Tabharfar aitheantas i rannóg nua ag Gradaim NÓS do cheoltóirí a bhíonn ag canadh go dátheangach – i mBéarla agus i nGaeilge. Beidh Gradaim NÓS na bliana seo chugainn á reáchtáil san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste ar an 21 Feabhra 2025.
Tá gradaim ar fáil i naoi gcatagóir i mbliana: Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol), Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta), Físeán na Bliana, Ealaín Albaim na Bliana, Ceoltóir Aonair na Bliana, Banna na Bliana, Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí, agus Amhrán Dátheangach na Bliana.
Dúirt eagarthóir NÓS, Conor Torbóid, le Tuairisc gur theastaigh ón iris “aitheantas” a thabhairt do na hamhráin nua atá á n-eisiúint nach bhfuil “go huile is go hiomlán as Gaeilge”.
“Tá na hamhráin dhátheangacha ag teacht i réim le cúpla bliain anuas agus ba mhaith linn aitheantas ar leith a thabhairt dóibh sin agus iad a scaradh ó na hamhráin lán-Ghaeilge sna Gradaim.”
Caithfidh ar a laghad 25% de liricí na n-amhrán dátheangach a bheith i nGaeilge agus má tá amhrán le hainmniú sa gcatagóir ‘Amhrán na Bliana’ caithfidh 75% ar a laghad de na liricí a bheith i nGaeilge.
“Tá go leor den cheol atá ag teacht amach faoi láthair dátheangach. Tá giotaí Gaeilge ann, seans nach bhfuil an Ghaeilge sa spotsolas sna hamhráin sin, ach ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don iarracht. Tarlaíonn sé ón dá thaobh – ceoltóirí ‘Béarla’ atá ag iarraidh an Ghaeilge a shníomh isteach ina gcuid ceoil agus ceoltóirí ‘Gaeilge’ a bhíonn ag úsáid liricí Béarla.”
Dúirt sé gur thosaigh Kneecap amach le ceol lán-Ghaeilge ach go bhfuil amhráin dhátheangacha ag teacht uathu le tamall, go háirithe agus iad ag oibriú le ceoltóirí eile.
“Tá cáil agus stádas na Gaeilge ag dul i méid agus tá tuilleadh ceoltóirí a bhfuil Béarla acu ag iarraidh an teanga a fhoghlaim agus a shníomh isteach ina gcuid ceoil,” a dúirt sé.
Dúirt Torbóid go raibh tuairimí éagsúla ag bord moltóireachta Ghradaim NÓS faoin méid Gaeilge a chaithfeadh a bheith in amhrán lena chur san áireamh mar ‘amhrán dátheangach’ agus é a cháiliú don chatagóir nua.
“Bhí cúpla tuairim éagsúil ann maidir leis an íosmhéid Gaeilge. Bhí orainn cinneadh a dhéanamh agus ghlac muid leis an 25%. Caithfidh 75% d’amhrán a bheith i nGaeilge le cáiliú don chatagóir eile, Amhrán na Bliana,” a dúirt sé.
Rinneadh cinneadh eile i mbliana dhá chatagóir ar leith a dhéanamh den chatagóir aonair ‘Banna/Ceoltóir na Bliana’ a bhíodh ann roimhe seo. Bronnfar gradam amháin ar cheoltóir aonair agus gradam eile ar bhanna ceoil nó ar ghrúpa ceoltóirí.
Anuraidh, ainmníodh an gradam don cheoltóir/banna ceoil nua, ‘Nuatheachtaí na Bliana’, as an gcraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí, a bhásaigh i bhfómhar na bliana 2023.
Dúirt Torbóid go bhfuil “go leor ainmniúchán” tar éis teacht isteach trí fhoirm ainmniúcháin Ghradaim NÓS ar shuíomh na hirise cheana féin ach go bhfuil sé ag súil go dtiocfaidh roinnt mhaith eile isteach roimh an spriocdháta, an 3 Eanáir 2025. Fógrófar gearrliosta na ngradam ag tús mhí Feabhra agus beidh an ócáid bhronnta ar siúl i mBéal Feirste ar an 21 Feabhra.
“Is ionad iontach é an Oh Yeah Music Centre le haghaidh an cheoil, bíonn siad ag tacú go mór le ceoltóirí áitiúla. Tá lucht an ionaid féin ag súil go mór leis, ní bhíonn ócáidí mar seo acu chomh minic sin. Táimid go fóill ag socrú na dtaibheoirí a bheidh ar an ardán ar an oíche ach is oíche mhór cheoil agus cheiliúrtha a bheidh ann.
“Tá go leor ainmniúchán tagtha isteach cheana féin ó cheantair éagsúla ar fud na tíre – fuaireamar go leor ó chúige Mumhan agus ó chúige Uladh. Bhí cúpla ceann ann ó Chonnachta fosta, mar sin beidh line-up deas againn ar an oíche,” a dúirt sé.
Níl ticéid ar fáil don searmanas bronnta go fóill ach beidh siad ar fáil go luath sa bhliain nua.
Fág freagra ar 'Gradam d’amhráin dhátheangacha tugtha isteach ag gradaim cheoil Ghaeilge '