Tugadh cuireadh d’ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall freastal ar Lá na nGael i Londain i mbliana den chéad uair riamh.
Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Róise Ní Laifeartaigh agus Clíona Ní Ghallachóir ó Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall; Joe Ó Ceallaigh, Leabharlannaí Feidhmiúcháin le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall agus Michelle Nic Pháidín, Oifigeach Pleanála Teanga Thuaisceart Dhún na nGall.
Bhain siad Londain amach ar an Satharn agus rinne siad a mbealach go Páirc Thír Chonaill, Greenford, maidin Dé Domhnaigh lena seastán a shocrú, áit a raibh Preab-Ghaeltacht á reáchtáil acu le linn an lae. Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall, an tSeirbhís Leabharlainne agus Foras na Gaeilge urraíocht ar na féiríní in aisce a bhí le fáil ag an seastán.
Tharraing na mílte ar Lá na nGael a bhí ar siúl idir 10am agus 5pm agus ba mhór an pléisiúr a bhí ann don cheathrar labhairt le roinnt den scaifte a bhí i láthair. Seo daoine de bhunadh Dhún na nGall agus níos faide i gcéin atá ag cur fúthu anois i Londain.
“Cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus sa chultúr ag cur fúthu i Londain, ach níl aon amhras orm ach go raibh lúcháir orthu an deis a fháil a dteanga dhúchais a labhairt agus sult a bhaint as a n-oidhreacht agus as a gcultúr le dream ón bhaile” a dúirt Michelle Nic Pháidín.
Ghlac Eileen Sabur, arb as Na Dúnaibh ó dhúchas di, páirt sa Phreab-Ghaeltacht agus bhronn Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall leabhar Gaeilge ar Layla – gariníon le hEileen a bhí ina cuideachta ar an lá.
“Is cainteoir dúchais í Eileen agus cuideoidh an leabhar seo léi an Ghaeilge a chur chun cinn i saol a gariníne i Londain. Tá réimse leathan acmhainní Gaeilge le fáil ar ár suíomh gréasáin do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí as gach cearn den domhan agus bhí lúcháir orainn an méid seo a roinnt le daoine ar an lá,” a dúirt an tUasal Ó Ceallaigh.
Chuir Clíona críoch leis an lá le cúpla amhrán ar an sean-nós sa phuball fáilteachais.
‘Sí teanga labhartha ár sinsear í!’
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tugadh cuireadh d’ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall freastal ar Lá na nGael i Londain i mbliana den chéad uair riamh.'