Ceiliúradh a dhéanamh ar thríú comóradh bliana an RV Tom Crean

Le trí bliana anuas, chaith an RV Tom Crean 864 lá ar muir, agus 103,192 míle farraige curtha siar aige – is ionann sin agus beagnach 20 turas cruinn ó Ghaillimh go Nua-Eabhrac agus ar ais

Ceiliúradh a dhéanamh ar thríú comóradh bliana an RV Tom Crean

RV Tom Crean. Pic: Andrew Downes, xposure

Déanann Foras na Mara tríú comóradh bliana a shoitheach taighde úrscothach, an RV Tom Crean. Ó tháinig an RV Tom Crean i dtír i gCuan na Gaillimhe an 18 Iúil 2022,  bhíothas in ann Foras na Mara a chumasú chun suirbhéanna ríthábhachtacha a dhéanamh a chuireann le seasamh na hÉireann mar cheannaire ó thaobh na heolaíochta muirí.

Le trí bliana anuas, chaith an RV Tom Crean 864 lá ar muir, agus 103,192 míle farraige curtha siar aige – is ionann sin agus beagnach 20 turas cruinn ó Ghaillimh go Nua-Eabhrac agus ar ais! I measc na ngníomhaíochtaí taighde mara a dhéantar ar bord na loinge áirítear suirbhéanna measúnaithe stoic éisc, mapáil ghrinneall na farraige lena n-áirítear pleanáil spásúil mhuirí, staidéir ar aeráid na farraige, agus monatóireacht chomhshaoil. Chomh maith leis sin, d’fheidhmigh an soitheach mar ardán oiliúna do mhic léinn ó institiúidí Éireannacha, ag tacú le forbairt an chéad ghlúin eile d’eolaithe mara.

A bhuí leis an RV Tom Crean, tá clár mapála ghrinneall na farraige in Éirinn, INFOMAR, in ann 20,135 ciliméadar cearnach de ghrinneall na farraige sa Mhuir Cheilteach agus san Aigéan Atlantach a mhapáil – achar atá níos mó ná Cúige Laighean ar fad. Thar 234 lá suirbhéireachta ar bord an tsoithigh, tá INFOMAR tar éis grinneall farraige na hÉireann a mhapáil go cuimsitheach, rud a chuireann lenár dtuiscint ar ár gcríoch mhuirí.

“Agus an RV Tom Crean ag comóradh a thríú bliain seirbhíse, leanann sé de ról lárnach a imirt i gcur chun cinn na heolaíochta mara in Éirinn,” a dúirt an Dr Rick Officer, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara. “Leis na cumais úrscothacha atá aige agus saineolas a chriú agus a eolaithe tiomanta, cuireann an soitheach ar chumas na hÉireann taighde den scoth a dhéanamh – ag doimhniú ár dtuiscint ar an aigéan, agus ag soláthar an eolais ríthábhachtach atá riachtanach chun ár n-acmhainn luachmhar mara a bhainistiú go hinbhuanaithe.”

I mí Lúnasa 2024, cuireadh uirlis nua braite cianda in situ, an Imaging Flow Cytobot, ar an RV Tom Crean le linn suirbhé bliantúil cósta fíteaplanctóin Fhoras na Mara. Is féidir leis an ionstraim sin suas le 10,000 speiceas planctóin a íomháú in aghaidh an tsampla uisce farraige agus íomhánna a tharchur beagnach i bhfíor-am chuig saotharlann Fhoras na Mara. Cuireann sé seo go mór le cumas Fhoras na Mara imeachtaí Bláth Algach Díobhálach a bhrath agus a bhreathnú amach ón gcósta, rud a chuireann ar a chumas rabhaidh roimh ré a thabhairt d’oibríochtaí dobharshaothraithe.

RV Tom Crean ag teacht isteach go Gaillimh. Pic: Andrew Downes, xposure

D’oscail an RV Tom Crean don phobal i mí na Bealtaine 2025, le haghaidh fhéile Laethanta Muirí na hEorpa le Súgradh i gCuan Chorcaí. Chuaigh breis is 4,500 duine ar bord chun an soitheach taighde a iniúchadh agus labhairt le heolaithe faoin taighde a rinneadh ar muir.

Rianaigh suíomh shoithí taighde Fhoras na Mara ar marine.ie. Chun nuashonruithe a fháil ar na suirbhéanna taighde arna n-éascú ag soithí taighde mara na hÉireann, lean blag Scientist@Sea Fhoras na Mara, @MarineInst ar X, @MarineInstitute ar Facebook, @MarineInstituteIreland ar Instagram agus @MarineInstitute ar LinkedIn.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh a dhéanamh ar thríú comóradh bliana an RV Tom Crean'