Go hiondúil is bean shéimh, chúirtéiseach í Ann-Marie, ach bhí bád ón Úcráin ag cur isteach orainn…

Is iad na Plurabelle Paddlers an chéad chlub báid dragain sa tír. Bunaíodh é agus aon aidhm amháin aige – deis aclaíochta agus tacaíochta a thabhairt do dhaoine a raibh ailse chíche orthu

Go hiondúil is bean shéimh, chúirtéiseach í Ann-Marie, ach bhí bád ón Úcráin ag cur isteach orainn…

An Fhoireann inDivonne-les-Bain

Bhí Ann-Marie ag screadaíl. ‘Fág an bealach! Tá sibh sa lána s’againne – amach libh ar an bpointe!’

Go hiondúil is bean shéimh, chúirtéiseach í Ann-Marie. Ach anois bhí bád de chuid na hÚcráine ag cur isteach orainn agus muid díreach réidh le dul i mbun rásaíochta. Lig sí béic eile aisti. Ghlanadar leo.

I lár an tsamhraidh 2016, bhí an club báid dragain, na Plurabelle Paddlers ag glacadh páirt i gComórtas Chraobh na gClub Eorpach i Divonne-les-Bains sa bhFrainc. Agus cé gur ghlac an club páirt in go leor comórtas ag baile agus thar lear roimhe sin, iománaíocht shinsir a bhí á himirt acu an lá seo.

Bhí foirne ann ó chuile chearn – An Rúis, An Bhreatain, Hong Cong, Iosrael, Ceanada, agus ár gcairde ón Úcráin. Agus bhí sé eagraithe chomh héifeachtach le hócáid mhíleata – lá amháin bhí rás 200 méadar ann gach cúig nóiméad.

Is iad na Plurabelle Paddlers an chéad chlub báid dragain sa tír. Sa bhliain 2010 a bunaíodh é agus anois tá clubanna ar fud na tíre ó Bhéal Feirste go Tír Chonaill, go Maigh Eo agus Corcaigh. Bunaíodh iad ar fad agus aon aidhm amháin acu – deis aclaíochta agus tacaíochta a thabhairt do dhaoine a raibh ailse chíche orthu. Dochtúir as Ceanada, an Dr Don McKenzie, a tháinig ar an gcoincheap ar dtús go ndéanfadh an cineál seo spóirt maitheas do dhaoine a raibh an galar orthu, toisc go mbraitheann sé cuid mhaith ar aclaíocht sa chuid uachtarach den chorp.

Chuaigh mise isteach sa chlub os cionn trí bliana ó shin, ar chuireadh ó bhean eile a bhí ag obair in éineacht liom. Bhí mé meallta ón gcéad lá. Téimid amach ag traenáil sa Duga i mBaile Átha Cliath faoi dhó sa tseachtain i rith an tsamhraidh agus uair amháin sa gheimhreadh. Amuigh ar an uisce, ní bhíonn tada ar d’intinn agat ach buillí na maidí rámha san uisce – agus an cupán caife sa chlubtheach i ndiaidh na traenála.

 

Bhí an comórtas in Divonne-les-Bains cosúil le Comórtas Craoibhe na gClubanna sa CLG – ach na cluichí ar fad ag tarlú in dhá lá. Bhí an t-atmaisféar cosúil le Rásaí na Gaillimhe ach na rásaí á rith ar loch, seachas ar ráschúrsa. Thángamar abhaile le slám bonn – dhá bhonn airgid agus bonn cré-umha. Agus cé go raibh catagóir ann do dhaoine a raibh ailse cíche orthu, chinneamar páirt a ghlacadh i gcatagóir na mban os cionn 40 bliain- daoine fuinniúla, láidre.

Is ar bhonn aoise a bhíonn na catagóirí roinnte amach- sin é an fáth go rabhamar ag meascadh le daoine éagsúla- fir mhóra théagartha (na hUngáraigh), buachaillí agus cailíní óga, mná óga agus mar sin de. Toisc go raibh gach duine acu ina gcatagóir féin, ní raibh siad ag tabhairt aon aird ar éinne eile…macasamhail mhuintir na hÚcráine thuas arís.

Agus cé go raibh gach éinne sa chlub  s’againne tinn ag tráth éigin, fós féin d’éirigh le scata acu áit a fháil ar an bhfoireann shinsir náisiúnta anuraidh. Ghlacadar páirt ar son na hÉireann i gcomórtas sa Róimh, áit ar bhuaigh an fhoireann bonn airgid agus bonn cré-umha. Tá súil acu dul thar lear arís go dtí Comórtas Ceannais na Náisiún Eorpach in 2018.

Beidh an chuid eile againn ag glacadh páirt sa bhFéile Mhór Idirnáisiúnta do Bháid Dragan, faoi choimirce an Choimisiúin Ailse Chíche, in Florence na hIodáile i mí Iúil 2018. Agus is gearr go dtosóidh an traenáil i ndáiríre dó sin!

Tá an-athrú tagtha ar Dhuga na Canála Móire ó thosaigh na Plurabelles ag traenáil ann seacht mbliana ó shin. Fuaireadar áit le haghaidh clubtheach in 2012 sa gcuid ba neamhfhorbartha den Duga. Is é an Duga an áit is mó forbairt agus is luachmhaire sa gcathair anois, toisc é a bheith chomh gar do lár na cathrach.

Tá Airbnb ann, tá Facebook ann, tá Accenture ann agus Amharclann Bhord Gáis freisin ann. Agus cé go bhfuil áit gar don Duga le tamall ag Google, is gearr go mbeidh siadsan ag tógáil seilbh freisin ar Shean-Cheannáras Dev le linn 1916- Muileann Uí Bheoláin gar go maith dó. Is ann a bheas forbairt mhór oifigí agus árasán. Go deimhin beidh ainm nua air- Bolands’ Quay. Stair agus nua-theicneolaíocht in aon áit amháin.

I gcúinne eile ansin tá Surfdock, áit le haghaidh ‘paddláil (céaslóireacht) i do sheasamh’ (SUP) ar chlár toinne, i gcúinne eile tá an Viking Splash- an dream sin a théann thart ar Bhaile Átha Cliath i bhfeithiclí móra buí agus isteach san uisce leo ar deireadh. Agus ag breathnú go maorga ar an aicsean seo ar fad, tá an Naomh Éanna agus í ag titim, diaidh ar ndiaidh, as a chéile le meirg.

Is beag a cheap mé nuair a chuaigh mé go hÁrainn uirthi fadó an lá, ó Choláiste Chonnacht sa Spidéal, go mbeinn ag castáil léi gach seachtain agus mé ag dul amach ar an uisce in aice léi i mBaile Átha Cliath. Níor cheap ceachtar againn go gcríochnóimis suas anseo!

Fág freagra ar 'Go hiondúil is bean shéimh, chúirtéiseach í Ann-Marie, ach bhí bád ón Úcráin ag cur isteach orainn…'