GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga sa tóir ar fhostaí breise

Beidh an té a cheapfar ag cuidiú le líon na gcainteoirí gníomhacha laethúla a neartú agus a bhuanú i gceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga sa tóir ar fhostaí breise

Tá Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR sa tóir ar fhostaí breise.

Foilsíodh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 faoi Nollaig 2010 agus ag  éirí as sin roinneadh na ceantair Ghaeltachta in 27 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) de thoradh Acht na Gaeltachta 2012. Tá an rialtas anois ag cur muinín sna pobail féin tabhairt faoin nGaeilge a bhuanú ar an mbealach a thuigeann an pobal sin is feiliúnaí dá gcuid ceantar féin.

Síneann LPT Chois Fharraige ó Ros a’ Mhíl go dtí na Forbacha agus is ar Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR a bronnadh an conradh le Plean Teanga an cheantair seo a réiteach agus a chur i bhfeidhm (www.coisfharraige.ie).

Líon na gcainteoirí gníomhacha laethúla a neartú agus a bhuanú sa limistéir ar fad é croí an phlean.

  neart bearta ilchineálacha ag díriú ar réimsí an tsaoil sa teaghlach, sa bpobal, san oideachas, sa saol sóisialta, sa gcaitheamh aimsire agus i gcúrsaí gnó  leagtha amach sa bplean seacht mbliana atá aontaithe idir an Fóram agus Údarás na Gaeltachta.  Tá buiséad €150,000 sa mbliain ag an bhFóram lena chur i bhfeidhm agus cead beirt a fhostú as an maoiniú sin.  Thosaigh  Katie Ní Loingsigh ar a cuid cúraimí mar Oifigeach Pleanála Teanga i dtús mhí Márta agus tá Oifigeach Cúnta le cúram i leith i réimse na hóige le ceapadh anois.

Aithníonn an Fóram go bhfuil bearnaí móra sa soláthar a déantar ar óige Chois Fharraige, in imeachtaí sóisialta go háirid.

Beidh an té a cheapfar ag tacú le bearta agus le himeachtaí óige ón gcliabhán go hollscoil. Beidh sé nó sí obair i bpáirt le grúpaí atá gníomhach cheana féin agus ag spreagadh grúpaí nua a bhfuil éileamh orthu.

Bheadh eolas agus taithí ar earnáil na hóige go háitiúil agus go náisiúnta  agus rannpháirtíocht in imeachtaí óige mar bhuntáiste ag aon duine a chuirfeadh isteach ar an bpost. In oifigí gTeic sa Spidéal a bheas an té seo lonnaithe ach beidh sé/sí amuigh go rialta i measc an phobail i gCois Fharraige ag tacú le grúpaí agus le heagrais atá ag cur imeachtaí óige chun cinn.

Is féidir tuilleadh sonraí faoin bpost a fháil ach glaoch ar 086-2732279 nó scríobh chuig ptchoisfharraige@gmail.com

Is féidir iarratas agus CV a sheoladh chuig ptchoisfharraige@gmail.com

An Rúnaí,
Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga CTR,
gTeic,
An Spidéal,
Co. na Gaillimhe.

Is é  an 12 Meitheamh 2020 an spriocdháta le cur isteach ar an bpost. 

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga sa tóir ar fhostaí breise'