GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Maoirseacht Dócmhainneachta agus Cuntasacht Stiúrthóirí: Ról Cosanta Poiblí an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach le Cathy Shivnan

Tábhacht na Maoirseachta Dócmhainneachta Gné dhosheachanta den saol eacnamaíoch is ea go dteipeann ar ghnólachtaí. Le prionsabal an dliteanais theoranta, spreagtar agus éascaítear an fhiontraíocht, an infheistíocht agus an cruthú post, agus cuirtear cosaint ar fáil dóibh siúd a ghlacann rioscaí tráchtála. Chun mí-úsáid na pribhléide suntasaí sin a chosc, foráiltear le hAcht na gCuideachtaí, […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Maoirseacht Dócmhainneachta agus Cuntasacht Stiúrthóirí: Ról Cosanta Poiblí an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach le Cathy Shivnan

Cathy Shivan

Tábhacht na Maoirseachta Dócmhainneachta

Gné dhosheachanta den saol eacnamaíoch is ea go dteipeann ar ghnólachtaí. Le prionsabal an dliteanais theoranta, spreagtar agus éascaítear an fhiontraíocht, an infheistíocht agus an cruthú post, agus cuirtear cosaint ar fáil dóibh siúd a ghlacann rioscaí tráchtála. Chun mí-úsáid na pribhléide suntasaí sin a chosc, foráiltear le hAcht na gCuideachtaí, 2014, do shásraí láidre chun pionóis a fhorchur ar stiúrthóirí cuideachta a bhfuil a n-iompar faoi bhun na gcaighdeán riachtanach. Tá trí phríomhbhealach forfheidhmiúcháin á bhfeidhmiú ag an Stiúrthóireacht um Maoirseacht Dócmhainneachta san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach: maoirseacht ar chomhlíonadh na ndualgas reachtúil ag leachtaitheoirí, cuntasacht na stiúrthóirí cuideachta aonair a chinntiú, agus caingean a thionscnamh i gcoinne stiúrthóirí a ligeann do chuideachtaí dócmhainneacha a bheith á mbaint den Chlár.

Na Dualgais Tuairiscithe atá ar Leachtaitheoirí, agus Cuntasacht Stiúrthóirí

Ní mór do gach leachtaitheoir a cheaptar do chuideachta dhócmhainneach tuarascálacha a chur faoi bhráid an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi alt 682 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Ceanglaítear sna tuarascálacha sin imthosca dhócmhainneacht na cuideachta a leagan amach agus ceanglaítear ar leachtaitheoirí measúnú a dhéanamh i dtaobh ar ghníomhaigh stiúrthóirí go macánta agus go freagrach agus iad i mbun a ndualgas. Mura féidir le stiúrthóirí iompar macánta agus freagrach a léiriú, tá dualgas ar leachtaitheoirí a lorg go srianfaí na stiúrthóirí sin ar feadh tréimhse éigeantach cúig bliana. Déanann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach athbhreithniú ar gach tuarascáil, agus cinneann sé ar cheart faoiseamh ón dualgas sin a dheonú don leachtaitheoir. I gcás go ndiúltaítear faoiseamh, ní mór do leachtaitheoirí imeachtaí Ard-Chúirte a thionscnamh i gcoinne na stiúrthóirí iomchuí laistigh de dhá mhí. Déantar dlúthfhaireachán ar chomhlíonadh na ndualgas reachtúil sin agus, i gcás gur gá, tionscnaítear caingean i gcoinne leachtaitheoirí a mhainníonn tuarascálacha a chomhdú nó a mhainníonn bearta a dhéanamh chun stiúrthóirí a shrianadh laistigh de na tréimhsí ama riachtanacha.

Srianadh agus Dícháiliú: Bearta Cosanta Poiblí

Le srianadh, cuirtear cosc ar dhuine gníomhú mar stiúrthóir cuideachta mura gcomhlíonann an chuideachta ceanglais áirithe caipitlithe íosta (i.e., €100,000 i gcás cuideachtaí príobháideacha agus €500,000 i gcás cuideachtaí poiblí teoranta). Is beart é sin atá ceaptha chun creidiúnaithe agus an pobal i gcoitinne a chosaint. I gcás mí-iompar níos tromchúisí, foráiltear don smachtbhanna arb éard é dícháiliú, rud lena gcuirtear toirmeasc ar dhaoine aonair baint a bheith acu le haon chuideachta a fhoirmiú nó a bhainistiú, lena n-áirítear gníomhú mar stiúrthóirí nó róil eile a shealbhú amhail iniúchóir, comhairleoir próisis, scrúdaitheoir, glacadóir nó leachtaitheoir do chuideachta. Chun forfheidhmiú a chuíchóiriú agus chun costais a laghdú, tá córas gealltanas lena bhfuil bunús reachtúil i bhfeidhm ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, rud lena gceadaítear do stiúrthóirí glacadh leis an smachtbhanna arb éard é srianadh nó leis an smachtbhanna arb éard é dícháiliú gan aon cheanglas a bheith orthu imeachtaí a thionscnaítear ina gcoinne san Ard-Chúirt a chosaint. Is rud lándeonach é glacadh le gealltanas agus, a luaithe a ghlactar leis, tá an éifeacht dhlíthiúil chéanna ag gealltanas agus atá ag Ordú Cúirte. Dá bhrí sin, tá sé d’éifeacht ag an gcóras gealltanas costais stiúrthóirí a laghdú agus am luachmhar cúirte a shaoradh.

Sa bhliain 2024, thairg an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach 109 ngealltanas maidir le srian, ar glacadh le 81% díobh, agus thairg sé 25 ghealltanas maidir le dícháiliú, ar glacadh le 56% díobh. I gcás go ndiúltaíonn duine aonair glacadh le gealltanas (mar atá de cheart aige/aici), ordóidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach don leachtaitheoir dul ar aghaidh le hiarratas Ard-Chúirte ar shrian nó, mar mhalairt air sin, le hiarratas ar dhícháiliú má tá an leachtaitheoir tar éis teacht ar an tuairim gurb é dícháiliú an rogha is oiriúnaí, ag féachaint do na fíricí bunúsacha agus do na himthosca bunúsacha. Ba é an toradh a bhí air sin ná deich srian breise agus sé dhícháiliú le hOrdú cúirte sa bhliain 2024.

Príomhshonraí agus Príomhstaitisticí

Sa bhliain 2024, fuair an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach 984 thuarascáil ó leachtaitheoirí. Ba mhéadú 23% é sin i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin agus ba é an líon ab airde a fuarthas ó bhí an bhliain 2016 ann é. Tá an méadú sin ag teacht le foirceannadh thacaí ré na paindéime, amhail Scéim Stórasaithe Fiachais na gCoimisinéirí Ioncaim, agus le costais mhéadaitheacha ionchuir. I measc na n-earnálacha ba mhó a ndearnadh difear dóibh bhí an fáilteachas (21%), an mórdhíol agus an miondíol (18%), agus an fhoirgníocht (13%). Mar thoradh ar mheasúnú an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar na tuarascálacha sin, srianadh 98 stiúrthóir (a chlúdaigh 88 nduine aonair) agus dícháilíodh 20 stiúrthóir. Tá sé sin cothrom le méadú 44% ar an líon srianta agus le méadú 43% ar an líon dícháilithe i gcomparáid leis an mbliain 2023.

Cuideachtaí a Bhaintear den Chlár: Bealaí Éalaithe a Dhúnadh

I gcás go dtagann cuideachta chun bheith dócmhainneach, i.e., níl sí in ann a fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite, is é an gníomh cuí ná an chuideachta a leachtú, rud a fhágann go bhfoirceanntar í ar bhealach ordúil. Mar sin féin, déanann stiúrthóirí iarracht in amanna an fhreagracht sin a sheachaint tríd an gcuideachta a thréigean. Is gnách gurb é an toradh atá air sin ná go mbaintear an chuideachta de Chlár na gCuideachtaí as mainneachtain tuairisceáin a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí. In éagmais gníomhaíocht forfheidhmiúcháin, cuireann an mhainneachtain leachtaitheoir a cheapadh ar chumas stiúrthóirí grinnscrúdú ag leachtaitheoir agus an próiseas srianta a sheachaint, chomh maith leis an bhféidearthacht go ngearrfaí srianadh a sheachaint.

Déanann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach forfheidhmiú gníomhach in aghaidh an chleachtais sin, agus é ag próifíliú stiúrthóirí na gcuideachtaí a bhfuil dliteanais shuntasacha orthu agus a baineadh den Chlár go hainneonach. Féadfar stiúrthóirí do chuideachtaí den sórt sin a dhícháiliú ar feadh suas le cúig bliana mura gcuireann siad an chuideachta ar ais ar an gClár. Tairgfear gealltanas maidir le dícháiliú ar dtús, agus déanfar iarratas chuig an Ard-Chúirt ina dhiaidh sin mura nglacann an stiúrthóir/na stiúrthóirí leis. Cé go raibh forfheidhmiú sa réimse sin teoranta le roinnt blianta anuas mar gheall ar chlár na hOifige um Chlárú Cuideachtaí um chuideachtaí a bhaint den Chlár a bheith ar fionraí, méadóidh an cineál sin gníomhaíochta forfheidhmiúcháin a luaithe a atosófar an clár go hiomlán sa bhliain 2026.

Caighdeáin agus Comhlíonadh a Choinneáil ar Bun

Déanann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faireachán ar cháilíocht agus tráthúlacht thuarascálacha na leachtaitheoirí. Tháinig feabhas ar rátaí comhlíonta sa bhliain 2024 go 92% i gcás na gcéad tuarascálacha agus go 90% i gcás tuarascálacha ina dhiaidh sin, tar éis meabhrúcháin spriocdhírithe agus fógraí forfheidhmiúcháin a thabhairt. Maidir le leachtaitheoirí a mhainníonn an ceanglas chun tuarascálacha a chur isteach laistigh den tréimhse ama fhorordaithe a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach imeachtaí Ard-Chúirte a thionscnamh ina gcoinne chun comhlíonadh a chur faoi deara agus féadfar orduithe le haghaidh chostais na n-imeachtaí sin a dhéanamh ina gcoinne go pearsanta. Féadfar géarú ar bhearta forfheidhmiúcháin, amhail dícháiliú nó ionchúiseamh coiriúil, mar thoradh ar neamhchomhlíonadh leanúnach.

Conclúid

Trí na bearta seo, cinntíonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach nach féidir le stiúrthóirí a dhéanann drochbhainistiú ar chuideachtaí imeacht gan stró, agus go seasann leachtaitheoirí lena ndualgais reachtúla. A bhuí leis an obair sin, cosnaítear creidiúnaithe, fostaithe, agus an geilleagar i gcoitinne, rud a neartaíonn muinín as creat rialachais chorparáidigh na hÉireann, fiú in amanna anáis airgeadais.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Maoirseacht Dócmhainneachta agus Cuntasacht Stiúrthóirí: Ról Cosanta Poiblí an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach le Cathy Shivnan'