Alan Titley
LeabhairComhar
Ní gá dom Alan Titley, a chur in aithne duit: úrscéalaí, drámadóir, staraí, criticeoir liteartha, colúnaí seachtainiúil, craoltóir, aistritheoir, file, fáidh, fear seoigh, agus má chuirim an leabhar is déanaí seo dá chuid, Scéalta Nollag, san áireamh, is amhlaidh gur soiscéalaí is ea an Corcaíoch seo: tá téacs breise, an cúigiú soiscéal, curtha aige leis an Tiomna Nua.
Is liosta rófhada líon a chuid saothar len iad go léir a lua anseo. Tá úrscéalta agus leabhair ghearrscéalta curtha amach aige, Tá an cnuasach snasta againn uaidh, Rabhadh Dánta, ar dhúshlán é d’fhilí a cheap nach raibh ann ach scríbhneoir próis. Tháinig úrscéal eile dar teideal An Bhean Feasa uaidh, a bhfuil de cháil air gurb é an dán is faide i nualitríocht na Gaeilge é. Thuill na drámaí Tagann Godot agus An Ghráin agus an Ghruaim cáil dó mar dhrámadóir cumasach.
Is fada an lá ó léigh mé féin na húrscéalta tosaigh leis, Méirscrí na Treibhe agus Stiall Fial Feola. Bhí gaisce sóisialta agus scéinséireachta déanta cheana féin aige. Agus má deirim féin é, bhraitheas an mórtas cine úd a bhraitheann Corcaíoch, nuair a fheiceann sé Corcaíoch eile ag déanamh go maith – i mBaile Átha Cliath.
Bhaineas an-taitneamh as an leabhar is déanaí seo, Scéalta Nollag. Tugann sé faoi scéal na Nollag ar a bhealach sainiúil nuálach féin. Ní trí shúile Naomh Lúcás nó Maitiú nó Marcas a fheicimid scéal na Nollag ach trí shúile na bó, nó an asail, nó trí shúile Naomh Seosamh féin, agus cuireann Alan Titley a theachtaireacht féin abhaile orainn le cúnamh na bhfabhalscéalta nua-aoise a chumann sé thart ar an seanscéal síor-nua.
Sé atá sa chéad leath den leabhar ná breis is dhá dhosaen scéalta beaga a bhreac Alan don Irish Times thar na blianta. Agus ná bíodh aon léitheoir anseo scanraithe, sceimhlithe má tá cáil na bhfocal ar ár n-údar. Scéilíní beoga bíogúla atá á ríomh anseo ar ghnéithe den saol comhaimseartha. Más tuairiscí simplí iad ar an gcéad léamh, baintear úsáid as bunchreat scéal Bheithil agus Nazarat, agus úsáidtear an bunchreat ar bhealach úr samhlaíoch chun geit nuathuisceana a bhaint asainn.
Agus más fantaisíocht atá ar bun aige tá sé ina mháistir ar chiútaí na ceirde. Cuireann sé beocht sa scríbhneoireacht le mionsonraí réalaíocha agus le húire samhlaíochta. In ainneoin, mar sin, gurb é an buntéama céanna atá mar bhonn leis an gcuid is mó de na scéilíní atá anseo, agus nach bhfuil thar thrí leathanach sa chuid is mó ar fad acu, éiríonn leis cuid mhaith a rá faoin saol atá againn.
Tá truailliú na Nollag ag an tomhaltachas nua-aoise á aoradh anseo aige. Giorróidh mé dhá leathanach den scéilín ‘An Nollaig ar Feadh na Bliana’.
Bhí baile ann uair amháin i dtír áirithe nach féidir a ainmniú ach b’fhéidir go n-aithneofaí é. Ba ghnách leo gan soilse na Nollag a lasadh go dtí tosach na míosa sin. Thug siad faoi deara, áfach, go raibh bailte eile lámh leo siúd agus chromaidís ar chomóradh na Nollag uair éigin i lár na Samhna.
Chuir sé buairt éigin ar bhurgairí agus ar aos trádála an bhaile. Tionóladh cruinniú. Tháinig na cócairí agus na coinnleoirí, na búistéirí agus lucht díolta bréagán, na siopaí a dhíoladh leabhair uair amháin sa bhliain nuair a bhí bronntanais ag teastáil ó dhaoine nár léigh leabhar riamh.
Leanann an scéal ar aghaidh nó go ndúirt “fear a raibh lán leoraí de bháiblíní beaga plaisteacha aige nárbh fholáir dó iad a dhíol”.
“Molaim,” ar seisean, “go gcuirfimis tús leis an Nollaig ag deireadh na Samhna.” Ní dóigh liom go bhfuil sin maith go leor, arsa giolla eile: “Cad mar gheall ar thosnú oíche Shamhna?”
Bhuel, deir lucht faisnéise liom go bhfuil soilse na Nollag in airde i Sráid na Siopaí sa Ghaillimh fadó riamh, ach ní bhaineann san lenár scéal. Nó an mbaineann?
Aor mar an gcéanna atá sa scéilín ‘Gan aon Slí’, mar a shoiléirítear an bealach ina bhfuil mugadh magadh déanta den bhféile Chríostaí ag an tomhaltachas nua-aimseartha. Ní loitfidh mé an speach atá sa scéal oraibh.
Bíonn ceist an fhoréigin faoi thrácht aige. Aor ar an tromchúis is ea an scéilín ‘Tuí agus Ór’, cuir i gcás. Nasctar ceist na n-imirceach leis an Nollaig sa scéal ‘Ag an gCrosbhóthar’, áit a dtugtar faoin bhfimínteacht i gcoitinne, agus sna scéilíní seo go léir is ábhar suime an t-aclú atá bainte as an teanga. Níl aon ní nach féidir a chur in iúl as Gaeilge, má scaoileann Titley faoi.
Fear grinn is ea an Toit-Laoch seo, gan dabht, fiú má bhíonn an greann beagán searbh ar uairibh. Scéilín a thaitin go mór liom, mar gheall ar na gathanna nimhe agus grinn atá tríd is ea ‘Focail gan Choinne’, áit a mbaineann sé gaisneas as a chuid taithí scoile chun teachtaireacht a chur abhaile orainn faoi na deacrachtaí is féidir a bheith ag múinteoir ranga bocht, nuair is gá aisteoirí óga éagsúla a roghnú le haghaidh dhráma beag na Nollag.
Saothar téagartha ar leith atá againn sa dara leath den leabhar. Úrscéal gearr, novella is ea ‘Lá Breithe’ a bhfuil ochtó éigin leathanach ann.
Mar a luann Alan féin, is amhlaidh a thug sé faoin mbearna mhistéireach a d’fhág Maitiú, Marc, Lúcás agus Eoin a líonadh, rud a dhein scríbhneoirí eile roimis. Ní raibh sé i gceist ag na soiscéalaithe féin “cuntas iomlán beathaisnéisiúil” a thabhairt ar bheatha Chríost. Níl puinn eolais againn i dtaobh Chríost ón tráth ar saolaíodh é go dtí tús a shaoil phoiblí, seachas go dtagraítear don ócáid amháin go bhfuarthas é “sa teampall i measc na n-ollamh ag éisteacht leo agus á gceisneamh”.
Ach isteach sa bhfolús seo de thríocha bliain nó níos mó a phreabann scríbhneoirí. Mar a luaigh an tAthair Ó Flatharta linn i gColáiste Bhréanainn fadó, bhí glaoch ar scéalta riamh anall ó dhaoine saonta naofa chun an bhearna eolais seo a líonadh, agus tá Alan Titley i mbun an ghnó so anois dúinn.
Ach tá sé ina bhun ar a bhealach eolasach machnamhach féin. Is léir an cúlra staire agus teanga a bheith ar a thoil aige. Tá a bhfuil i leabhar Bhreandáin Uí Dhoibhlin, Mac na hEabhraí, ar Chríost na Staire braite aige, mar shampla, agus cá bhfios cad eile.
Níor mhaith liom an scéal breá fada féin a lot. Tá eachtraí á gcumadh aige anseo chun folús a líonadh, ach is ar mhaithe le ceisteanna tuisceana agus intleachta a mhúscailt atá sé. Tá brí na beatha á plé aige, cúrsaí cogaíochta agus síochána, foinse an oilc, sotal na cumhachta, na heasnaimh a bhíonn ar an naofacht féin: an rogha bog é grá a thabhairt do Dhia, seachas don duine? Tá seo go léir curtha i gcrích le clisteacht chainte, le súgradh snasta samhlaíochta, le cumadóireacht ghlic agus leis an líofacht luaimneach a mbímid ag súil leis ón údar seo.
Ná scanraíodh An Toit-Laoch ná Godot féin sibh ón leabhar seo. Tá eolas, taithí agus léann á n-iompar go héadrom anseo, pé acu a bhfuil tagairtí staire, polaitíochta, nó cultúir i gceist. Tá an leabhar dea-scríofa agus as meon carthanach Críostaí a thagann sé. Ceannaígí é. Bainfidh sibh taitneamh as.
Fág freagra ar 'A leagan sainiúil nuálach féin de scéal na Nollag déanta ag an scothscéalaí Titley '