GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Ionad Óige na hÉireann ag dul ó neart go neart

Tugann Ionad Óige na hÉireann deiseanna do scoileanna teacht ar thuras lae nó turas dhá nó trí lá ionas go mbeidh deis ag na scoláirí tréimhse a bheith acu in áit ina mbeidh siad lántumtha sa Ghaeilge

GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Ionad Óige na hÉireann ag dul ó neart go neart

Tá Ionad Óige na hÉireann suite ar fhiche acra gar do Theamhair na Rí, i gContae na Mí.  Is Ionad lán-Ghaeilge é do dhaoine óga go príomha ach cuirtear ar fáil é d’eagraíochtaí Gaeilge ar mian leo imeachtaí a reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Ceannaíodh é go príobháideach le cur le hobair Choláiste agus Chumann na bhFiann. Tá an t-Ionad maoinithe go hiomlán ag Coláiste na bhFiann agus an t-airgead a dhéantar ó na Coláistí Samhraidh. Creideann Coláiste na bhFiann go bhfuil a leithéid d’Ionad riachtanach do dhaoine óga le hiad a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid go sóisialta taobh amuigh den scoil. Teastaíonn uainn normalú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge do dhaoine óga trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh i ngach réimse spéise a bhíonn acu. Teastaíonn uainn chomh maith go gcuirfidh siad aithne ar dhaoine óga eile trí mheán na Gaeilge agus muid ag súil go leanfaidh an cairdeas sin trí Ghaeilge.

Bunaíodh Coláiste na bhFiann caoga bliain ó shin agus gan acu ach cúrsa amháin i Ros Muc.  I mbliana beidh daltaí ag freastal ar thrí chúrsa dhéag i gceithre ionad éagsúil. Bíonn cúrsaí ar siúl anois i nGaeltacht Ráth Chairn i gcontae na Mí; i Ros Muc i gConamara agus i nGaoth Dobhair i gcontae Dhún na nGall. Bíonn cúig chúrsa ar siúl sa Cheannáras in Ionad Óige na hÉireann i gcontae na Mí chomh maith.

I measc na n-áiseanna in Ionad Óige na hÉireann tá hallaí siamsaíochta, Ionad Spóirt ina bhfuil cúirt chispheile idirnáisiúnta, cúirteanna liathróid láimhe agus scuaise. Ann chomh maith tá go leor seomraí ranga agus seomraí cruinnithe.  Tá bialann ann do 200 duine agus lóistín do 160 duine. I mbliana reáchtáladh Tóstal 50 san Ionad agus d’fhreastail os cionn 1000 duine ar an ócáid agus bhí an beárbaiciú lán-Ghaeilge is mó riamh ar siúl an lá sin.

Tugann Ionad Óige na hÉireann deiseanna do scoileanna teacht ar thuras lae nó turas dhá nó trí lá ionas go mbeidh deis ag na scoláirí tréimhse a bheith acu ina mbeidh siad lántumtha sa Ghaeilge.  An rud is suntasaí faoi seo ná go bhfaigheann na daltaí agus na múinteoirí amach go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge acu ná mar a thuig said.  Ní raibh in easnamh orthu ach deis í a labhairt i suíomh nádúrtha. Táimid go láidir den tuairim anseo go bhfuil a lán daoine óga go bhfuil Gaeilge acu ach nach dtuigeann sin riamh toisc easpa deiseanna a bheith acu í a labhairt taobh amuigh den scoil.

In 2014 ceapadh Cumann na bhFiann mar Cheann-Eagraíocht Gaeilge don Óige ag feidhmiú ar bhonn 32 contae. Tá obair Chumann na bhFiann á páirtmhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus cuireann Coláiste na bhFiann airgead ar fáil chomh maith. Faoi láthair tá 65 Óg-Chlub á reáchtáil ag Cumann na bhFiann gach seachtain ar fud na tíre. Tá thart ar 130 mac léinn Ollscoile mar fheighlithe ag na clubanna.  Is daoine iad na feighlithe seo a tháinig trí chóras cinnireachta na heagraíochta agus atá sásta a bheith ag obair leis na clubanna mar a bhí an ghlúin a chuaigh rompu.  Bíonn siad ina n-eiseamláirí ag na daltaí a bhíonn ag freastal ar na clubanna, agus iad ag súil go dtiocfaidh na daltaí sin ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.

Níl i gCumann na bhFiann ach céatadán fíorbheag den obair atá ag teastáil chun normalú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge do dhaoine óga na tíre. Creidimid go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath go hiomlán ar dhaoine óga.  Dá ndéanfaí infheistíocht réalaíoch sa réimse a bhaineann le húsáid na Gaeilge lasmuigh den scoil níl aon amhras ach go dtiocfadh méadú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bíonn gach iarracht a dhéantar le daoine óga a mhealladh le Gaeilge a labhairt lena gcairde in iomaíocht go hiomlán le gach uile rud agus deis atá ar fáil dóibh i mBéarla.

Bímis réalaíoch faoi.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FOGRAÍOCHTA: Ionad Óige na hÉireann ag dul ó neart go neart'