Bróga tairní agus oíche Nollag i gConamara

Tugann fuaim na mbróg mé siar ar bhóithrín na smaointe oíche Nollag

Bróga tairní agus oíche Nollag i gConamara

Coisméig i ndiaidh coisméige agus macalla na dtairní ar bhóthar garbh tuaithe. Oíche Nollag, an 24 Nollaig, an oíche roimh Lá Nollag. Bhí draíocht eicínt ag baint leis an oíche sin. B’fhéidir gurb é an fanacht le fear dearg an mhála mhóir é; b’fhéidir gurb iad na coinnle sna fuinneoga tuaithe nó b’fhéidir go mba í an choisméig i ndiaidh coisméige agus macalla na dtairní.

Chuile oíche Nollag bhuaileadh Pádraic Shéamuis Mhóir, ár gcomharsa ar an taobh eile de gharrantaí righne Chonamara, bhuaileadh sé bóthar chomh fada le tí Phat Shéamuis Pháid an Gheata. Bhí seanchairdeas eatarthu. D’fhásadar aníos ó ghasúr go stócach nó go rabhadar in éineacht mar fhir óga, iad crua, láidir. Ní hé an cineál cairdis é a raibh teachtaireachtaí téacs agus nósanna nua-aimseartha ag baint leis. Sílim gur oibrigh an bheirt acu ar feadh tamaill in Albain ar na duganna i Clydebank. Bhíodar ag gabháil in aois anois. Cairdeas a bhí ann a gcaithfí athbheochan a dhéanamh air oíche Nollag. Cairdeas ón gcliabhán go cré na cille.

Is dóigh go raibh oícheanta Nollag ann nuair nach mbíodh torann na mbróga tairní le cloisteáil, oícheanta a dtagadh sé ina scréachaíl bháistí agus ina ghála aniar ón gcuan. Ach i m’intinn fhéin, go dtí an lá atá inniu ann, bhíodh oíche Nollag ciúin, draíochtúil agus an domhan ina thost faoi scáth na gealaí. B’fhurasta do ghasúr suntas a thabhairt do bhróga tairní, agus d’fhuaim sin na coisméige i ndiaidh coisméige ar chosán tuaithe.

Bhí bróga tairní sa bhfaisean san am sin. Bhí ciall agus réasún agus cosaint ag baint leo. Ní ligidís an braon, ná an dealg, ná crá coise in do ghaire. B’fhéidir go rabhadar sciorrach ach má bhaineadar tuisle asat, ba ort féin a bhí an locht.

Bhí teacht aniar, téagar agus torann sna bróga tairní. Is cuimhin liom, san áit a dtéadh muid ag faoistin na Nollag, an ropadh a rinne fear a raibh bróga tairní air bliain amháin. Tháinig an sagart naofa go mánla agus shocraigh é féin ar chathaoir agus thug sé comhartha go raibh sé réitithe le héisteacht leis na peacaigh. Ba léir go raibh fear amháin sa slua a bhí imníoch faoi bheithígh agus caoirigh agus ba é ba thúisce a ghlac leis an gcuireadh. Seo leis trasna an urláir i dtreo an tsagairt agus bhain croitheadh as an teach ó urlár go rataí lena bhróga tairní. Baineadh an oiread sin de chroitheadh as an sagart agus gur ar inn ar éigean a thug sé aird ar pheaca ar bith. Bhí muide lagaithe ag gáirí, ar ndóigh. Gasúir!

Níl siad sa bhfaisean anois; is gearr go mbainfidh siad le hiarsmalanna agus le cuimhní cinn. Tá péire acu in Ionad na nImirceach i gCarna i gConamara. Thug mé suntas lá an samhradh seo caite don bhreathnú a rinne bean a chas an bealach orthu. Chuir mé caidéis uirthi.

‘Tugaim suntas i gcónaí do bhróga,’ a deir sí.

Bhí lorg chanúint Mheiriceá ar a glór ach ba as an Úcráin ó thús di. Bhí blianta caite aice i gCalifornia. ‘Mar sin é,’ a d’fhreagair mé féin. ‘Tuige?’

Ag cuimhneamh ar a hathair a bhí sí.

‘M’athair,’ a deir sí. ‘Ní raibh aon bhróga aige ariamh. An bochtanas san Úcráin. Ní raibh bróga aige ariamh ina shaol.’

Ba bhrónach an scéal é mar is tír í an Úcráin a bhíonn reoite leis an sioc agus an sneachta sa ngeimhreadh. Ariamh sa saol ní raibh torann na dtairní le cloisteáil ón bhfear sin oíche Nollag. Dá mbeadh bróga tairní aigesean, bheadh saibhreas aige – seans go ndaimhseodh sé le teann áthais.

Ba fear é Cóilín Sheáinín Choilmín a dhaimhsigh ríl agus port go minic. Ach is cosúil go rmbíodh Lá Fhéile Mhic Dara ar an lá ba mhó a mbíodh sé ligthe amach. Ba bheag an t-iontas é sin: Lá’l Mhic Dara. Ba as oileán Fhínse é Cóilín. Bhí sé bródúil as a chuid véarsaí, as a chuid ceoil agus as a chuid damhsa.

Théadh sé isteach go siopa i sráidbhaile Charna Lá’l Mhic Dara agus cheannaíodh sé péire bróg. Rud bliantúil a bhí ann. Théadh Cóilín ag siopadóireacht le haghaidh péire nua bróg Lá’l Mhic Dara agus ní raibh ann ach go mbíodh sé taobh amuigh de dhoras an tsiopa nó go gcuireadh sé na bróga ar a chosa. Ansin, d’aon iarraidh amháin, chaitheadh sé na seanbhróga isteach thar an gclaí ar an taobh eile den bhóthar. Bheadh damhsa ar stáitse Fhéile Mhic Dara sa Más agus, gan dabht, bhuaileadh Cóilín cois – agus bróga nua – ar an gceol.

Tugann fuaim na mbróg mé féin siar ar bhóithrín na smaointe oíche Nollag agus samhlaím comhrá Pádraig Shéamuis Mhóir agus Phat Shéamuis Pháid. Leanadh an comhrá sin ar aghaidh nó go bhfágtaí na coinnle sna fuinneoga ina lasracha beaga laga, sula n-imíodh an sprid agus an t-anam uilig astu.

Ansin, théadh Pádraic Shéamuis Mhóir chun bóthair aríst agus a bhróga tairní ag fógairt tús le Nollaig eile. Nollaig an ghasúir, fuaimeanna na mbróg, an draíocht, scaladh na gealaí ar an domhan mór agus na Beanna Beola ag bun na spéire. Cá ndeachaigh sé uilig, tuige ar éirigh an bóthar corrach agus casta?

Ach sa gcroí a bhíonn an Nollaig is fearr; bíonn beocht sna haislingí, athbheochan ar an draíocht, agus fothram fanta go domhain san intinn – ar nós bróga tairní ag baint píosa as bóthar tuaithe.

Bróga tairní ag baint teach na comharsan amach, coisméig in ndiaidh coisméige, fuaim na Nollag i gConamara, tráth dá raibh.

Fág freagra ar 'Bróga tairní agus oíche Nollag i gConamara'

  • Mairéad Ní Nuadháin

    Píosa álainn a Mháirtín. Mairéad

  • Jackie Mac Donncha

    Cuimhnî geala i ndúluachair an Gheimhreadh. Nár laga Dia thú a Mháirtín.

  • Mártan

    ‘Jordans’s (nó Jurdan’s, mar a deirtí é) a thugtaí i gCois Fharraige ar na bròga tarnaí mar go mba é sin an t-ainm a bhí os cionn an dorais sa siopa i gCathair na Gaillimhe ina gceannaítí a mbunáite.