Gníomh ón bhFeidhmeannas ag teastáil má tá Loch nEathach le tabhairt slán ón mbás

Deir rialtas Stormont gur tosaíocht é go bhfaighfí leigheas ar an truailliú atá déanta ar an loch ach is beag atá bainte amach

Gníomh ón bhFeidhmeannas ag teastáil má tá Loch nEathach le tabhairt slán ón mbás

Buille mór é go bhfuil algaí gormghlasa feicthe i Loch nEathach cheana féin i mbliana. Duine a bhí ag siúl sa cheantar a thug faoi deara é. Thóg sé grianghraf a seoladh chuig an suíomh Bloomin’ Algae a dhearbhaigh gurbh é an baictéar truaillithe é a scaip ar fud an locha ar fad gach samhradh le trí bliana anuas.

Tosaíocht ag an bhFeidhmeannas in Stormont is ea leigheas an locha ach fearacht go leor aidhmeanna práinneacha eile is beag atá bainte amach. Tá an truailliú ag dul in olcas go seasta agus lucht feachtais ag fógairt nach mbeidh biseach i ndán don áis stairiúil, luachmhar má dhéantar a thuilleadh moille. Nuair a deir roinnt go bhfuil an loch i mbaol báis deir mórán gur baolach go bhfuil sé básaithe.

Anuraidh den chéad uair frítheadh tocsainí in éisc sa loch. Contúirt ollmhór is ea é sin don iascach eascann, cuid dhílis de chultúr agus d’eacnamaíocht an phobail cois locha leis na céadta bliain. Tionscal mór ab ea é agus cáil idirnáisiúnta air faoi cheannas chomharchumainn a rinne gach iarracht a chinntiú go mbeadh sé inmharthana; bhí siad bródúil as gurb iadsan, iascairí Loch nEathach an t-aon dream san Eoraip a sholáthair an eascann fhiáin dhonn. B’in go dtí an samhradh seo caite nuair a chuir siad bac ar an iascach mar gheall ar an truailliú agus caighdeán an éisc. Ní údar uchtaigh dóibh an truailliú a bheith le sonrú chomh luath seo i mbliana.

Ionad turasóireachta is ea an loch freisin agus láthair fóillíochta do bhádóirí, iascairí agus lucht spóirt uisce, snámh go speisialta. Áis é don bpobal máguaird – as contaetha Aontroma, Thír Eoghain, deisceart Dhoire agus tuaisceart Ard Mhacha. Anuraidh tugadh foláireamh do dhaoine gan a dhul ag snámh mar nach raibh sé sábháilte; d’éireodh roinnt tinn, bhainfeadh greannú craicinn do dhaoine ach is d’eallach agus don bhfiadhúlra is mó an chontúirt. Ina theannta sin, is ó Loch nEathach a thagann 40% d’uisce poiblí an réigiúin, Béal Feirste san áireamh. Deirtear go bhfuil an t-uisce sábháilte ach is iomaí duine atá imníoch.

Tá a fhios ag cait an bhaile cad is cúis leis an truailliú, insíonn nítrigin agus fosfar san uisce an scéal. Tagann siad ó oibreacha séarachais, fuíolluisce seipteach, talmhaíocht agus ó dhramhaíl thionsclaíoch. Ar an drochuair ní ghearrtar pionós ar fhormhór na dtruaillitheoirí. De réir tuairisce san Irish News leathbhliain ó shin níor gearradh fíneáil ach ar 16% díobh sin ba shiocair le heachtraí truaillithe sna cúig bliana go dtí sin.

Tá sé sin do-ghlactha. Is fíor don Aire Talmhaíochta agus Timpeallachta, Andrew Muir, ó pháirtí Alliance, gur gá do gach roinn sa bhFeidhmeannas agus do na páirtithe go léir tacú go gníomhach lena phlean chun a dhul i ngleic leis an truailliú. Admhaíonn se go dtógfaidh an obair sin blianta. Mar chéad chéim áfach ní mór dó féin agus a roinn a chinntiú go n-íocfaidh an truaillitheoir an téiléireacht. Teachtaireacht éifeachtach a bheadh ansin go bhfuiltear dáiríre faoin loch is mó sa tír agus locha eile agus aibhneacha a shábháil do na glúnta a d’fhéadfadh leas agus aoibhneas a bhaint astu amach anseo.

Fág freagra ar 'Gníomh ón bhFeidhmeannas ag teastáil má tá Loch nEathach le tabhairt slán ón mbás'