Go dtiocfadh sé sa saol – gearrscéal Nollag

Le haistear speisialta  isteach sa gcoill a thosaítear an gearrscéal nua Nollag seo

Go dtiocfadh sé sa saol – gearrscéal Nollag

 

Go domhain sa gcoill a chuadar, an buachaill óg agus a athair. Agus bheadh orthu dul níos doimhne fós. Thuig an buachaill óg é sin ón mbliain roimhe, nuair a chuadar ann lena sheanuncail. B’in an chéad uair ar ligeadh dó dul ar an aistear speisialta seo isteach sa gcoill.

Ocht mbliana a bhí sé an tráth úd. B’in an aois a bhí ag a athair chomh maith nuair a chuaigh seisean ar an aistear céanna le seanuncail an bhuachalla óig den chéad uair blianta fada ó shin.

Ní raibh sé chomh héasca sin siúl tríd an gcoill an uair seo is a bhí anuraidh. Bhí crainnte go leor leagtha, níos mó ná an bhliain roimhe sin, agus bhí orthu dreapadh thar chuid acu. Na stoirmeacha móra a bhí ann sa bhfómhar a leag iad, is dóigh. Bhí an ghaoth cloiste ag an mbuachaill óg i lár na hoíche agus é sa leaba. Shílfeá go n-ardófaí an díon den teach agus go sciobfaí chun bealaigh é.

Céard a tharlódh d’éan dá leagfaí an crann ina raibh nead tógtha aige? B’in ceist ar mhaith leis a chur ar a mhúinteoir. Ach bheadh leisce air ceist mar sin a chur sa rang ar eagla go mbeadh na gasúir eile ag gáire faoi.

Inniu, bhí an choill ciúin agus tais. Ní raibh smid ghaoithe ann. D’airigh sé an talamh bog faoina chosa.

I bhfad ón saol a bhíodar anois. D’fhéadfá a shamhlú go raibh tú san Amazon Rain Forest. Thaispeáin a mhúinteoir dóibh í ar léarscáil, chomh mór is a bhí sí. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí scéalta ar an teilifís faoi thinte fiáine a bheith ann.

Cheistigh sé a mháthair fúthu.

“Ná bí buartha, a stór,” a dúirt sí. “Tá an tAmazon chomh mór sin nach ndófaí go deo í. Beidh sí ann i gcónaí.”

Bhreathnaigh sé suas ar an spéir trí ghéaga na gcrann. Bhí sí gorm inniu, gan oiread is scamall amháin le feiceáil. Ba í an spéir chéanna a bhí ann nuair a bhí na dinosaurs beo ar an domhan.

Bhí sé an-tógtha leis na dinosaurs céanna. Bhí ceann beag plaisteach i bpóca a chóta anois aige agus é ag siúl. Agus bhí póstaer díobh ar an mballa ina sheomra codlata. D’éirigh leis ainmneacha cuid acu a chur de ghlanmheabhair.

“Obsessed” leo a bhí sé. B’in a dúirt a mháthair le bean a chas orthu ar an traein lá a rabhadar ar a mbealach go Bhaile Átha Cliath sa samhradh le dul chuig an zú. “Absolutely obsessed,” a dúirt sí.

Bhí a dheirfiúr suite taobh lena mháthair sa suíochán trasna uaidh agus í ar a fón. Nuair a chuala sí a máthair á rá sin faoi, bhreathnaigh sí anonn air agus straois uirthi. Ansin shín sí amach a teanga go maslach. “Lightweight” a bhí sé de nós aici a thabhairt air le gairid. Agus “afterthought” uaireanta. Bhí a dheirfiúr sa dara bliain sa scoil mhór anois. Ní raibh suim aici i dtada ach Taylor Swift agus í ag glaoch Swiftie uirthi féin.

Bhí a athair imithe píosa chun cinn anois. Stop sé agus d’iompaigh sé thart. “An bhfuil tú ceart go leor?”

Bhí. Leanadar orthu.

D’fhéach sé suas ar an spéir arís. Bhí dhá line bhánliath á trasnú, iad ag síneadh malairt treonna. “Contrails” a tugadh ar na línte sin. Bhí a mhúinteoir ag caint fúthu ar scoil. Seans go raibh daoine ag filleadh abhaile don Nollaig, as Meiriceá, b’fhéídir, nó as áit éigin eile níos faide i gcéin. Thaitin sé leis an chaoi ar bhris na contrails as a chéile, an chaoi ar scaipeadar tar fud an aeir. Ach cá ndeachaigh siad?

“Brostaigh ort!” Bhí a athair ag fanacht air. Bhí sé tite ar gcúl arís.

“Ní fada go mbeidh sé ag éirí dorcha,” a dúirt a athair. “Níl muid ag iarraidh bheith anseo le titim na hoíche.”

Ba chuma leis an mbuachaill óg faoi sin. Bheadh sé suimiúil bheith istigh sa gcoill san oíche, a cheap sé. Ní fios cén sórt ainmhithe a d’fheicfeá.

Ach bheadh a mháthair agus a dheirfiúr ag fanacht orthu sa mbaile. Bheadh an tine lasta sa seomra suí. Móin a shábháil a sheanuncail an samhradh sin a bheadh á dó. Níor thaitin boladh na móna lena mháthair. Ach ligeadh sí dá athair í a dhó aimsir na Nollag.

Townie a bhí ina mháthair. Níor thuig sí bealaí na tuaithe. Sin a dúirt a athair fúithi. Uaireanta, bhíodh trua ag an mbuachaill óg di.

Agus maidir lena dheirfiúr – ní raibh clue aici faoi aon cheo. Í féin agus a fón agus Taylor Swift! Ní raibh tada uaithi don Nollaig ach airgead. Ní raibh sí ag iarraidh “tat” ar bith, a dúirt sí. Í ag maíomh go raibh sí chun cuid den airgead a úsáid chun tattoo a fháil agus chun dath aisteach a chur ina cuid gruaige. Í ag caint faoi Santa amhlaidh is gur seafóid uilig a bhí ann.

Ach ní raibh sí chomh fásta suas is a cheap sí. Nach raibh sí fós ag pleidhcíocht leis an Elf on the Shelf gránna sin. É fágtha anseo is ansiúd ar fud an tí aici le cúpla seachtain anuas. D’oscail sé cófra sa gcistin an lá cheana agus bhí sé suite ansin, an straois sheafóideach sin air.

Leanadar orthu go mall tríd an gcoill. Bhí an buachaill óg ag súil go bhfeicfeadh sé iora rua nó go gcloisfeadh sé éan neamhchoitianta, b’fhéidir. Ach ní raibh tada beo le cloisteáil ná le feiceáil. An é go raibh na héin uilig fillte ar an Afraic don gheimhreadh? Ní fhéadadh siad ar fad a bheith imithe.

Bhuail fón a athair. “We’re fine,” a dúirt a athair isteach sa bhfón. “Ní bheidh muid i bhfad eile.”

Ach bhí fhios ag an mbuachaill óg go raibh píosa maith fós le dul acu. Bhí sé tugtha faoi deara aige go raibh sé de nós ag daoine fásta gan an fhírinne uilig a inseacht dá chéile i gcónaí.

Choinníodar orthu. Bhí an mála mór Dunnes a thug a mháthair dó agus iad ag fágáil an tí aige i gcónaí. “Beidh sé sin lán agat is tú ag filleadh,” a dúirt sí leis.

Le cúpla seachtain anuas, bhí a mháthair de shíor ag siopadóireacht, í ag teacht isteach an cúldoras le málaí móra lán le God- knows-what chuile thráthnóna. Ní raibh fhios aige cá raibh sí ag cur chuile rud. Bhíodh a dheirfiúr ag cabhrú léi leis na málaí, in aghaidh a tola, í ag clamhsán faoina hanáil agus ag caint faoi “sustainability”.

Ansin, chuala an buachaill óg torann i bhfad uaidh. D’aithin sé an torann. Innealra a bhí ann – JCB, seans, nó ceann de na bulldozers móra sin. Níor cheap sé go mbeadh siad ag obair ar an tráthnóna speisialta seo!

Ar imeall na coille a bhíodar ag obair, san áit a thaispeáin a sheanuncail dó bliain ó shin. Talamh an lord, a thug a sheanuncail air. Páirc mhór a bhí ann agus í imithe chun fiántais. Bhí ballaí arda timpeall na páirce ach bhíodar tite i go leor áiteanna.

“Breathnaigh, a mhaicín,” a dúirt a sheanuncail agus é ag síneadh amach a lámh. “An bhfeiceann tú na ballaí sin istigh i lár an gharraí?”

Bhí an buachaill óg in ann ballaí ísle a fheiceáil i lár na páirce, iad déanta as brící donna.

“Bhuel,” a dúirt a sheanunacail, “na blianta siar, bhí dhá theach gloine mhóra sa ngarraí seo. Tomatoes agus strawberries agus raspberries ag fás iontu. Bhí oráistí ann fiú.”

An raibh a sheanuncail ag cumadh scéalta? Uaireanta bhíodh sé deacair chuile rud a dúirt sé a chreidiúnt. Ach an uair seo thuig sé go raibh a sheanuncail i ndáiríre – bhí rud éigin ina ghlór.

Bhíodh sé fhéin ag obair anseo ag breathnú i ndiaidh na nglasshouses céanna tráth, a dúirt a sheanuncail. Ní raibh sé ach ina lead óg, 14 nó 15 de bhlianta, ag an am. Bhí teach an lord folamh le fada agus ligthe i léig, a dúirt sé.

B’fhada leis an mbuachaill óg go mbeadh an deis aige teacht chomh fada leis an áit seo arís. Bhí rud éigin draíochtúil faoi. Thiocfadh sé sa samhradh, b’fhéidir.

Ach san earrach tháinig an scéala go raibh an teach mór agus an talamh a bhí leis díolta. Comhlacht eicínt a cheannaigh an áit. Ní fada go raibh bealach isteach déanta ón mbóthar chomh fada le taobh na coille agus JCBs agus bulldozers ag tochailt ann. Bhí ualaí móra créafóige agus carraigeacha le feiceáil ón mbóthar ag bun an bhaile.

“Nach ann atá an réabadh,” a dúirt a sheanuncail agus é ag breathnú soir ann ón gcarr lá amháin.

Óstán agus tithe saoire a bhí le tógáil ann, a bhí ráite.

“Muise,” a dúirt a sheanuncail. “Cé a bheas ann ach boicíní móra.”

Leanadar orthu isteach sa gcoill, an buachaill óg agus a athair. “Písín beag eile,” a dúirt a athair, “agus beidh muid ann.”

Bhrostaigh an buachaill óg leis. Ba bheag nár sciorr sé ar an gcaonach a bhí ag fás ar sheanghéag a bhí sínte ar urlár na coille.

Ní fada anois go leagfadh sé súil ar an gcrann ard maorga sin den chéad uair ón Nollaig seo caite. Ba mhinic dó cuimhneamh air ó shin. Na duilleoga leis an dath glas domhain orthu agus na sméara ramhra dearga. Ní raibh crann cuilinn in Éirinn chomh mór ná chomh hársa leis, bhí sé cinnte.

Faoi dheireadh, bhain sé an phlásóg amach. Ach bhí rud éigin amú. Bhí a athair ina sheasamh ansin ag breathnú ar an gcrann nuair ba cheart dó a bheith tosaithe ag baint cuid de na géaga leis an scian a bhíodh in úsáid ag a sheanuncail. Bheadh sé mar jab ag an mbuachaill óg na géaga a bhailiú ina dhiaidh agus iad a chur sa mála.

Ach cá raibh na sméara? Ní raibh oiread is ceann le feiceáil ar an gcrann.

“Ní thuigim,” a dúirt a athair. “Táim ag teacht anseo chuile Nollaig le dhá scór bliain agus ní fhaca mé an crann seo gan sméara riamh.”

Leag a athair a lámh go séimh ar bharr chloigeann a mhic. “Caithfidh sé gur ith na héin iad,” a dúirt sé.

Ach níor chreid an buachaill óg é sin. Cá raibh na héin a d’ith na sméara? Ní raibh ach cúpla éan feicthe aige sa gcoill ó thosaíodar.

“Croch leat an mála sin agus imeoidh muid,” a dúirt a athair leis ansin. Bhí díomá le haireachtáil ina ghlór.

“Céard a déarfas muid leo sa mbaile?” Sin í an cheist a bhí ag cur as don bhuachaill agus iad ag filleadh.

Dá mbeadh a sheanuncail fós beo, ní tharlódh seo. Bheadh an crann cuilinn breactha le sméara. Bhí an buachaill óg cinnte de sin.

An uair dheiridh a chonaic sé a sheanuncail, bhí sé seasta ag doras a thí ag fágáil slán aige féin agus ag a athair. Mí Lúnasa a bhí ann agus thugadar cuairt ar a sheanuncail toisc go raibh sé thíos ar an gcladach ag iascach an tráthnóna roimhe sin agus bhí slám ronnachaí maraithe aige.

Mhair a sheanuncail i ré eile. Sin a dúirt máthair an bhuachalla óig faoi. Bhí teilifís aige, ach ní fhaca an buachaill óg í ar siúl riamh. An raidió a bhíodh air de shíor aige. Bhíodh athair an bhuachalla óig ag tabhairt amach dó toisc go raibh an fón Nokia a cheannaigh sé dó na blianta siar fágtha aige sa drawer i mbord na cistine agus gan aon chumhacht ann a thuilleadh.

Bhí focail aige nár chuala an buachaill óg á rá ag aon duine eile riamh. Faoin iascach agus faoin bportach, go leor acu.

Múinteoir sa scoil mhór a bhí ina athair agus ó am go ham bhíodh sé ag breacadh síos i leabhar beag nótaí focail a deireadh a sheanuncail.

“Cén mhaitheas atá sna focail sin duit?” a deireadh a sheanuncail lena athair agus é ag caochadh a shúl leis an mbuachaill óg.

“Sure, níor sheas tusa lá ar an bportach ná ar an gcladach, fiú. Ní féidir go bhfuil tú á múineadh do na gasúir bhochta anois. Nuair a imíonn mise is mo leithéid, cé bheas ag dul ar an bportach ná ar an gcladach? Deamhan duine.”

Ceaile. Sin focal nua a bhí ag a sheanuncail an lá úd sa samhradh. Fataí nua agus iad brúite agus im agus salann curtha leo. B’in a d’itheadar leis na ronnachaí.

“Níl an t-iasc chomh mór ná chomh fairsing is a bhíodh,” a dúirt a sheanuncail agus é ag leagan an pan leis na ronnachaí air i lár an bhoird. “Cé a cheapfadh go dtiocfadh sé sa saol go mbeadh na ronnachaí iad fhéin gann?”

Nuair a bhí an béile ite acu, thug a sheanuncail an buachaill óg amach go dtí an scioból agus thaispeáin sé bairille mór dó a bhí déanta as plaisteach gorm. “Chuile Lúnasa, a mhaicín, bhíodh an oiread sin ronnachaí maraithe agam go mbínn in ann an bairille sin a líonadh leo agus salann a chur leo le hiad a choinneáil le go mbeadh siad agam ar feadh na bliana.”

Bhí an bairille níos airde ná é féin agus ba dheacair don bhuachaill óg an scéal seo a chreidiúnt.

“Ní fhaca tusa iad agus ní fheicfidh, ach chonaic d’athair iad,” arsa a sheanuncail. “Bhíodh an bairille sin lán go béal leo.”

Bhí teas mór ann an t-am úd i mí Lúnasa nuair a thug an buachaill óg cuairt ar a sheanuncail den uair dheiridh. Bhí chuile dhuine ag clamhsán faoi.

“Mharódh an teas sin duine ar bith,” a dúirt a sheanuncail agus é seasta ag an doras ag fágáil sláin leo an lá sin. Thit sé as a sheasamh agus é amuigh sa ngarraí an mhaidin dár gcionn. Ba é fear an phoist a fuair é.

*****

Is beag a bhí fágtha den lá nuair a bhain an buachaill óg is a athair an baile amach. Bhí solas i chuile fhuinneog den teach agus bhí na soilse ar an gcrann Nollag ag preabadh i bhfuinneog an tseomra suí. B’ann a bhí a mháthair is a dheirfiúr ag feitheamh orthu.

Chomh luath is shiúil sé isteach sa seomra, chonaic an buachaill óg go raibh na grianghraif is na hornáidí uilig bainte den mhantal agus é réidh le maisiú leis an gcuileann. Bhí a mháthair is a dheirfiúr ag breathnú air agus é seasta ansin leis an mála mór folamh fós i ngreim láimhe aige.

“Breathnaigh ort!” a dúirt a mháthair leis. Ansin agus imní ina glór, dúirt sí, “Céard tá mícheart, a stór? Ar tharla rud éigin?”

Bhí na deora leis anois agus náire air agus lig sé don mhála titim ar an urlár agus amach leis as an seomra.

“Céard a tharla?” a chuala sé a mháthair ag fiafraí dá athair agus é ar a bhealach suas an staighre.

“Na héin,” a d’fhreagair a athair. “Bhí na sméara ite ag na héin.”

Ní raibh sé ach suite ar an leapa agus a chóta fós air nuair a buaileadh cnag ar an doras. A dheirfiúr a bhí ann – ba ise an t-aon duine a chnagadh ar a dhoras.

Tháinig sí isteach sa seomra. Bhí cuma dháiríre ar a haghaidh.

“Ná bac leo,” a dúirt sí. “Just ní thuigeann siad.”

Phioc sí suas ceann de na dinosaurs ón mbord a bhí in aice láimhe. Scrúdaigh sí é go tapaidh agus leag ar ais ar an mbord é.

“Imreoidh muid Hot Dog ar ball,” a dúirt sí. “Céard faoi sin?”

Thaitin Hot Dog go mór leis, cé gurb í a dheirfiúr a bhuadh formhór na gcluichí. Chuimil sé na deora óna éadan. “OK,” a dúirt sé.

Agus í ag dul amach an doras, d’iompaigh sí is dúirt, “Ligfidh mé duit buachan an uair seo!”

*****

Bhí an dinnéar ite agus na cluichí Hot Dog críochnaithe. Bhí a mháthair cruógach sa gcistin i gcónaí agus bhí a athair ag baint an chraicinn d’ualach mór fataí agus á gcur i bpota.

Chuaigh an buachaill óg amach sa halla. Bhí doras an tseomra suí ar leathoscailt. Bhreathnaigh sé isteach ann.

Ó! Mo! Dhia! Ní raibh aon cheo ar an matal ach an Elf on the Shelf lofa, an straois sin air de shíor. Isteach leis an mbuachaill óg agus sciob sé ón matal é agus chuir sé i bhfolach é taobh thiar den chouch.

Ansin, sheas sé i lár an tseomra. Bhí an solas uilig ag teacht ón tine is ón gcrann Nollag a bhí maisithe go hálainn ag a mháthair is a dheirfiúr. Chuala sé glórtha séimhe a athar is a mháthar agus iad ag caint sa gcistin. Thuas staighre, bhí a dheirfiúr ar a fón le duine dá cairde.

Fuair sé boladh an liamháis a raibh sé de nós ag a mháthair a réiteach Oíche Nollag. D’fhágadh sí cúpla slios de ar phláta do Santa, chomh maith le mug agus fleasc tae. Thuig sé go maith nach anuas an simléar a tháinig Santa. Bheadh eochair an chúldorais fágtha faoin mata ag a athair dó, mar is gnáth.

Bhí roinnt bronntanas leagtha faoin gcrann cheana féin. Ach d’fhanfadh sé go dtí an mhaidin sular mbreathnódh sé orthu. Ina measc, bhí fhios aige go raibh an bronntanas a cheannaigh a mháthair dó le tabhairt dá dheirfiúr. Agus bheadh bronntanais ann dó féin óna dheirfiúr agus óna thuismitheoirí.

B’fhada leis go dtiocfadh an mhaidin. Dhéanfadh sé iarracht fanacht ina dhúiseacht san oíche, rud nár éirigh leis a dhéanamh aon bhliain eile. Ach chuile sheans go dtitfeadh sé ina chodladh faoi dheireadh.

Agus bheadh sé fós dorcha nuair a dhúiseodh sé ar maidin agus gan fuaim ar bith le cloisteáil ach glór na spideoige. Dhéanfadh sé iarracht fanacht faoin duvet, ach sa deireadh ní fhéadfadh sé fanacht a thuilleadh. Dhreapfadh sé go bun na leapan le go bhfeicfeadh sé céard a bhí ann.

Ansin, chuala sé a mháthair ag glaoch air. B’fhearr dó filleadh ar an gcistin. Bheadh píosa den liamhás úr réidh aici dó. Ansin bheadh sé in am aige dul a chodladh.

Sheas sé nóiméad eile sa seomra te teolaí. Bhreathnaigh sé arís ar an gcrann lasta. Chuir boladh an chrainn fiantás na coille i gcuimhne dó. Bheadh chuile rud ar Domhan ceart anocht is amárach. Dhéanfadh sí Nollaig bhreá fós.

Fág freagra ar 'Go dtiocfadh sé sa saol – gearrscéal Nollag'