mbás ón ocras.
“Léiríonn na sonraí is déanaí go bhfuil tairseach an ghorta ó thaobh an méid bia atá daoine in ann a fháil le hithe sroichte sa gcuid is mó de stráice Ghaza agus i gCathair Gaza tá an tairseach don neamhchothú géar sroichte.”
Mí na Bealtaine a d’fhógair an IPC go raibh an 2.1 milliún Palaistíneach in Gaza “i ngéarbhaol” gorta agus leibhéil easpa chontúirteach slándála sa soláthar bia” ag bagairt orthu.
Ní sonrú foirmeálta atá sa rabhadh seo go bhfuil sé ina ghorta in Gaza agus deir an IPC go ndéanfaidh siad tuilleadh anailíse ar chúrsaí ansin “gan aon mhoill”.
Treisíonn an tuairisc seo an fhianaise atá ar fáil go bhfuil an gorta, an neamhchothú géar agus an bás de bharr an ocrais ag dul in olcas i measc an 2.1 milliún sibhialtach a chónaíonn i nGaza.
Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, inné nach bhféadfaí cur suas leis an scrios uafásach atá á dhéanamh in Gaza agus go gcaithfí éirí as. Dúirt Tom Fletcher, ceannasaí daonnúlachta na Náisiún Aontaithe, gurb iad “na cúpla lá seo romhainn uair na cinniúna” do na hiarrachtaí le feabhas a chur ar chúrsaí a bhí ag gabháil in olcas ansin.
“Caithfimid soláthairtí a chur ar fáil ar scála i bhfad Éireann níos mó. Teastaíonn cúnamh mór millteach a thabhairt isteach ansin i bhfad níos sciobtha.”
Ina chuid cainte féin, dúirt Ben Majekodunmi, ceann foirne Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha [UNRWA]: “Ní leor focail uafáis agus cháinte níos mó le cur síos ar a bhfuil ag tarlú [in Gaza].
“Caithfear gníomh a dhéanamh láithreach le sos comhraic a chur i bhfeidhm ar mhaithe leis an ngorta atá ag dul in olcas a chur ar gcúl agus gach duine de na gialla a scaoileadh saol.”
Tá sé á mhaíomh ag Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, nach bhfuil aon ghorta in Gaza agus nach bhfuil “aon pholasaí gorta a agairt ar dhaoine in Gaza”.
Fág freagra ar 'Gorta ag tarlú i Stráice Ghaza faoi láthair – tuairisc nua'