GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tairseach Oidhreachta Thiobraid Árann

Tairseach Oidhreachta Thiobraid Árann Anseo i dTiobraid Árann, tá an t-ádh linn a bheith timpeallaithe ag oidhreacht shaibhir ilchineálach. Is é an sainmhíniú a thugtar ar an Oidhreacht in Acht na hOidhreachta 1995 ná “Séadchomharthaí, réada seandálaíochta, réada oidhreachta, oidhreacht ailtireachta, flóra, fána, fiadhúlra, gnáthóga, tírdhreacha, muirdhreacha, longbhristeacha, geolaíocht, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, uiscebhealaí intíre.” […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tairseach Oidhreachta Thiobraid Árann

Tairseach Oidhreachta Thiobraid Árann

Anseo i dTiobraid Árann, tá an t-ádh linn a bheith timpeallaithe ag oidhreacht shaibhir ilchineálach.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar an Oidhreacht in Acht na hOidhreachta 1995 ná “Séadchomharthaí, réada seandálaíochta, réada oidhreachta, oidhreacht ailtireachta, flóra, fána, fiadhúlra, gnáthóga, tírdhreacha, muirdhreacha, longbhristeacha, geolaíocht, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, uiscebhealaí intíre.”

Is í seo ár n-oidhreacht inláimhsithe, tá sí mórthimpeall orainn agus is cúlra amhairc í don saol anseo i gcontae Thiobraid Árann. Ní hamháin sin, ar ndóigh, ach tá saibhreas oidhreachta neamh-inláimhsithe ann freisin sna nósanna, na traidisiúin, na cluichí, na hamhráin agus an béaloideas atá againn.

Is é ról na hOifige Oidhreachta “feasacht a mhúscailt ar an oidhreacht shaibhir atá againn, meas a chur chun cinn ina leith agus í a chosaint agus a fheabhsú do na glúine atá le teacht”.

Seoladh Oidhreacht Thiobraid Árann i mí Márta 2025 agus is é atá i gceist léi cartlann ar líne do phobail i gcontae Thiobraid Árann. Tá suíomh gréasáin cartlainne digití forbartha ag oibrithe deonacha ó gach pobal chun stair agus oidhreacht a gceantar áitiúil agus a muintire a thaispeáint, ón am atá caite agus an t-am i láthair araon.

Faigh amach faoi bhailiúcháin staire áitiúla agus aimsigh ailt uathúla, grianghraif, cáipéisí, stair bhéil agus scéalta pearsanta. Táimid ag obair le chéile chun oidhreacht shaibhir thógtha, nádúrtha agus chultúir Chontae Thiobraid Árann a thaifeadadh agus a dhéanamh inrochtana. Tugaimid cuireadh duit páirt a ghlacadh trí do chuid faisnéise, scéalta agus grianghraif a chur leis.

Ní hamháin go nglacfar le hábhair ó rannpháirtithe éagsúla, ach moltar go mór go dtabharfar iaddon chartlann freisin. Tá sé éasca faisnéis a uaslódáil trí dhul chuig leathanach baile an phobail chuí. Cliceáil ‘Cuir Leis’ ag barr an leathanaigh chun foirm ar líne a oscailt inar féidir leat cáipéisí, íomhánna agus físeáin a uaslódáil. Mar mhalairt air sin, tá seoladh ríomhphoist tiomnaithe ag gach pobal ionas gur féidir leat teagmháil a dhéanamh leo go héasca.

Is comhalta í an chartlann phobail seo de Ghréasán Cartlainne Pobail na hÉireann (iCAN), tionscnamh de chuid Ard-Mhúsaem na hÉireann, a dtacaíonn an Chomhairle Oidhreachta go comhpháirteach leis agus a sheachadtar i gcomhpháirtíocht le hOifig Oidhreachta Chomhairle Contae Thiobraid Árann.

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as breathnú ar an suíomh gréasáin ar https://heritagetipperary.org/ nó go mbreathnóidh tú ar an suíomh gréasáin níos ginearálta ar https://www.ouririshheritage.org/

In 2025, beidh an bhéim ar an suíomh a chur chun cinn ach beidh muid ag cuartú ball nua in 2026 agus tá súil againn líon na gcartlann pobail a ardú go 10 gcartlann. Más rud é go bhfuil baint agat le grúpa agus gur mhaith leat ábhar a chur leis an tionscadal nó má tá eolas agat ar ghrúpa ar mhaith leo páirt a ghlacadh, is féidir fiosruithe a dhíriú ar an Oifig Oidhreachta. Más mian leat teagmháil a dhéanamh le ceann ar bith de na pobail a bhfuil ábhar uathu ar an suíomh gréasáin, téigh chuig leathanach baile an phobail agus cliceáil ‘déan teagmháil linn’.

Má tá tuairimí nó ceisteanna agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn. Is iad na bealaí is fearr chun teagmháil a dhéanamh linn ná ríomhphost a sheoladh chuig Oifigeach Oidhreachta Chontae Thiobraid Árann ar heritage@tipperarycoco.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tairseach Oidhreachta Thiobraid Árann'