‘Go raibh achtanna láidre teanga ó dheas agus ó thuaidh againn in 2020’ – Éamon Ó Cuív

Sa tsraith seo caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2020 in éineacht le roinnt Gael aitheanta. Mar chlabhsúr ar an tsraith, is é an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív atá linn

‘Go raibh achtanna láidre teanga ó dheas agus ó thuaidh againn in 2020’ – Éamon Ó Cuív

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2020?

A bheith in am do chuile shórt.

2. Céard é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2020?

An toghchán, fáilteoidh muid roimh an deis toghchán a throid.

3.Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2020?

A bheith bliain níos sine.

4. Céard é an rud is mó ar mhaith leat a fheiceáil le linn 2020?

Achtanna láidre teanga ó dheas agus ó thuaidh, córas iompair poiblí maith ar fud na tíre agus go mbeadh áit chónaithe fheiliúnach ag gach duine sa tír.

5. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2020?

Go dtiocfar faoi dheireadh i ngleic leis an bhfadhb thithíochta sa tír.

6. Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2020 céard a d’athrófá?

An easpa ollmhór seirbhísí iompair poiblí, go mórmhór faoin tuaithe.

Fág freagra ar '‘Go raibh achtanna láidre teanga ó dheas agus ó thuaidh againn in 2020’ – Éamon Ó Cuív'